Eagrais na Gaeilge ag iomrascáil le múnla nua maoinithe

Wed, Oct 3, 2012, 01:00

TUARASCÁIL:TÁ FORAS na Gaeilge agus na heagrais dheonacha ag iomrascáil le múnla nua maoinithe – agus ní fada an t-achrann ina ndiaidh. Ó chuir an foras deireadh leis an Scéim Nua Mhaoinithe, tá an t-eagras thuaidh/theas agus na heagraíochtaí ag iarraidh teacht ar chóras nua le cás na teanga a fhorbairt.

Tuigtear don cholún seo go bhfuil moladh anois ann go mbeidh sé “cheanneagraíocht” freagrach as an teanga i réimsí éagsúla – Gaeloideachas; Oideachas trí mheán an Bhéarla agus d’aosaigh; ardú feasachta teanga agus cosaint teanga; imeachtaí tacaithe agus úsáide Gaeilge; forbairt pobail agus forbairt gréasáin úsáide Gaeilge don óige.

Eagraíochtaí atá lonnaithe sa Phoblacht atá chun cinn mar phríomheagraíochtaí ag an phointe seo – An tOireachtas, Gaelscoileanna, Gael Linn, Glór na nGael, Cumann na bhFiann agus Conradh na Gaeilge nó Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge – agus gan eagraíocht ar bith sa Tuaisceart i measc na gceanneagraíochtaí.

Bíodh is nach bhfuil deireadh leis an chur agus leis an chúiteamh go fóill, is é an moladh atá ann go mbeidh na ceanneagraíochtaí freagrach as eagraíochtaí deonacha eile atá ag obair sa chuibhreann céanna agus “comhordú” agus “comhdhlúthú” a dhéanamh ar a gcuid oibre.

Moltar go gcuirfear maoiniú ar fáil don dá stáisiún raidió – Raidió Fáilte i mBéal Feirste agus Raidió na Life i mBaile Átha Cliath – agus seans go ndéanfar socrú ar leith do thionscnamh oideachais amháin in iarthar Bhéal Feirste.

Chuir 15 eagras faoin ainm An Fóram litir chuig comhaltaí boird an fhorais seachtain go leith ó shin inar cháin siad cur chuige nua an fhorais.

Níor thaitin an moladh leo go mbeadh sé phríomheagraíocht ann agus gurbh iad a bhronnfadh “conradh seirbhíse” ar eagrais dheonacha eile chun obair a dhéanamh idir Iúil 2013 agus Nollaig 2014.

Chreid siad nach raibh rún ag an fhoras ach maoiniú a chur ar fáil do gach príomheagras go dtí Eanáir, 2015: “Maítear gur cur chuige ar bhonn na comhpháirtíochta atá i gceist ach ní mar sin a fheictear dúinn an scéal. Feictear don fhóram go gciallódh an múnla nua maoinithe go mbeifí ag iarraidh ar sé eagraíocht deireadh a chur leis na heagrais eile san earnáil dheonach bhunmhaoinithe.

“Feictear dúinn gur córas iomaíoch eile a bheadh i gceist anseo, cur chuige a cáineadh go láidir sa tuarascáil ón gComhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht (Meitheamh 2012).”

Tá fianaise na hiomaíochta sin le feiceáil cheana féin. Tá Conradh na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge beirt luaite sa rannóg “ardú feasachta teanga”.

Is scátheagraíocht í an chomhdháil agus is balleagras dá cuid é Conradh na Gaeilge agus iad ar lorg an stádais chéanna. Tá cainteanna faoin chur chuige is fearr ar siúl faoi láthair.

Bhí cruinniú boird ag an fhoras Dé hAoine. Dúirt urlabhraí gur “pléadh rogha féidearthachtaí agus cuirfear moladh chuig na ranna urraíochta go luath”.

Le cois na mímhuiníne atá ag mórán san earnáil dheonach as an fhoras agus an iomaíocht idir na heagrais féin, tá teannas thuaidh/theas ann.

Dúirt Deisceartach amháin go raibh cuid de na heagraíochtaí deonacha sa Stát “réasúnta” sásta lena gcás ach go raibh na Tuaisceartaigh “ar mire” leis na moltaí.

Dúirt Tuaisceartach amháin go raibh an chontúirt ann go mbeadh earnáil na Gaeilge ar fad “lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus go mbeadh deireadh le hearnáil nach bhfuil ach ina tús ó thuaidh. Cén tionchar a bheidh aige sin ar an teanga?”