Fear grinn ar scoilteadh a chloigeann

Tue, Jan 17, 2012, 00:00

BEOCHEIST:TÁ AN saol aisteach, a deir siad, agus an ceart ar fad acu. Dá mba eachtrannach thú ag cur fút in Éirinn inniu, seans go gcuirfeá ceist mar seo ort féin: an bhfuil acmhainn grinn ar bith fágtha sna daoine seo, na hÉireannaigh?

Tá chuile rud chomh lándáiríre agus chomh tromchúiseach na laethanta seo – na meáin chumarsáide, cúrsaí airgid, an síor-iniúchadh ar na rudaí uafásacha a tharla san am atá thart.

An bhfuil acmhainn grinn fágtha sa chine seo ar chor ar bith, déarfá leat féin. An greann dubh sin fiú a raibh leithéidí Mháirtín Uí Chadhain agus Samuel Beckett ina máistrí air. Is ionann gáire a dhéanamh agus a bheith beo. Uaireanta, ní bhíonn an dara rogha againn ach a bheith ag gáire. Níos tábhachtaí fós, is galar tógálach é an gáire. Aontaíonn sé muid. Cabhraíonn sé linn an saol seo a chur tharainn.

Fear a raibh galar seo an gháire air ba ea Johnny Patterson a rugadh i gCoill Bharrainn in aice leis an bhFiacail, i gContae an Chláir, sa bhliain 1840.

D’fhoghlaim sé ceird na dtairní agus é ina ghasúr óg agus d’oibrigh sé i gceárta áitiúil ina dhiaidh sin. B’amhránaí den scoth é Johnny agus ba mhinic é ag casadh amhrán agus é os cionn na hinneonach. Bhí féith na cumadóireachta ann freisin agus ba ag an tréimhse sin a chum sé an bailéad The Stone Outside Dan Murphy’s Door, amhrán a raibh ráchairt mhór air i measc na nGael in Éirinn agus thar sáile.

Chuaigh sé isteach san arm i Luimneach mar ar oibrigh sé mar dhrumadóir agus d’fhoghlaim sé conas uirlisí ceoil eile a sheinm, an fhliúiteog ina measc.

Tráthnóna amháin tháinig John Swallows Circus go hInis agus thapaigh Johnny an deis. Go luath an mhaidin dár gcionn bhí Johnny ar an mbóthar leo, ar camchuairt ar fud Éireann.

D’fhág muintir Swallow Éirinn ach fuair Johnny ionad nua le Batty’s Circus agus ina dhiaidh sin Risarelli’s Circus. Bhí deis aige Sasana a fheiceáil nuair a thairg an Pablo Franque Circus post dó agus b’ann a phós sé a chéad bhean, Selena Hickey. Albanach ab ea í agus cleasmharcach. Bhí triúr clainne acu – Bridget, Nora agus Johnny Junior.

Deirtear go mba i Learpholl a chum Johnny amhrán eile a bhí luaite leis ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin, The Garden Where the Praties Grow: “Now the parents they consented/and we’re blessed with children three./Two girls like their Mammy/and a boy the image of me…”

Ba cheiliúrán mór le rá é Johnny faoi seo agus é aitheanta mar fhear grinn sorcais in Éirinn agus i bhfad i gcéin. “Sing us a Song, Johnny” a scréachadh na páistí amach nuair a thagadh sé isteach sa Phuball Mór.

Leath a cháil trasna an Atlantaigh agus tairgeadh 100 dollar in aghaidh na seachtaine dó le bheith ina fhear grinn i sorcas Cooper and Bailey’s, an sorcas ba cháiliúla ar domhan ag an am.

D’fhan Selena mar artiste sorcais in Éirinn agus sa Bhreatain agus thóg Johnny an bád bán. Rinne sé airgead mór sna Stáit Aontaithe faoin ainm “Johnny Patterson, the Rambler from Clare” ach ba bhuille trom dó a chloisteáil gur cailleadh iníon leis tar éis timpiste tragóidí a tharla agus í ag obair leis na heilifintí sa chró sorcais.

Bhí Johnny bocht croíbhriste agus thosaigh sé ag ól go trom. D’fhill sé ar Éirinn ach bheadh mí-ádh eile sa mhullach air nuair a fuair a bhean Selena bás leis an eitinn.

Fear grinn le Keeley’s Circus ab ea é anois – tugadh Keeleys and Pattersons ar an seó sin níos deireanaí – agus phós sé baintreach an mháistir sorcais sin, bean darbh ainm Sue Murray.

Dá mbeadh a fhios aige cad a bhí in ann dó féin, seans go mbeadh Johnny tar éis fanacht i Meiriceá ach ba í stair chasta na hÉireann a chuir an cor deireanach sa chinniúint ann.

Bhí scoilt mhór idir lucht leanúna Pharnell agus na daoine a bhí naimhdeach don cheannaire polaitíochta sin agus blianta deiridh an 19ú haois ag teacht chun críche.

I dTrá Lí don sorcas oíche amháin thit achrann amach idir an dá fhaicsean sin sa lucht féachana agus an sorcas faoi lán seoil. Bhris troid fhíochmhar amach idir an dá dhream agus cé gur chan Johnny amhrán dár teideal Do your Best for One Another, fuarthas níos deireanaí é agus é sínte taobh lena charbhán, gan ann ach an dé.

Bhí bligeard éigin tar éis é a bhascadh le barra iarainn i gcaitheamh an tsliúchais. Cailleadh é an lá dár gcionn, Lá Bealtaine 1889 agus gan an leathchéad scroichte aige. Cuireadh i dTrá Lí é.

Chaith sé a shaol mar ambasadóir cultúrtha thar lear agus fuair sé bás ar son na hÉireann sa deireadh. Bhainfeadh sé féin gáire as an méid sin.