Fuinneamh as an ghnáth

Tuairim is deich lá ó shin, thug an Taoiseach Enda Kenny cuairt ar chomhlacht i gCorcaigh a bhí le fógairt go raibh siad chun…

Tuairim is deich lá ó shin, thug an Taoiseach Enda Kenny cuairt ar chomhlacht i gCorcaigh a bhí le fógairt go raibh siad chun cúpla céad post nua a sholáthar. Mar a bheifeá ag súil ag ócáid den sórt seo, thug an Taoiseach píosa cainte.

De ghnáth, braitheann sé ar scríbhinn atá ullmhaithe ag státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath. De ghnáth, bíonn siad neamhléite – ní bhíonn sé éasca ar an té a léann amach iad agus ní bhíonn sé éasca ar na daoine a bhfuil orthu éisteacht leo ach oiread.

Ní aon ionadh é go mbíonn na scripteanna lán go béal le plámás agus cliché, gan áilleacht, gan dath, gan bhrí.

Ach, go hiondúil, braitheann an polaiteoir ar an script an méid céanna is a bhraitheann leanbh ar phluid chun sóláis.

READ MORE

An nath caite is ansa le Kenny faoi láthair ná a gheallúint – atá ráite agus athráite aige gach uile lá le bliain anuas – go bhfuil sé meáite go mbeidh Éire ar an tír bheag is fearr ar domhan ina ndéanfaí gnó faoin mbliain 2016.

Ach ba é an rud neamhghnách faoin ócáid i gCorcaigh ná nár bhac an Taoiseach leis an seanbhladar sa scríbhinn ach gur labhair sé as a sheasamh, óna chroí amach.

Bhuel, ní óráid Gettysburg a bhí ann ar aon chaoi agus níl mórán cosúlachta ar an scéal go gcuimhneofar ar an bprós san am atá le teacht.

Ní hé deis a labhartha an chloch is mó atá ar phaidrín Kenny.

Ag an am céanna, bhí rud éigin láidir sa bpíosa cainte – bhí idir fhuinneamh agus fhearg, mhothúchán agus theasaíocht, le brath inti. Go bunúsach, bhí sé ag bréagnú daoine a bhí ag caitheamh anuas ar iarrachtaí an Rialtais an ghéarchéim a shárú. Chomh maith leis sin, bhí sé ag déanamh iarrachta na daoine óga a bhí i láthair a ghríosú chun a ndícheall a dhéanamh ar mhaithe leis an Stát.

Maidir le cur chuige agus cur i láthair, bhí sé leath bealaigh idir Martin Luther King agus bainisteoir club de chuid Chumann Lúthchleas Gael. Bhí sé beagáinín maoithneach chomh maith ach cén dochar? Ar dhóigh aisteach éigin, thug sé an lá leis.

Chuir sé i gcuimhne dom an óráid chumhachtach a thug an t-iarthaoiseach Brian Cowen do lucht gnó i mBaile Átha Cliath i 2009. Labhair sé go líofa agus go spleodrach gan nótaí ar feadh 20 nóiméad gan choinne an oíche chéanna. A argóint? Mórán mar an gcéanna. Bhí sé ag iarraidh dóchas a mhúscailt i gcroí an phobail, ag míniú gur tháinig an lag trá eacnamaíochta aniar aduaidh orainn ach go raibh sé dóchasach go mbeimis in ann an tubaiste a shárú.

Ach, cé is moite de na cosúlachtaí idir na hóráidí, níl mórán eile i gcoitianta idir an bheirt. Bhí eolas as cuimse ag Cowen ar chúrsaí eacnamaíochta agus airgeadais ach bhí sé de nós aige mionbhainistíocht a dhéanamh ar gach gné de pholasaithe. Mar a taispeánadh ina dhiaidh sin b’eisceacht í an oíche chéanna i saol polaitíochta Cowen. Ní raibh aon cháil air mar fhear mór cumarsáide – bhí fuath aige ar na hagallaimh bheirte a thaitin le Bertie Ahern agus a thaitníonn le Kenny. Chaith Cowen an chuid ba mhó de dhá bhliain ina dhiaidh sin ag léiriú a dhroch-cháile. Má bhí sé ag déanamh éacht sármhaith chun an Stát a shábháil, deabhal go raibh a fhios ag éinne faoi. Chlis an rúndacht mhallaithe air agus ar a rialtas ag deireadh na Dála.

Ar an láimh eile de, cé nach bhfuil buanna Cowen ag Kenny maidir le héirim agus saineolas eacnamaíochta de, tá buanna eile aige a thugann an lámh in uachtar dó ar a iarchéile comhraic. Agus seasann na buanna sin i bhfad níos láidre dó.

Is bunchreideamh agam féin é faoi dhaonlathas na hÉireann ná go bhfuil sé seasta socair, go bhfuil an daonra coimeádach agus amhrasach maidir le hathruithe móra. Dá dheasca sin, bíonn leanúnachas le brath níos mó ná claochlú nuair a thagann athrú rialtais. Athrú bainistíochta a bhíonn i gceist agus bíonn béim shaoithiúil ar phearsantachtaí agus rialachas ann. An cur síos a bhí ag an gcomhrialtas ar olltoghchán na bliana seo caite ná “réabhlóid dhaonlathach”. Ach ní hé sin a bhí ann ar chor ar bith – éabhlóid a bhí ann, ar a méid.

Mar a chonaic muid, níl mórán sa difear le sonrú idir an réimeas seo agus an ancien regime. Tá an clár tarrthála fós á ghníomhú. Ní dhearnadh an ruathar a gealladh roimh réidh ar na sealbhóirí bannaí sinsireacha. Níl faoiseamh faighte go fóill, ná aon chosúlacht air, ar na fiacha bainc go léir.

Ó thaobh mhodh oibre de, níl locht le fáil ar roinnt Airí – Michael Noonan agus Simon Coveney ach go háirithe. Ach níl dabht ar bith ann gurb é Kenny an réalta. Tá fuinneamh agus soirbhíochas as an ghnáth aige, tréithe a léiríonn sé go poiblí gach lá, gan srian, gan staonadh, agus go háirithe agus é ar an choigríoch. Cé go bhfuil sé níos teoranta ná Cowen ar mórán bealaí, níorbh eisceacht ar bith í a óráid – mar a bhí i gcás Cowen de.

B’fhéidir nach leanfadh an “mójó” sin dó amach anseo ach is í an tsaintréith is uathúla aige í.

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times