Cromail - básadóir Dé agus saighdiúir ar son Chríost

Wed, Sep 10, 2008, 01:00

Tuarascáil: GNÓTHACH A bhí an léachtóir staire Micheál Ó Siochrú (42) nuair a chuaigh an colúnaí seo chun cainte leis ina oifig ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Bhí a leabhar nua God's Executioner: Oliver Cromwell and the Conquest of Ireland, díreach seolta; bhí léacht le scríobh aige dá chuid mac léinn, agallamh le Pat Kenny socraithe don lá dár gcionn agus bhí sraith RTÉ ar an leabhar le craoladh ar ball. (Aisteoir darb ainm Owen Roe atá i bpáirt Cromwell.)

Rinne sé leithscéal liom as a chuid Gaeilge bheith cnapánach ó tá tréimhsí fada caite aige thar sáile: seal sa tSín; sa Bhoisnia leis na Náisiúin Aontaithe agus in Albain, ag léachtóireacht. Ní raibh fiacha air an leithscéal a thabhairt; tá Gaeilge líofa aige.

Ní hé seo an chéad leabhar a scríobh sé ar an tréimhse ach is iad Faber and Faber atá ag foilsiú God's Executioner. Is mó a gcáil mar fhoilsitheoirí filíochta agus prós comhaimseartha ná leabhair staire agus, dá bharr sin, is dírithe ar an "ghnáthléitheoir" atá an leabhar seo.

Dúirt Ó Siochrú nach raibh an tsraith teilifíse feicthe aige go fóill agus go raibh sé "suimiúil domsa mar staraí conas mar a chuireann lucht teilifíse clár le chéile". Bhí sé ar an teilifís roimhe seo mar "chloigeann cainteach" a dúirt sé ach rud eile ar fad a bhí i gceist anois.

Bhí suim aige i stair na hÉireann ó bhí sé óg. De bhunadh Bhaile Átha Cliath é agus oileadh sa chathair é; bhí sé ina dhalta ar Choláiste Mhuire agus ansin ina fhochéimí agus iarchéimí ar Choláiste na Tríonóide, áit atá sé ag léachtóireacht. Ó tharla go raibh 350 bliain ann ó fuair Cromail bás, shíl sé go raibh an t-am ann "mionscrúdú" a dhéanamh ar an tréimhse a chaith sé in Éirinn: "Síleann muid go bfuil eolas againn air ach níl." Tá tuairim is 150 beathaisnéis scríofa ar Chromail i Sasana ach níl mórán scríofa faoi in Éirinn, a dúirt sé.

Ba é an bunsmaoineamh a bhí aige dul ar ais go dtí na bunfhoinsí agus iad a scrúdú. Tá "méid millteanach" de na foinsí sin caillte in Éirinn de bharr scrios na gCeithre Chúirt le linn Chogadh na gCarad. Chaith sé dhá bhliain thall i Sasana agus é ag cíoradh a raibh ar marthain ansin. Dúirt Ó Siochrú go raibh Cromail "i bhfad níos casta" má mar a shamhlaíonn muid sa lá atá inniu ann: "Ag an am céanna, bhí an drochainm tuillte aige."

Ar ndóigh, is é an t-ár a rinne Cromail i nDroichead Átha agus i Loch Garman i 1649 is cúis leis an drochainm abhus. Insíonn Ó Siochrú scéal faoin iar-Thaoiseach, Bertie Ahern, sa leabhar. Bhí Ahern ar cuairt ag Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Robin Cook. Chonaic Ahern go raibh portráid de Chromail ar an bhalla ag Cook. D'fhág sé an oifig, á rá nach bhfanfadh sé ann a fhad is go raibh an "murdering bastard" le feiceáil. Bhain Cook an phortráid anuas

Míníonn Ó Siochrú go gcosnaíonn lucht tacaíochta Chromail as a rá go raibh "ár i ngach áit" san Eoraip an t-am sin agus nach ndearna Cromail tada nach raibh ag teacht le dlí an chogaidh ag an am. Maraíodh tuairim is 10,000 duine ag deireadh léigear Magdeburg, mar shampla. Ní ghéilleann Ó Siochrú don dearcadh sin, ámh. Deir sé go bhfuil "comhthéacs" tábhachtach sa chás sin: "Is annamh a tharla sé aon áit eile san Eoraip. Thuig daoine gur tharla rud ar leith in Éirinn. Chuaigh Cromail thar fóir leis na Caitlicigh - fiú i gcomhthéacs an ama. Níl aon dabht faoi sin. Thuig seisean sin chomh maith; thuig sé nár chloígh sé leis na rialacha agus é ag déileáil le muintir na hÉireann."

