Cearta teanga, pobal mionteanga agus polasaí an Stáit

Wed, Feb 15, 2012, 00:00

TUARASCÁIL: THUG AN Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta deis don phobal le deireanas moltaí a roinnt leis an Stát san athbhreithniú atáthar á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Is iondúil go gcuirtear fáilte roimh dheis athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú pholasaí agus chleachtais an Stáit i réimse freagrachta ar leith.

Is neamhghnách, áfach, sa chás seo go bhfuil athbhreithniú á iarraidh ar Acht de chuid an Stáit nach bhfuil deich mbliana slánaithe fós aige.

Ní haon údar iontais é mar sin go bhfuil imní á déanamh gur laghdú cumhachta agus feidhme atá ar na bacáin i ndáiríre san athbhreithniú seo.

Má fhéachtar le cearta na gcainteoirí Gaeilge a chúngú, mar thoradh ar an bpróiseas athbhreithnithe seo, beidh an baol ann go gcothófar an meon úd gur “caint san aer” atá in allagar an Stáit Éireannaigh faoina pholasaí teanga, go háirithe i bhfianaise na géarchéime teanga atá ag dul in ainseal sa Ghaeltacht.

Is deacair muinín a chur in áitimh an Stáit faoi thábhacht na Gaeilge don fhéiniúlacht náisiúnta nuair atá feidhmiúlacht shóisialta, oideachais na Gaeilge á creimeadh go leanúnach ina réimsí praiticiúla saoil.

I bhfianaise na laincisí feidhmiúcháin a bhaineann le céimeanna tosaigh na straitéise 20 bliain don Ghaeilge, chuirfí go mór leis an imní go mb’ionann laghdú cumhachta a mholadh i dtaobh an Achta agus beartas eile díomhaoine a cheapadh i leith na Gaeilge.

D’fhéadfaí leas níb fhearr a dhéanamh dá dtabharfaí faoi chearta teanga na gcainteoirí Gaeilge a dhearbhú sna réimsí is mó a bhfuil gátar iontu – seasmhacht shóisialta an phobail teanga.

Is dóigh nach léir cheana féin, áfach, cén bhaint atá ag allagar na bpolasaithe teanga ar láimh amháin agus an bunriachtanas atá ag Gaeil ar an láimh eile go dtiocfadh a gcuid cainteoirí óga in inmhe mar chainteoirí cumasacha.

Ní féidir cur le hinmharthanacht pobail mhionteanga d’uireasa (i) dlús criticiúil cainteoirí baile mionteanga agus (ii) forás sóisialta na n-óg sa mhionteanga.

Níl ceachtar den dá thoradh ghaolmhara seo á bhaint amach go sásúil i gcás na Gaeilge i láthair na huaire.

Seo iad na fáthanna nach bhfuil rannpháirtíocht mhuiníneach agus ghníomhach á cothú i ngréasáin phobail agus institiúideacha a bhfuil labhairt na Gaeilge ceannasach iontu.

Ghlacfadh daoine réasúnta atá i bhfách le bunéirim Acht na dTeangacha Oifigiúla gur fheidhmigh foireann Oifig an Choimisinéara Teanga go cumasach faoi réir fhorálacha an Achta agus sholáthar riartha na hoifige.

B’inmholta, áfach, roinnt machnaimh a dhéanamh ar chearta teanga na gcainteoirí Gaeilge a dhearbhú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach a thacaíonn níos dírí le riachtanais chainteoirí agus a gcuid institiúidí.

Mholfainn mar sin tosaíocht a lua leis na cearta teanga is bunúsaí, .i. teacht in inmhe na gcainteoirí óga agus inbhuanaitheacht na bpobal nó na ngréasán Gaeilge a bhfuil siad páirteach iontu.

Tuigtear go forleathan gur cinniúnaí beartas ar son cainteoirí ná íomhá chorparáideach dhátheangach comhlachtaí leath-Stáit agus codanna eile den státchóras.

Is mó seans go mbainfí toradh níos fóintí amach don Ghaeilge dá dtabharfaí tosaíocht i bhfeidhmiú an Achta do réimsí an phobail, an oideachais agus rochtain ar institiúidí agus ar ghréasáin Ghaeilge.