Fianaise, figiúirí is fírinne nach féidir a chloí

Wed, Feb 6, 2013, 00:00

Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach – agus cluichí Gaelacha, writes ALAN TITLEY

Is beag rud a chuireann fearg orm, mar is duine lách caoin béasach mé i bhfad síos – ach abraimis gur beag rud a chuireann le báiní mire mé, seachas cliché de smaoineamh a ghabhann i bhfastó agus gur deacra a bhaint amach ná an chos as an tuairgnín.

Tá’s againn a leithéid: gur éirigh le Mussolini na traenacha a chur ag rith in am; go bhfuil sé níos dúshlánaí gearrscéal a scríobh ná úrscéal; go n-ardaíonn an barrataoide gach long; nach raibh aon tacaíocht fhorleathan ann d’Éirí Amach na Cásca; nach raibh puinn tuisceana ann don duine aonair sna meánaoiseanna; go raibh An Bhreatain ag troid in aghaidh an Fhaisisteachais sa dara domhanchogadh (ní raibh aon chol acu le Franco, ná le Stalin, ná leis an Mussolini céanna le fada roimhe sin).

Is furasta gach ceann díobh sin a bhréagnú ach craitheadh beag fianaise a sholáthar, ach is ceist eile ar fad í an bhfuil daoine sásta glacadh leis an bhfianaise dhobhréagnaithe a leagtar os a gcomhair.

Is treise an cliché ná an fhianaise, gan amhras, agus is láidre an béaloideas bréagach ná an fhírinne lom. Nuair a ligeann tú do dhaoine machnamh dóibh féin cloiseann siad macallaí dhaoine eile.

Tháinig dhá cheann de na sluasmaointe sin go mór chun cinn ar bhás Chaoimhín Uí Ifearnáin, “Heffo”, imreoir, bainisteoir agus laoch Duibhlinne le déanaí.

B’é an chéad cheann díobh sin ná nár bhain na cluichí dúchais leis na cathracha beag ná mór, gur cleachtaí tuaithe ba ea iad. De sin an masla “bogbál” ar an gcaid; agus samhlaíodh an iomáint riamh le hadhmad, leis na coillte, gur dá bharr an focal “culchie” i mbéarlagair na hardchathrach.

Ach cad is fiú fianaise agus figiúirí i gcoinne an aineolais?

I gCorcaigh, príomhláthair na hiomána, (in ainneoin na gcora beaga stairiúla faoi láthair) ba sa chathair riamh a bhí na foirne b’oilte. Nuair a bhí cumainn na cathrach in airde, bhí an chontae buacach.

I bPort Láirge, foireann a mbeadh scata craobh buaite acu murach gur sa Mhumhain dóibh, ón gcathair Baile Mhic Gonair agus Cnoc Síon agus De la Salle agus Rúánmhór, cnámh droma na foirne riamh.

Ach cad is fiú fianaise agus figiúirí i gcoinne an aineolais?

In dara cathair Éireann, Béal Feirste, is iad foirne na sráideanna seachas na gleannta is túisce a rug an bhua – Brian Óge, Seagan an Díomais, John Mitchel’s, O’Donovan Rossa – sula raibh cúraimí eile ar mhuintir na cathrach.

An t-imreoir is iomráití d’imreoirí iomráiteacha Luimnigh le glúin anuas, fear cathrach é, Eamon Cregan. Is iad meánscoileanna chathair Chill Chainnigh is mó a bhuaigh craobh Éireann i gcomórtas na scol: is iontu a bhí Keher agus Cody agus Carey.

Ach cad is fiú fianaise agus figiúirí i gcoinne an aineolais?

B’é an dara ceann de na sluasmaointe, nach raibh seasamh ar bith ag na cluichí dúchais i mBaile Átha Cliath go dtí gur nocht Heffo sa ród. Rún é a chuirfeadh Heffo féin ag rince sa reilig. Tuiscint mar shúrac mhéire d’aicme nár léigh ach an nuachtán seo agus a cineál.

Bhuaigh Baile Átha Cliath níos mó craobh Éireann san 40 bliain roimhe ná mar a bhuaigh siad ina dhiaidh. Caithfidh go raibh jeaicín éigin ag imirt ar a son.

Caithfidh go raibh daoine i láthair mar lucht tacaíochta. Mar a tharla, an dara craobhchluiche is mó riamh as 125 éigin go raibh lucht féachana ann ba ea an ceann idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh sa bhliain 1963.

De dhealramh muintir na Gaillimhe ba ea 87,000 díobh sin! Bhí níos lú daoine i láthair ag cluiche ceannais na hÉireann ina raibh Baile Átha Cliath in 1977 nuair a bhí siad in airde láin – ceithre chraobhchluiche as a chéile – ná ag aon chluiche craoibhe eile sna 1970í!

Agus níos lú ná an tríú cuid fós ag cluiche ceannais chorn an FAI, tráth a dtéadh daoine ag imeachtaí Léig na hÉireann!

Ach cad is fiú fianaise agus figiúirí i gcoinne an aineolais?

Is é a bhun is a bharr gur shocraigh na meáin mheasúla ar dhul i sás leis na cluichí dúchais a raibh éileamh fíochmhar riamh orthu.

Jock Haughey, culchie? Eoghan Ó hAnluain, fear lár na cathrach, culchie, nóbhae! Seán Óg Ó Ceallacháin, Snitchy Ferguson, Des Foley, Liam Lawlor... Ach mar is eol dúinn, is é rud a shocraíonn na meáin ar an bhfírinne, an fhírinne lom.

Duine faoi leith ba ea Heffo. Bhí miotal ann nach raibh sa chaint shéimh uaidh. Pé rud a d’iarr sé, níor lorgaigh sé an miotas nárbh ann do chluicí dúchais san ardchathair roimhe nuair b’iad ba rábaí.

Ach cad is fiú fianaise agus figiúirí...?