Cuimhní cinn agus comórthaí náisiúnta

Wed, Jan 9, 2013, 00:00

CROBHINGNE:An tráth seo i dtús na bliana is gnáthnósach go n-osclaítear na leabhair staire féachaint cén leithscéal a bheidh againn le comóradh a dhéanamh ar dhuine nó ar tharlú éigin.

Is féidir go mbunófaí scoil shamhraidh nó fómhair nó go dtabharfaí léacht air seo nó air siúd. Baintear leas as an aimsir chaite le rud éigin san aimsir láithreach a dhleathú, go díreach is mar a bhaintear leas as an aimsir láithreach chun an aimsir chaite a lúbadh.

Dá réir sin, déanfar iomrascáil intinne abhus ó dheas maidir le bunú an UVF sa bhliain 1913 le taispeáint gur daoine deasa ba ea iad dáiríre agus go gcaithfí tuiscint dóibh mar gur ghairid go mbáfaí iad faoi thíorántacht na hEaglaise Caitlicí Rómhánda; agus beidh fostóirí agus tionsclóirí ag moladh chomh forásach is a bhí frithdhúnadh 1913 toisc, tar éis an tsaoil, gur bheart ar son postanna a chruthú a bhí ann agus nach bhféadfadh an tír íoc as socrú Pháirc an Chrócaigh.

Seans go mbeifear níos faichillí timpeall ar thuras John F. Kennedy anseo leathchéad bliain ó shin, mar mhúsclódh cuid den lúitéis san am luisne ar chuntanós an tráchtaire is tibhe muineál amuigh.

Fairis sin, ba naomh é an Cinnéideach i rith an uair úd, ach fuarthas amach nár naomh ar fad é tamall dár gcionn. Cén staraí a nochtfaidh lándáiríre cad a bhí ar siúl aige linn ionas nach mbeadh tinneas cinn air go laethúil?

Ar éigean go mbeidh aon chaint ar imlitir Pacem in Terris an Phápa Eoin XXIII, óir ní thugtar cluas ar bith don phápaireacht ach amháin nuair a bhítear ag caint ar chúrsaí collaíochta. Is inti a bhí smaointe réabhlóideacha ar nós gur chóir aighnis idirnáisiúnta a réiteach go síochánta trí chainteanna, rud nach n-aontódh formhór na stát ar domhan leis, go háirithe iad siúd a chuaigh chun cogaidh dá éis sin in Vítneam, Angola, san Indinéis, sa Phoblacht Dhoiminiceach, India, An Róidéis, an Namaib, Iosrael, An tSeicslóvaic, An Chambóid agus ar aghaidh agus ar aghaidh...

Is cinnte go dtarraingeofar Isaac Butt anuas, ní hé go díreach go raibh a thóin aige ar shuíochán i nDáil na Breataine, ach toisc baint chomh dlúth a bheith aige le gluaiseacht Hóm Rúil amhail gurbh é sin a bhí inmhianaithe is gurbh é a bhí uainn.

Sáirsingeoidh nua-Aontachtóirí orainn go mba leor an méid sin dár leithéidíne agus gur bhotún ba ea é dul amach ar an tsaoirse mhór do dhaoine a dhéanfadh praiseach di.

Ba cheart, gan amhras, go ndéanfaí comóradh ceart ar Jack Doyle (1913-1978), “An Gael Galánta” an dornálaí úd a d’fhéadfadh a shaol a chaitheamh “between Cork, Cobh and Youghal” mar atá san amhrán faoi ag Jimmy McCarthy, ach gur ardaigh roth na cinniúna é go dtí gur thit anuas de phlimp le drabhlás ar shráideanna Londan agus ar scáileáin Mheiriceá. B’fhéidir nach é an eiseamláir is gile feasta é do dhornálaithe na hÉireann, an dream is mó a bhainfidh boinn amach anseo dúinn i leataoibh ó na capaill.

Bí deimhnitheach de, áfach, nach mbeidh puinn tráchta ar Denis Taafe a fuair bás taca an ama 200 bliain ó shin nuair a bhí Isaac Butt ag teacht ar an saol, agus arb é duine de na daoine is suimiúla ar fad as measc na gcéadta daoine suimiúla i dtionscnamh Beathaisnéis Mháire Ní Mhurchú agus Dhiarmuda Bhreathnach é. Ní thógfar aon chros dó i dTearmann Féichín ina bhfaca sé solas an lae don chéad uair, ná ní luaitear a ainm i measc na n-óglach a throid in Éirí Amach 1798 i Loch Garman, ná níl aon leac ina onóir os comhair na heaglaise i mBaile Átha Cliath inar shéan sé an creideamh Caitliceach agus an tsagartacht in éineacht, d’fhonn dul leis an gcreideamh Gallda.

Tá cáil fhorleathan bainte amach ag na Proinsiasaigh as a gcuid seirbhíse do na boicht, as naofacht a mball, agus as a gcuid léinn. Ní luaitear Denis Taafe mar dhuine de na réaltaí solais is mó a bhí acu, áfach, cé gur oirdníodh san ord sin é i bPrág. Ach an oiread le Jack Doyle, áfach, agus murab ionann agus formhór na bProinsiasach a bhfuil aithne agamsa orthu, bhí sé tugtha don drabhlás, don ól, don achrann agus don ainriantacht.

Is é sin, b’é an saghas sin sagairt é ar mhaith leat don chun faoistine chuige, fad a mhair sé ina shagart.

Chaith sé tamall i bpríosún Newgate, ach bhí sé bruíontach agus trioblóideach ansin, leis.

Mhair sé ar theagasc príobháideach thall is abhus, ach ní móide go raibh éileamh mór ar an Eabhrais ná ar an Dúitsis a bhí ar eolas go maith aige. Scríobh sé stair “oibiachtúil” ar Éirinn, agus seans maith gurb í sin an chúis is mó nach gcloisfear pioc faoi sna comórthaí seo atá buailte umainn.