Cén fáth nach bhfuil guth na Gaeilge le clos?

 

TÁ “FORBAIRT” ar cheann den dornán focal sin ar tarraingíodh amhras agus míchliú orthu le tamall anuas, go háirithe ó thit an tír in umar aimléiseach an IMF. Bheadh “forbróir”, “baincéir”, “an Banc Angla-Éireannach” agus “Fianna Fáil” féin ard go maith ar an liosta céanna.

Níl léiriú níos gléiní agus níos scanrúla ar fáil den tslí inar theip go tubaisteach ar pholasaí forbartha an Stáit seo ná imeachtaí 2010. Cé go bhfuilimid ag diúl go craosach ar shiní an IMF anois, ní géarchéim airgeadais agus eacnamaíochta amháin atá againn ach géarchéim shóisialta agus chultúrtha.

Ní réiteofar ár ngábh tríd an eacnamaíocht amháin ach an oiread. Is gá múnla nua a chruthú a aithníonn nach ionann an fhorbairt agus an fás eacnamaíoch amháin ach go bhfuil gnéithe sóisialta, cultúrtha, pobail agus comhshaoil ina ndlúthchuid di chomh maith.

Ba cheart go mbeadh ról lárnach ag an nGaeilge san fhealsúnacht nua forbartha atá de dhíth orainn. Ní fís útóipeach ná plean buile é seo ach gné amháin den tsochaí shibhialta nua a bhfuil gá léi.

I leabhar nua de mo chuid, Contests and Contexts: The Irish Language and Irelands Socio-Economic Development, léirím conas a dhéanann staraithe agus tráchtairí ar shochaí na hÉireann neamhaird den athrú drámatúil teanga a tharla. Cheapfá gur feiniméan nádúrtha é nach bhféadfaí a chosc. Bain anuas den tseilf aon cheann de mhórshaothair ghinearálta staire na hÉireann le 40 bliain anuas agus is beag plé ar an nGaeilge a aimseoidh tú ann. An dornán beag daoine sin a thagraíonn don mheath teanga, níos minicí ná a mhalairt fógraíonn siad bás na Gaeilge go neamhbhalbh. Ní aithníonn mórán díobh go bhfuil an teanga fós á labhairt. Tá an tost céanna le brath ar léann an chultúir agus ar go leor den léann iarchoilíneach.

Os a choinne sin, tá traidisiún eile ann a théann siar chomh fada le leithéidí Thomas Davis agus Dhúglais de hÍde: údair a áitíonn go bhfuil tionchar dearfach ag cur chun cinn na Gaeilge ar fhorbairt na tíre. Saothair a scríobhadh don ghnáthphobal, seachas saothair an-acadúla, atá i gceist den chuid is mó.

Tá blas antoisceach ar leor le cuid de na hargóintí sin faoi mar a bhí ar ghnéithe de ghluaiseacht na hathbheochana féin. De réir mar a thránn aisling na hathbheochana san 20ú haois, áfach, faighimid leaganacha eile den argóint chéanna, á gcur in iúl ar bhealach níos stuama agus níos sofaisticiúla.

Ar an sampla is fearr den díospóireacht sin tá mórshaothar J.J. Lee, Ireland 1912-1985: Politics and Society. Cuireann Lee an cheist: cén fáth ar chaith muintir na hÉireann an Ghaeilge uathu chomh tapaidh agus chomh hiomlán sin, nuair nach raibh an fonn céanna díchuimhne ar lucht labhartha “mionteangacha” eile san Eoraip, dála na Fionlainnise agus na Danmhairgise?

D’éirigh go seoigh le geilleagar na dtíortha sin san 20ú haois ach bhí geilleagar na hÉireann go faonlag go dtí na 1960í. An raibh baint ag tréigean na Gaeilge leis sin, a fhiafraíonn Lee?

Ceisteanna Lee a spreag an leabhar seo uaim. Ar dtús, scrúdaítear na húdair sin a d’áitigh go raibh dea-thionchar ag an nGaeilge ar fhorbairt na tíre, ó Davis anuas go dtí tráchtairí na linne seo, leithéidí Bhreandáin Uí Dhoibhlin, Michael Cronin agus Finbarr Bradley. Chun bonn teoiriciúil a chur faoin taighde, déantar na hargóintí sin a shuíomh i réimsí na sochtheangeolaíochta, san eacnamaíocht pholaitiúil agus i léann na forbartha féin.

