Comóradh le déanamh ar fhear Gaeltachta a crochadh go héagórach

Wed, Nov 21, 2012, 00:00

Go moch ar maidin an 15ú Nollag 1882 fuair gobharnóir phríosún na Gaillimhe teileagram ón Iarla Spencer, Fear Ionaid na Banríona agus Tiarna Leifteanant na hÉireann.

Go gairid roimhe sin, bhí an bheirt eile a bhí le crochadh in éineacht le Seoighe tar éis ráitis scríofa a thabhairt ag admháil go raibh siad ciontach as dúnmharaithe Mhám Trasna ach go raibh Maolra Seoighe neamhchiontach.

Neamhaird ar fhianaise

“The law must take its course,” a scríobh an tIarla mar mhíniú gonta ar a chinneadh neamhaird a dhéanamh ar an bhfianaise nua.

Ag 8.15 an mhaidin chéanna crochadh Seoighe as a bheith páirteach i ndúnmharú teaghlaigh ceithre mhí roimhe sin i Mám Trasna ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo.

Ar an 15ú lá don mhí seo chugainn, eagróidh Oifig an Choimisinéara Teanga, Músaeum Cathrach na Gaillimhe agus Conradh na Gaeilge ócáid chomórtha i gcuimhne Sheoighe in iarracht eile aird a tharraingt ar a chás truamhéalach.

Beidh an ócáid sa Ghaillimh mar thaca leis an iarracht atá ar bun ag roinnt ball de Thithe na Parlaiminte sa Bhreatain chun tabhairt ar na húdaráis ansin a fhógairt gur go héagórach a ciontaíodh Maolra Seoighe.

Beidh duine de cheannairí an fheachtais sin, an Tiarna Acton as Learpholl, i láthair ag an ócáid chomórtha sa Ghaillimh an mhí seo chugainn.

In imeacht na mblianta tháinig tuilleadh fianaise chun solais faoin éagóir a deineadh ar Sheoighe. Deineadh neamhaird dá fhianaise i nGaeilge, coimeádadh siar fianaise thábhachtach ón gcúirt agus thug brathadóirí fianaise bhréige ina choinne.

Cime gan Béarla ar bith

Fear Gaeltachta ab ea Seoighe nach raibh aon Bhéarla aige agus ní raibh aon Ghaeilge ag an dlíodóir a bhí á chosaint.

Ní raibh Gaeilge ach an oiread ag an mbreitheamh ná ag baill an ghiúiré a chaith níos lú ná sé nóiméad i mbun machnaimh ar an scéal sara dtáinig siad ar chinneadh go raibh sé ciontach.

Agus eolas faoi ócáid chomórtha na míosa seo chugainn á fhógairt sa Ghaillimh inné, dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nár cheart cás Sheoighe a scaoileadh chun dearmaid.

“Tráth a bhfuil cearta teanga an phobail daingnithe le dlí anois, níor cheart dearmad a dhéanamh ar chásanna cosúil le cás Mhaolra Seoighe, a léirigh gur dheacair cothrom na Féinne a fháil an uair sin faoin dlí gan Bhéarla,” a dúirt Ó Cuirreáin.

Crochadh agus cuireadh Maolra Seoighe ar láthair phríosún na Gaillimhe san áit a bhfuil Ardeaglais na Gaillimhe anois.

Mar chuid den chomóradh an mhí seo chugainn leagfar bláthfhleasca ar an áit ar crochadh é agus beidh Aifreann ina chuimhne san Ardeaglais féin.

Ina dhiaidh sin reachtáilfear siompóisiam i Músaem na Cathrach.

I measc na gcainteoirí ann, beidh Johnny Joyce, duine de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh i Mám Trasna ar 17ú Lúnasa 1882.

Fógrófar tuilleadh imeachtaí sna seachtainí amach romhainn.

Fathaigh na staire

Bhí cás brónach Mhám Trasna ina scéal mór náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Phléigh cuid d’fhathaigh na staire an scéal i bparlaimint Westminster, ina measc Charles Stewart Parnell.

Nuair a diúltaíodh d’fhiosrúchán poiblí ar an gcás thaobhaigh Parnell agus na teachtaí Éireannacha leis na Tóraithe i Westmister a bhí faoi cheannas Randolph Churchill.

An “Maamtrasna Alliance” a tugadh ar an socrú sin agus tá an chomhghuaillíocht luaite i measc na gcúiseanna ar thit rialtas Liobrálach William Gladstone in 1885.

Tá lucht eagraithe na hócáide i gcuimhne Mhaolra Seoighe ag súil le haird an phobail a tharraingt arís an mhí seo chugainn ar chás a rinne an staraí iomráiteach Robert Kee cur síos air mar “one of the most blatant miscarriages of justice in British legal history”.