Ceisteanna bunúsacha le freagairt faoin 'táirge den scoth'

Wed, Feb 13, 2013, 00:00

Tuarascáil:Más maith leat do mholadh, faigh bás. Faoi dhaoine a deirtear sin ach is fíor faoi nuachtáin fosta é más fianaise ar bith í ráiteas Fhoras na Gaeilge faoin nuachtán seachtainiúil, Gaelscéal.

D’fhógair an t-eagras thuaidh/theas go raibh siad le deireadh a chur le conradh an nuachtáin leis na foilsitheoirí, Torann na dTonn, sula raibh a sheal istigh agus deireadh a chur le maoiniú bliantúil €400,000 dá bharr sin.

Mhol siad lucht an nuachtáin as “táirge den scoth a chur ar fáil do phobal léitheoireachta na Gaeilge” i líne amháin agus dúirt go neamhbhalbh sa chéad líne eile nárbh í “an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”.

Mar a dúirt an Conallach lá den saol: fwhat?!

Más táirge den scoth a bhí ann cad chuige nár cheannaigh daoine é agus cad chuige ar shocraigh an foras deireadh a chur leis an mhaoiniú? Murab í an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a chur ar fáil do lucht na Gaeilge, cad é mar a d’éirigh leis an nuachtán san fhormáid ar líne?

Ní raibh daoine ag briseadh na gcos leis an nuachtán a cheannach – 1,314 cóip sa tseachtain de réir fhigiúirí an fhorais – agus, bíodh is nach bhfuil figiúirí neamhspleácha ann, ní cosúil go raibh an pobal ag briseadh na méarchlár leis an nuachtán a íoslódáil saor in aisce ón idirlíon

Cad é an bua, mar sin, a bhí ag an “táirge den scoth” seo? Ábhar miontráchtais a bheas ann do mhac léinn éigin iriseoireachta amach anseo fáil amach cad é a tharla don bhó bheannaithe nach raibh ann sa deireadh ach capall faoi cheilt i mburgar na meán.

D’fhéadfá cúpla leathanach a líonadh leis na deacrachtaí a bhain leis an táirge agus leis na dúshláin a bhí le tabhairt: easpa taithí na foirne agus na bainistíochta san earnáil seo; an deacracht le margadh léitheoireachta a aithint agus a chothú; an gá le dul in iomaíocht le seirbhísí fiúntacha raidió agus teilifíse; an riachtanas le gean a chothú don nuachtán i measc an phobail.

(9,000 cóip sa tseachtain a luaigh Torann na dTonn a bheith mar sprioc acu. Cé acu is soineanta mar sin; an dream a deir go ndíolfaidh siad 9,000 cóip de nuachtán Gaeilge nó an dream a thugann an t-airgead dóibh le tabhairt faoi?)

Ach ní hiad na laigí agus na dúshláin is tábhachtaí ag an bhomaite. Is í an cheist is bunúsaí faoin rud ar fad cad é mar a theip chomh tubaisteach ar fhiontar náisiúnta eile de chuid an fhorais?

Cad é mar a reáchtáil an foras comórtas le nuachtán seachtainiúil a chur ar fáil tá tamall gairid ó shin – 2010 – agus a laghad sin a bheith le feiceáil mar thoradh ar an obair agus ar an airgead?

Tubaiste atá ann d’fhoireann an nuachtáin go bhfuil bata is bóthar le tabhairt dóibh; tubaiste atá ann do phobal na Gaeilge go bhfuil bochtú déanta ar a roghanna léitheoireachta agus tubaiste atá ann don fhoras mar léiríonn sé a n-éagumas arís.

Bhí an nuachtán seachtainiúil ar cheann den bheagán tionscnamh uile-oileánda a bhí ann. Deis a bhí sa pháipéar glór náisiúnta a thabhairt do lucht na Gaeilge le hanailís a dhéanamh, aitheantas a thabhairt agus iaróg a thógáil.

Meastar páirt lucht an nuachtáin san fhiontar sin mar is ceart ach caithfear cuid an fhorais a mheas fosta. Ar thuig muintir an fhorais cúrsaí nuachtáin iad féin?

Bhraithfeá nár thuig agus bhraithfeá go raibh siad ar tí botún eile a dhéanamh. Ní hí “an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar”? Ní hé sin taithí an scríbhneora seo.

Seachtain eile i saol an fhorais agus tubaiste eile. Theip ar an tSamhail Nua Mhaoinithe anuraidh agus níl ag éirí go rómhaith leis an tsamhail úrnua mhaoinithe faoi láthair.

Chaith an foras €200,000 ar tháillí dlíodóra ar cheist inmheánach pinsin; tugann a miontuairiscí féin le fios go raibh próiseas inmheánach smachta ar siúl acu agus tá deireadh anois le tionscnamh mór eile.

Ní chothaíonn na himeachtaí seo misneach; ní chothaíonn siad cur chun cinn na teanga. Tá an t-am ag na hairí cúpla ceist a chur ar phríomfheidhmeannach an fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, agus ar chathaoirleach an bhoird, Liam Ó Maoilmhichíl, faoina bhfuil ar siúl ag an eagras.