Molaim gur chóir gnéithe den tsochtheangeolaíocht a phósadh leis an bhforbairt shoch-chultúrtha agus múnla nua teoiriciúil a úsáid chun an nasc idir teanga agus forbairt a thuiscint.

Déanaim staidéar ar fheidhmiú an mhúnla seo i gcomhthéacsanna éagsúla. Roghnaítear trí cheantar Ghaeltachta – Na Déise, Múscraí agus deisceart Chonamara – agus féachtar ar na slite ina dtuigtear an caidreamh idir cur chun cinn na Gaeilge agus forbairt shocheacnamaíoch na gceantar sin.

Fiosraítear beartas nua forbartha Údarás na Gaeltachta agus an t-athrú a tháinig ar bhéim na heagraíochta ó mhéadaigh imní an phobail faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Déantar staidéar chomh maith ar cheantair nach bhfuil sa Ghaeltacht, iarthar Bhéal Feirste agus cathair na Gaillimhe. Sna cásanna sin go léir, tá fianaise ar fáil de dhea-thionchar na Gaeilge ar an bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch.

Mar shampla, tá na tionscadail áitiúla nach bhfuil d’aidhm acu brabús a dhéanamh ach leas a bhaint as an nGaeilge mar acmhainn shóisialta nó chultúrtha chun féinmhuinín an phobail a thógáil. Orthu sin tá an comórtas náisiúnta Glór na nGael agus go leor de chomharchumainn agus eagraíochtaí pobail na Gaeltachta.

Tá fianaise dhearfach faoin ngeilleagar ar fáil chomh maith. Is fiú tuairim is €136m an Ghaeilge do chontae agus do chathair na Gaillimhe de réir taighde a foilsíodh anuraidh. I 2004, b’fhiú beagnach €13m don gheilleagar an fhostaíocht a chruthaigh TG4, gan trácht ar na suáilcí sóisialta agus teanga a bhaineann leis an stáisiún.

Mar sin féin, cé go bhfuil tionscadail mhaithe ar bun, tá srianta go leor fós ar thionchar na Gaeilge ar an bhforbairt. Ar an imeall a bhíonn an Ghaeilge go minic agus caithfear tionscadail nuálacha, chruthaitheacha a bhunú agus a fheidhmiú go leanúnach chun gur féidir a hacmhainn a scaoileadh sa tsochaí agus sa gheilleagar.

Mar thoradh ar ghábh na tíre, tá gluaiseacht nua don tsochaí shibhialta ag bailiú nirt. Tá raon leathan grúpaí pobail agus mionlaigh ag iarraidh luachanna a aontú mar bhonn faoin tsochaí shibhialta. Caithfidh an Ghaeilge a bheith lánpháirteach sa ghluaiseacht sin ach údar mór lagmhisnigh is ea tost bodhraitheach na n-eagraíochtaí Gaeilge go dtí seo. Ba dhóigh le duine go mbeadh ról ceannaireachta acu, go háirithe in am an ghátair.

Cén fáth nach bhfuil guth na Gaeilge le clos ag cruinnithe de chuid Claiming our Future nó i bhfeachtas Fintan O’Toole ar son poblachta nua in Éirinn? Cén fáth nár chuir aon eagraíocht Ghaeilge aighneacht faoi bhráid Choimisiún an Daonlathais a d’fhoilsigh tuarascáil faoin tsochaí shibhialta i 2005?

Glacaimis páirt sa díospóireacht agus samhlaímis leagan nua den fhorbairt nach bhfuil faoi shrathair an fháis. Mhaífeadh go leor gur fánach an mhaise dúinn a bheith ag labhairt ar chúrsaí Gaeilge agus an tír i ndeireadh na feide. Ach is léir gur gá athbheochan nua agus is deis stairiúil í seo do phobal na Gaeilge páirt a ghlacadh san iarracht náisiúnta sin. Ná scaoilimis tharainn í.

** Léachtóir le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochta agus na gCultúr in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é an Dr. John Walsh. Is féidir a leabhar Contests and Contexts: The Irish Language and Ireland’s Socio-Economic Development a ordú ag www.peterlang.com

aighneachtsubmission – antoisceachextreme – athbheochanrevival – béimemphasis – dearfachpositive – deisopportunity – díospóireachtdebate – feiniméanphenomenon – forbairtdevelopment – gábhperil – geilleagareconomy – múnlamodel – seilfshelf – sochaísociety – tioncharinfluence