Fifty Shades of Gaeilge - lucht teanga céasta idir dhá chaighdeán

Wed, Sep 12, 2012, 01:00

   

NÍL A fhios agam cén lón léitheoireachta a thug léitheoirí Tuarascáil leo ar shaoire an tsamhraidh. In ainneoin an masacas a bheith san fhaisean de bharr Fifty Shades of Grey, caolseans go raibh fonn ar dhaoine tabhairt faoi cheachtar den dá athbhreithniú atá déanta ar an Chaighdeán Oifigiúil – ceann le Rannóg an Aistriúcháin agus ceann eile le coiste saineolaithe a cheap Éamon Ó Cuív, tráth a bhí sé ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Ach tá tús an téarma ollscoile buailte linn agus tá aistritheoirí, eagarthóirí agus scríbhneoirí Gaeilge ag filleadh ar a gcuid oifigí.

Ní thig neamhaird a dhéanamh de níos mó: tá dhá chaighdeán ann, nó, más fearr leat, tá dhá dhoiciméad ann a bhfuil séala stát na hÉireann orthu agus a thugann treoir faoi scríobh na Gaeilge sa 21ú haois seo.

Tá Rannóg an Aistriúcháin le moladh as Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil, Caighdeán Athbhreithnithe (CAO) a chur ar fáil ina leabhar clóite agus ina dhoiciméad PDF ar féidir é a chóipeáil saor in aisce ó www.oireachtas.ie.

Ní heol dom gur cuireadh cló riamh ar athbhreithniú an choiste saineolaithe, ach tá sé curtha le Stíl Tí an Ghúim, ar féidir é a íoslódáil ó www.gaeilge.ie.

Tá pointí tadhaill ann idir an dá dhoiciméad ach tá siad i bhfad ó chéile faoina lán gnéithe bunúsacha den teanga scríofa. Ní shílim gur léir do phobal na Gaeilge fós cé chomh tromchúiseach is atá sé sin.

Measaim féin go mbeidh sé níos deacra feasta aistritheoirí agus eagarthóirí a oiliúint agus an Ghaeilge a theagasc sna hardleibhéil. Rud níos measa fós: tá lagú mór déanta ar choincheap an chaighdeáin scríofa.

Is iomaí locht a fuarthas ar an sean-CO, ach, ar feadh breis agus 50 bliain, chuir sé an chinnteacht in áit na héiginnteachta sna réimsí oifigiúla lenar bhain sé. Tá deireadh leis sin agus is tréimhse shuaite, éiginnte atá romhainn amach.

Méadófar ar dhifríochtaí úsáide idir institiúidí. Beidh scríbhneoirí aonair anonn is anall idir an dá chaighdeán. Níor thógtha ar an duine a déarfadh: “Scríobh do rogha rud; tá gach leagan chomh maith lena chéile.”

Conspóidí úsáide

B’fhéidir go ndéarfadh duine: “Éist, bíonn conspóidí úsáide i ngach teanga. Féach an Béarla: the Oxford Comma, civilise vs. civilize, the Government is vs. the Government are agus mar sin de. Is leor do scríbhneoirí fios a bheith acu go bhfuil difríochtaí mar sin ann.”

Tá go breá, ach ní slán riamh an chomparáid idir an Béarla agus an Ghaeilge. Is foghlaimeoirí atá i mbunús lucht na Gaeilge. An cainteoir dúchais féin, caithfidh sé nó sí dul i dtaithí ar chastaíochtaí comhréire na teanga scríofa.

Tugann sin a sáith dóibh, creidim, gan mo leithéidse a rá leo: “Bheadh “Stiúrthóir Cumann Carthanachta” ceart de réir Stíl Tí an Ghúim. “Stiúrthóir Cumainn Carthanachta” a bheadh ann de réir an CAO. Ach má ghlactar le comhairle na mBráithre Críostaí is “Stiúrthóir Cumainn Charthanachta” a bheadh ann.”

“Spleoid orthu uilig,” a déarfaidh an t-ábhar scríbhneora, “cén cineál amaidí seo nach dtig linn trí fhocal a chur i ndiaidh a chéile gan trí shraith rialacha a fhoghlaim?”

Bheadh fonn ar dhuine “Stiúrthóir ar Chumann Carthanachta” a scríobh agus a bheith réidh leis, ach ní i gcónaí a bhíonn bealach éalaithe le fáil amach as caschoill na n-ilfhoirmeacha agus na n-ilroghanna.

Ar aon nós, is fánach an dá chaighdeán Gaeilge a chur i gcomparáid le leabhair stíle mar Hart’s Rules nó MHRA Style Guide.

I gcás na leabhar stíle sin, roghnaíonn institiúid an ceann is fearr a oireann dá riachtanais féin agus cuireann na rialacha sin i bhfeidhm ar a gcuid cáipéisí féin.