Fuinneamh as an ghnáth
Tuairim is deich lá ó shin, thug an Taoiseach Enda Kenny cuairt ar chomhlacht i gCorcaigh a bhí le fógairt go raibh siad chun cúpla céad post nua a sholáthar. Mar a bheifeá ag súil ag ócáid den sórt seo, thug an Taoiseach píosa cainte.
De ghnáth, braitheann sé ar scríbhinn atá ullmhaithe ag státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath. De ghnáth, bíonn siad neamhléite – ní bhíonn sé éasca ar an té a léann amach iad agus ní bhíonn sé éasca ar na daoine a bhfuil orthu éisteacht leo ach oiread.
Ní aon ionadh é go mbíonn na scripteanna lán go béal le plámás agus cliché, gan áilleacht, gan dath, gan bhrí.
Ach, go hiondúil, braitheann an polaiteoir ar an script an méid céanna is a bhraitheann leanbh ar phluid chun sóláis.
An nath caite is ansa le Kenny faoi láthair ná a gheallúint – atá ráite agus athráite aige gach uile lá le bliain anuas – go bhfuil sé meáite go mbeidh Éire ar an tír bheag is fearr ar domhan ina ndéanfaí gnó faoin mbliain 2016.
Ach ba é an rud neamhghnách faoin ócáid i gCorcaigh ná nár bhac an Taoiseach leis an seanbhladar sa scríbhinn ach gur labhair sé as a sheasamh, óna chroí amach.
Bhuel, ní óráid Gettysburg a bhí ann ar aon chaoi agus níl mórán cosúlachta ar an scéal go gcuimhneofar ar an bprós san am atá le teacht.
Ní hé deis a labhartha an chloch is mó atá ar phaidrín Kenny.
Ag an am céanna, bhí rud éigin láidir sa bpíosa cainte – bhí idir fhuinneamh agus fhearg, mhothúchán agus theasaíocht, le brath inti. Go bunúsach, bhí sé ag bréagnú daoine a bhí ag caitheamh anuas ar iarrachtaí an Rialtais an ghéarchéim a shárú. Chomh maith leis sin, bhí sé ag déanamh iarrachta na daoine óga a bhí i láthair a ghríosú chun a ndícheall a dhéanamh ar mhaithe leis an Stát.
Maidir le cur chuige agus cur i láthair, bhí sé leath bealaigh idir Martin Luther King agus bainisteoir club de chuid Chumann Lúthchleas Gael. Bhí sé beagáinín maoithneach chomh maith ach cén dochar? Ar dhóigh aisteach éigin, thug sé an lá leis.
Chuir sé i gcuimhne dom an óráid chumhachtach a thug an t-iarthaoiseach Brian Cowen do lucht gnó i mBaile Átha Cliath i 2009. Labhair sé go líofa agus go spleodrach gan nótaí ar feadh 20 nóiméad gan choinne an oíche chéanna. A argóint? Mórán mar an gcéanna. Bhí sé ag iarraidh dóchas a mhúscailt i gcroí an phobail, ag míniú gur tháinig an lag trá eacnamaíochta aniar aduaidh orainn ach go raibh sé dóchasach go mbeimis in ann an tubaiste a shárú.
