Fáilte is fiche roimh an deoraí

Wed, Jan 9, 2013, 00:00

   

Bé an t-ábhar cainte é gach áit dá ndeachaigh mé san iarthar faoi Nollaig. Luath nó mall bhain gach comhrá le plean chun lucht gaoil a mhealladh abhaile le haghaidh teacht le chéile 2013. Tógáil croí do dhaoine i gceantair atá bánaithe ag an imirce, glúin i ndiaidh glúine.

Sciob sceab ar airgead a thug roint daoine in ardchathracha ar Thóstal 2013 (The Gathering) ach is deis cheiliúrtha é do dhaoine a bhfuil níos mó dá muintir ar deoraíocht ná mar atá ag baile.

Ní muintir na tuaithe amháin a d’imigh ar eisimirce ach is faoin tuath a chonaic mé an dúil agus an cíocras chun leas a bhaint as an Tóstal seo chun tamall a chaitheamh le daoine muinteartha.

Tá na mílte imeachtaí cláraithe go hoifigiúil mar chuid den Tóstal 2013 agus go leor tionól príobháideach eagraithe. In ollmhargadh i mBéal a’ Mhuirthead bhí cárta poist á dháileadh, saor in aisce ag oifig turasóireachta Iorrais.

Chuireas suntas ann mar gur pictiúr de na rásaí capaill a bhíonn ar an trá i mo bhaile dúchais i mí Lúnasa gach bliain a bhí ann. Cuireadh na rásaí sin ar bun in athuair scór bliain ó shin agus bíonn na céadta deoraí i measc an tslua orthu go seasta. “Tar Abhaile i 2013” a deir an cárta; nod go mbíonn cuireadh abhaile á eisiúint gach bliain, nós seanbhunaithe san iarthar.

Fearacht go leor imeachtaí atá ar an liosta oifigiúil bheadh na rásaí ar siúl ar aon nós ach tugann tacaíocht an Tóstail deis do lucht eagraithe obair bhreise a dhéanamh agus béim a chur ar ról an diaspóra.

Tá an diaspóra sin i ngach cearn den chruinne. Is sa Bhreatain atá mórlucht na n-eisimirceach ó cheantar Iorrais, i Londain, Birmingham, Bristol agus in Albain.

Níl an oiread de mhuintir Mhaigh Eo in Albain is atá de Chonallaigh ach d’imigh a lán sa chéad leath den chéad seo caite agus táthar ag súil go dtiocfaidh a sliocht ag imeachtaí i mbliana.

Tá roinnt daoine ón gceantar i Meiriceá, i Chicago, Nua-Eabhrach, Buffalo agus Florida. Tá cuid mhaith san Astráil, scata de mo mhuintir féin sa Tasmáin agus i Queensland.

Tá cuid de shliocht chomharsan sa Nua-Shéalainn agus tá roinnt den dream óg sa Mheán-Oirthear. Tá an scéal mórán mar a chéile i gConnachta ar fad, in iarthar na Mumhan agus i nDún na nGall.

Is léir go bhfuil meas mór ag na daoine sa bhaile ar an gceangal leis na deoraithe. Is léir freisin go mbainfidh siad sult agus sásamh as an gcumann leo. Saibhriú na beatha dóibh is ea filleadh na ndaoine a dtug siad gean dóibh.