Fionn, feidhmeannaigh agus an tsamhail nua mhaoinithe

Wed, Feb 22, 2012, 00:00

NÁ CUIR uait an páipéar seo má luaim – arís eile – Foras na Gaeilge, an tSamhail Nua Mhaoinithe agus na heagrais bhunmhaoinithe. Shocraigh na hairí thuaidh agus theas maoiniú eatramhach bliana a chur ar fáil do na 19 eagras tá seachtain ó shin.

Chuirfeadh na himeachtaí an scéal, Bruíon Chaorthainn, i gcuimhne duit. Ach níl Fionn agus – bhuel – na Feidhmeannaigh ag déanamh iontais de bhruíon álainn atá lán de bhrait bhreátha agus boird órga. Ina áit sin, is iad na heagrais atá i ndiaidh a fháil amach go bhfuil siad greamaithe de thalamh istigh i mbothán a bhfuil “boladh bréan ag éirí as an tine” agus “slatacha crua righne caorthainn” sna ballaí: “Agus mar bharr ar an iomlán nach raibh ach aon doras amháin ar an bhruíon a raibh seacht ndoirse uirthi ag teacht isteach dóibh”.

(Mar a dúirt Fionn: “...is eagal liom gur foraois fill an bhruíon seo ina bhfuilimid...”)

Mar sin de, tá an cur agus an cúiteamh faoin tsamhail nua mhaoinithe ar siúl i rith an ama – bíodh is nach bhfuil an tsamhail chomh nua faoi am seo agus tuairim is ceithre bliana cainte déanta go dtí seo.

Tá an próiseas (reatha) comhairliúcháin poiblí le bheith ar siúl go dtí tús mhí Aibreáin agus leanfaidh an stocaireacht ar aghaidh gan amhras.

Is fada an foras ag tabhairt le fios go bhfuil riachtanas leis an tsamhail le bonn níos éifeachtaí a chur faoi mhaoiniú na Gaeilge, le luach níos fearr a fháil ar airgead poiblí, agus é sin a dhéanamh i bhfoirm scéimeanna.

Is fada na heagrais den tuairim go scriosfadh an cur chuige sin an earnáil dheonach agus saol na Gaeilge mar is eol do lucht na Gaeilge é agus nach bhfuil na scéimeanna sásúil mar chóras fadtéarmach rathúil.

Sa chomhthéacs sin, is fiú amharc ar chinneadh an fhorais cuidiú a lorg don phróiseas comhairliúcháin atá in ainm is a bheith ar siúl idir an foras agus na heagrais faoin tsamhail.

Lorg an foras iarratais ó dhaoine a raibh spéis acu anailís a dhéanamh ar aighneachtaí agus aiseolas ó chruinnithe poiblí agus ó fhócasghrúpaí a bhain leis an phróiseas comhairliúcháin poiblí.

Arú inné an spriocdháta d’iarratais ar bhainistiú tionscadail agus suim suas go €30,000 luaite do thréimhse oibre sé mhí – agus seans go mb’fhéidir go mbeadh síneadh leis an tréimhse sin.

Is é an chéad cheist a chuirfeá ort féin go bhfuil sé an-mhall ag an fhoras comhairleoir(í) a lorg do phróiseas a thosaigh mí Eanáir agus atá le críochnú ag tús mhí Aibreáin.

Is ar éigean go mbeidh mí ag taighdeoir ar bith obair a dhéanamh ar phróiseas atá in ainm is a bheith ag teacht chun críche go luath.

Lena chois sin, conas mar a chomhlíonann an post seo an cúram a leag an Chomhaireacht Thuaidh/Theas go sonrach ar an fhoras roimhe seo dul i dteagmháil leis na heagrais ar cheist seo an mhaoinithe?

Tá ceist eile ann. Cad chuige a bhfuil an foras ag caitheamh oiread agus cent ar chomhairle? Faigheann an príomhfheidhmeannach agus na feidhmeannaigh tuarastal as cúram a dhéanamh de chúrsaí Gaeilge. Chuige sin a cheaptar iad.

Cad chuige, mar sin, nach ndéanann siad féin an obair go hinmheánach (mar ba chóir) in áit suim mhór airgid a chaitheamh ar dhuine/dhaoine a thabhairt as eagras isteach?

Conas mar a léiríonn sé seo “luach airgid” don cháiníocóir?

Mar a dúirt príomhfheidhmeannach an fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, leis an nuachtán seo i gcomhthéacs na samhaile nua maoinithe tamall gairid ó shin: “This is public money, and duplication and lack of co-operation are simply unacceptable in the current climate.”

Nach “duplication” den chineál céanna é airgead a thabhairt d’fheidhmeannaigh an fhorais bainistiú a dhéanamh ar an tsamhail nua mhaoinithe agus, ansin, iadsan airgead breise a thabhairt do chomhairleoir seachtrach?

Cén cineál “co-operation” atá an foras ag léiriú leis na heagrais as ceapachán a dhéanamh chomh mall seo sa phróiseas?

Nó an amhlaidh go bhfuil an caidreamh idir an foras agus na heagrais chomh holc sin anois gur gá comhairleoir ón taobh amuigh a lorg?

Cibé rud is cúis leis, tá leibhéal eile maorlathais agus tuilleadh costais i gceist leis an socrú.

Ach is é an cheist is mó, cad chuige a bhfuil an foras féin slán ón tsamhail nua mhaoinithe? I ndeireadh thiar thall, maoiníonn an foras scéimeanna dá gcuid féin. Níl an t-eagras os cionn na hoibre; tá sé in iomaíocht leis na heagrais don acmhainn chéanna airgid.

Más ceart obair na n-eagras deonach a mheas leis an luach is fearr a chinntiú – agus is ceart – cén fáth nach gcuirtear an tslat tomhais chéanna i bhfeidhm ar na scéimeanna a mhaoinigh agus a mhaoiníonn an foras?

Tá Foras na Gaeilge ag maoiniú scéimeanna ó bunaíodh é agus ba mhór an tairbhe taithí an eagrais sa réimse seo a chur os comhair na n-eagras agus lucht na Gaeilge.

Cad é mar a d’éirigh le scéimeanna an fhorais féin? Cá mhéad a chaith siad ar scéimeanna agus, leoga, ar chomhairleoirí? Cén toradh a bhí ann?

Tháinig an foras ar an saol i seomraí cúil Stormont mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tháinig sé ar an saol le freastal a dhéanamh ar riachtanais pholaitiúla Thuaisceart Éireann.

Níor bunaíodh an t-eagras de bharr riachtanas ar bith teanga – sa Stát seo ach go háirithe.

Sa chás sin de, nár chóir an deis a thapú le scrúdú a dhéanamh ar chaiteachas agus ar chur chuige an eagrais eisceachtúil seo?

Má tá an éifeacht is fearr ó thaobh airgid agus pleanála le fáil as cúrsaí Gaeilge, ba chóir do na húdaráis gach eagras a scrúdú ag an am céanna agus samhail nua a chur i gcrích ar fad ar fad.