Canúintí nach ann dóibh

Tue, Feb 14, 2012, 00:00

BEOCHEIST:AGUS MÉ im chónaí i gcathair Chur, bím ag plé gach lá le Gearmáinis na hEilvéise. Is canúint í seo nár thuig Gearmánach riamh.

Teanga inti féin is ea í, beagnach. Tá stór focal faoi leith aici. Tá gramadach faoi leith aici. Sibhse a d’fhoghlaim Gearmáinis ar scoil, tuigeann sibh: “ich habe, du hast, er hat, wir haben, ihr habt, sie haben.” Sa taobh seo tíre deirtear: “i han, du häsch, er hät, miar hänt, iar hänt, sia hänt.”

Nár dhúirt mé libh gur theanga inti féin ab ea í? Ar chaoi ar bith, ní féidir a shéanadh go bhfuil a leithéid de chanúint ann. Tá daoine a labhrann canúintí áirithe eile agus ní admhaíonn siad é – dóibh féin, fiú amháin.

Tá dearcadh diúltach ann ar chanúintí ina lán tíortha. Ní gá ach smaoineamh ar na canúintí nach labhartar a thuilleadh – sa bhFrainc, mar shampla, agus in Eilvéis na Fraincise, áit ar maraíodh iad sna scoileanna náisiúnta. Ina lán tíortha, níor cheart do “dhuine uasal” an chanúint áitiúil a bheith aige. Fágtar don ísealaicme agus do mhuintir na tuaithe í.

Is fíor go bhfuil a lán daoine san Eoraip tar éis éirí as an gcanúint áitiúil agus an teanga chaighdeánach á labhairt acu anois, abair, ón aimsir iarchogaidh i leith. Tá líon mór daoine san Iodáil anois ag labhairt Iodáilise nár labhair a seanathracha í. Agus tá an scéal mar an gcéanna sa Ghearmáin.

Tá na canúintí i ndomhan an Bhéarla chomh marbh sin nach n-aithnítear go bhfuil a leithéid ann.

Dúirt Éireannach liom cúpla bliain ó shin nach raibh canúint ag muintir Bhaile Átha Cliath, nach bhfuil ann ach “blas” (“accent”). Agus Dub a bhí i mo dhuine!

An bhfuil aon rud i ndomhan an Bhéarla gur féidir a chur i gcomparáid le Gearmáinis na hEilvéise?

Smaoiním ar an Albainis, Béarla Ghalltacht na hAlban nár thuig Sasanach riamh. Is fíor go bhfuil dearcadh diúltach ag na Sasanaigh ar an Albainis, go bhfuil dearcadh diúltach ag Albanaigh féin uirthi má tá siad beagán galánta, agus go raibh sé de dhualgas ar an scoil náisiúnta in Albain riamh an Albainis a ruaigeadh amach agus an Béarla a chur ina háit.

Fiú sa lá atá inniu ann measann cuid mhór daoine in Albain nach labhrann siad Albainis ach go labhrann siad droch-Bhéarla.

Tá daoine ann nach gcreideann gurbh ann d’Albainis Uladh, agus a deir nach bhfuil inti ach teanga a chum na Fir Bhuí le blianta beaga anuas toisc éad a bheith orthu le lucht na Gaeilge.

Sin an deacracht le canúintí – bíonn daoine ann i gcónaí a déarfaidh leat nach ann dóibh. Leis na céadta táthar ag rá ar fud na hEorpa nach ann do chanúintí réigiúnacha, nach bhfuil iontu ach “blas” nó b’fhéidir “droch-chaint lucht an aineolais”.

Is breá liom féin an Albainis. Measaim go bhfuil draíocht ag baint lena cuid filíochta ó Rabbie Burns go dtí Hugh MacDiarmid. Cén fáth go mbíonn an éifeacht sin ag an Albainis orm?

Mar gur “máthairtheanga” agam í ar bhealach. Chuala mé í den chéad uair ó mo mháthair nach maireann, Áine Ní Chreag nó “wee Annie Craig” mar a thugtaí uirthi i nDoire. Cé gur Ghaeilgeoirí Conallacha iad a muintir ó dhúchas, ní raibh focal Gaeilge ina cloigeann aici.

Mar sin féin, ní Béarla a bhí aici mar theanga dhúchais, ach Albainis Uladh de shaghas. Ní blas Ultach a bhí i gceist anseo, geallaim daoibh, ach canúint iomlán agus a stór focal féin aici.

Nuair a bhí mé corraithe deireadh sí “don’t fash yourself”. Chun a rá nach nglacfadh sí le rud éigin: “I’ll not thole that.” Nuair a bhínnse dána, deireadh sí “you’re thran”. Chun a rá nach raibh an dara rogha ann: “It’s not “aye, will ye” but ye maun do it.”

Chloisinn na seoda teanga seo uaithi, mé i mo theangeolaí beag, agus mé i mo shuí in aice na tine sa seomra láimh leis an chistin sa teach s’againne i mBaile Átha Cliath.

Bhí go leor focal ann nár thuig mé. Uair amháin chuir an madra fearg uirthi de bharr ruda éigin. Agus i gcónaí nuair a bhí fearg uirthi, chualathas tobar fíorghlan na canúna uaithi. “Get out,” arsa sise leis an madra, “ye hoor’s get!”

“What’s a “hoor’s get”?” arsa mise léi. Rinne sí gáire, agus aiféala an domhain uirthi. “Och, never mind,” ar sise agus amach léi arís go dtí an chistin.