Deis ag lucht na Gaeilge imeachtaí a chlárú ar líne

Míreanna: Sheol Conradh na Gaeilge suíomh nua idirlín, www.snag.ie , arú inné

Míreanna:Sheol Conradh na Gaeilge suíomh nua idirlín, www.snag.ie, arú inné. Cuireann siad fáilte roimh lucht na Gaeilge in Éirinn agus thar lear imeachtaí a chlárú leo roimh 25ú Eanáir, imeachtaí a chuirfidh an teanga chun cinn le linn 2013 ar fad.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí ón chonradh go mbeadh an teanga á ceiliúradh ar fud na cruinne agus ar feadh na bliana.

Tá imeachtaí teanga a bheidh ar siúl san Astráil, i gCúba agus sna Stáit Aontaithe cláraithe cheana féin. Bhí sí ag súil go mbeadh borradh faoi na himeachtaí idirnáisiúnta. Bhí an conradh ag obair le Tóstal Éireann le cás na teanga a chur chun cinn agus deis a bhí san ócáid cainteoirí dúchais, foghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal a chur ar an eolas.

Féile filíochta ar lorg dánta

READ MORE

Tá Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí ar an saol le 15 bliain agus tá siad anois ar lorg dánta ó fhilí do chomórtas na bliana seo.

Tuillfidh an buaiteoir chéad duais €3,000 ar dhán neamhfhoilsithe Béarla, 70 líne ar a mhéid.

Tabharfar cuireadh don deichniúr filí ar an ghearrliosta teacht go dtí an fhéile chun a gcuid a léamh ag an searmanas bronnta duaiseanna ag Strokestown Park House.

Soláthraíonn Colmcille, an clár comhpháirtíochta idir Foras na Gaeilge agus Bord Gàidhlig na hAlban, urraíocht le haghaidh Dhuais Cholmcille.

Tá duaiseanna €2,000, €1,500 agus €1,000, mar aon le trí dhuais €400, ar fáil le haghaidh dáin i nGaeilge nó i nGáidhlig na hAlban nach bhfuil níos faide ná 70 líne, agus nár foilsíodh.

Tugtar cuireadh do sheisear teacht agus a ndánta a léamh ag an searmanas bronnta.

Ar an chéad deireadh seachtaine i mí na Bealtaine a bhíonn an fhéile ar siúl, i mBéal na mBuillí nó Strokestown, Co Ros Comáin, baile beag a sholáthraíonn ardán idirnáisiúnta don fhilíocht i mBéarla, i nGaeilge agus i nGàidhlig.

Eolas: www.strokestownpoetry.org

16 ainmniúchan ag TG4 ar ghearrliosta IFTA

Tá 16 ainmniúchán faighte ag cláir agus pearsana de chuid TG4 sa Ghearrliosta do Ghradaim Irish Film and Television Academy (IFTA) a fógraíodh an tseachtain seo caite.

I measc na n-ainmniúchán, tá Carrie Crowley molta do dhuais an bhanaisteora teilifíse dá páirt sa sraithdhráma Rásaí na Gaillimhe II. Beidh an tsraith sin san iomaíocht don Duais Ghaeilge fosta mar aon leis an scannán faisnéise Lón sa Spéir agus an saothar staire Scéal na Gaeilge.

Tá an clár faisnéise Faoi Gheasa ag an Quiet Man gearrliostáilte fosta mar aon le Ó Tholg go Tolg, Congo 1961 agus trí shaothar le cúlraí spóirt Jockey Eile, agus Jump Boys (rásaíocht) agus The West’s Awake faoi chúrsaí rugbaí.