Bhí gráin chiníoch i gceist leis an mheon Cromalach agus d'amharc mórán Sasanach ar Éireannaigh mar fhodhaoine. Chuir bolscaire Sasanach amháin síos ar Chaitlicigh Éireannacha mar "merely a kind of reptilia".

Tá a leagan féin de gach grúpa de Chromail. Deir Ó Siochrú go dtuigeann staraithe Sasanacha cad é a tharla in Éirinn ach gur mó a spéis i scéal Chromail i Sasana - "Bogann siad ar aghaidh" - ach tá tuiscint acu gur tharla "drochrud" in Éirinn.

Tá deacracht ag aontachtaithe leis "ar shlí éigin". Mharaigh sé an rí, Séarlas I, agus dá bharr sin, bhí siad "míchompordach" leis. B'fhearr leo díriú ar Liam Buí de bharr go raibh sé "i bhfad níos simplí mar scéal".

Creideann Ó Siochrú nach bhfuil "an scéal iomlán againn" sa Stát: "Má tá muid le bogadh ar aghaidh, caithfidh tuiscint bheith againn ar an tréimhse."

Saighdiúir ar son Chríost a bhí ann mar Chromail; chreid sé gur cheart scrios a dhéanamh ar an namhaid. Ach scríobhann Ó Siochrú ag deireadh a leabhair: "Cromwell was no monster, but he did commit monstrous acts."

Aire agus eagrais

BHÍ AIRE na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, faoi agallamh ar Nuacht TG4 Déardaoin seo caite. Dúirt sé go raibh "i bhfad an iomarca eagraíochtaí Gaeilge ann," gur chóir athbhreithniú a dhéanamh orthu agus líon na n-eagraíochtaí a laghdú le go mbainfí an úsáid ab fhearr as an airgead a bhí ar fáil dóibh.

Ní hé seo an chéad uair gur thug Ó Cuív le fios gur chreid sé go raibh barraíocht eagras teanga ann. Má chreideann sé sin dáiríre, ba cheart dó a rá cad iad na heagrais a nascfadh sé le chéile nó na cinn a scorfadh sé agus conas mar a bheadh a leithéid de phlean le leas lucht na Gaeilge.

(Dála an scéil, b'fhéidir gurb í an fhírinne nach bhfuil go leor eagras Gaeilge ann!)

Ag éisteacht leis an agallamh, thuigfeá go raibh meas 'fear gnímh' aige air féin. Is fíor gur ghníomhaigh sé nuair a chuir sé deireadh le neamhspleáchas Bhord na Leabhar Gaeilge (eagras níos lú!) agus chuir cúrsaí foilsitheoireachta faoi chúram Fhoras na Gaeilge.

Ar an drochuair, bhí de thoradh air sin gur bhronn sé oifigí breise ar an Fhoras. Le cois an dá rang oifigí atá ag an Fhoras i mBaile Átha Cliath, tá oifigí i mBéal Feirste agus i nGaoth Dobhair, Co Dhun na nGall, acu. B'fhéidir nárbh é an comhthéacs ab fhearr é le ceist acmhainní na n-eagras a thógáil.

Ach is fear gnímh é Ó Cuív - gníomhaíodh sé agus beidh deis ag na heagrais a dhea-shampla a leanstan.

Ranganna Fómhair

TÁ AN comhlacht Gaelchultúr ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta in 15 ionad an Fómhar seo; ó Dhún na nGall go Port Láirge agus ó Bhré go Gaillimh.

Beidh na ranganna á reáchtáil ag ocht leibhéal éagsúla i mBaile Átha Cliath agus ag trí nó ceithre leibhéal sna hionaid eile. Déanfaidh na foghlaimeoirí freastal ar rang dhá uair an chloig, oíche sa tseachtain, ar feadh 12 seachtain agus €240 an táille a bheidh i gceist. Dúirt stiúrtóir Ghaelchultúr, Éamonn Ó Dónaill, go raibh sé ag "díriú ar dhaoine nach bhfuil staidéar déanta acu ar an Ghaeilge ó bhí siad ar scoil agus féachaint le dul i ngleic leis an dearcadh diúltach i leith na teanga atá le fáil go forleathan sa tír".

Eolas: 01-6753658 nó

www.gaelchultur.com

acmhainnresources - árslaughter - básadóirexecutioner - bolscairepropagandist - comhthéacscontext - eagrasorganisation - earnáilsector - éileamhdemand - foghlaimeoirlearner - foilsitheoirpublisher - foinsesource - namhaidenemy - neamhspleáchasindependence - táillefee - toradhresult