Conspóidí úsáide
B’fhéidir go ndéarfadh duine: “Éist, bíonn conspóidí úsáide i ngach teanga. Féach an Béarla: the Oxford Comma, civilise vs. civilize, the Government is vs. the Government are agus mar sin de. Is leor do scríbhneoirí fios a bheith acu go bhfuil difríochtaí mar sin ann.”
Tá go breá, ach ní slán riamh an chomparáid idir an Béarla agus an Ghaeilge. Is foghlaimeoirí atá i mbunús lucht na Gaeilge. An cainteoir dúchais féin, caithfidh sé nó sí dul i dtaithí ar chastaíochtaí comhréire na teanga scríofa.
Tugann sin a sáith dóibh, creidim, gan mo leithéidse a rá leo: “Bheadh “Stiúrthóir Cumann Carthanachta” ceart de réir Stíl Tí an Ghúim. “Stiúrthóir Cumainn Carthanachta” a bheadh ann de réir an CAO. Ach má ghlactar le comhairle na mBráithre Críostaí is “Stiúrthóir Cumainn Charthanachta” a bheadh ann.”
“Spleoid orthu uilig,” a déarfaidh an t-ábhar scríbhneora, “cén cineál amaidí seo nach dtig linn trí fhocal a chur i ndiaidh a chéile gan trí shraith rialacha a fhoghlaim?”
Bheadh fonn ar dhuine “Stiúrthóir ar Chumann Carthanachta” a scríobh agus a bheith réidh leis, ach ní i gcónaí a bhíonn bealach éalaithe le fáil amach as caschoill na n-ilfhoirmeacha agus na n-ilroghanna.
Ar aon nós, is fánach an dá chaighdeán Gaeilge a chur i gcomparáid le leabhair stíle mar Hart’s Rules nó MHRA Style Guide.
I gcás na leabhar stíle sin, roghnaíonn institiúid an ceann is fearr a oireann dá riachtanais féin agus cuireann na rialacha sin i bhfeidhm ar a gcuid cáipéisí féin.
Ní mhaíonn ollscoil Oxford, mar shampla, gur acusan amháin atá teimpléad na teanga scríofa. Ach is é a mhacasamhail atá á mhaíomh ag gach ceann den dá chaighdeán Gaeilge, chomh fada is a bhaineann sé leis an Ghaeilge oifigiúil.
Sin an rud is caighdeán ann. Beidh ar scríbhneoirí foilseachán amháin acu a roghnú agus cloí leis, cé gur doiligh an rogha sin a dhéanamh gan dul in abar i gceisteanna polaitíochta.
Tá drogall ar dhaoine trácht ar cheist seo an dá chaighdeán le tréan measa ar na hinstitiúidí atá i gceist. Agus tá fearg orthu go bhfuiltear ag tabhairt orthu rogha a dhéanamh.
Athbhreithniú
Bheadh sé áibhéalach a rá go bhfuil “díospóireacht” ar siúl i measc lucht na Gaeilge i dtaobh an dá chaighdeán. Níl ann go dtí seo ach cur is cúiteamh faoi cé aige a mbeidh an lámh in uachtar, amhail is gur babhta dornálaíochta é. Luaitear ardstádas na Rannóige, cuir i gcás.
