Bliain chinniúnach na straitéise don Ghaeltacht agus don Ghaeilge

Wed, Jan 25, 2012, 00:00

TÁIMID AG tús tréimhse a bheidh fíorchinniúnach ó thaobh thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá an creimeadh teanga a léiríodh chomh suntasach sin sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ag leanúint ar aghaidh as éadan agus táthar ag prapáil leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a fheidhmiú mar fhreagra an Stáit don dúshlán mór a bhaineann leis an taoille ocrach sin a chasadh ar ais.

Níl aon amhras orm ach go mbeidh rath nó teip na straitéise sa Ghaeltacht sa bhfadtéarma ag brath ar an gcur chuige a nglacfaidh an Stát leis sna céimeanna tosaigh – struchtúir oiriúnacha a bhunú, eagrú na ngeallshealbhóirí, roghnú agus scóip na dtosaíochtaí sna príomhréimsí gnímh, spriocanna a aontú, córas monatóireachta agus meastóireachta a bhunú, spreagadh agus misniú an phobail le bheith lánpháirteach sa phróiseas agus, thairis sin ar fad, tiomantas agus toilteanas iomlán an Rialtais agus an státchórais don bheartas a chinntiú.

Cé gur ghlac an Rialtas Comhpháirtíochta leis an straitéis go hoifigiúil i mí an Mheithimh 2011 níor mhiste an cúlra fada as ar eascair sé sin a mheabhrú dúinn féin.

B’ionann cinneadh sin an Rialtais agus an chloch choirnéil a chur ar thréimhse beagnach deich mbliana de chéimeanna tógála i dtreo na sprice sin. San áireamh sna céimeanna sin bhí ceapadh Choimisiún na Gaeltachta (2000) agus foilsiú Thuarascáil an Choimisiúin (2002), Acht na dTeangacha Oifigiúla agus bunú Oifig an Choimisinéara Teanga (2003), aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre de chuid an AE (2003/2004), foilsiú Ráiteas ar an nGaeilge mar pholasaí Rialtais (2006), agus foilsiú an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007) a spreag coimisiniú na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge ar foilsíodh dréacht di in 2009.

Níl aon amhras ach gur baineadh siar as pobal na Gaeilge agus pobal na tíre trí chéile nuair a léirigh an staidéar teangeolaíoch gurb é an toradh a bheadh ar an athrú tobann leanúnach teanga a bhí ag tarlú sa Ghaeltacht gur ar éigean go dtiocfadh an Ghaeltacht slán thar 20 bliain eile mar shainphobal inmharthanach teanga d’uireasa atheagair cuimsitheach raidiceach a dhíreodh na struchtúir riaracháin phoiblí ar “gníomhaíochtaí straitéise agus pleanála a bhaineann le freastal a dhéanamh ar riachtanais teanga na gcroícheantar Gaeltachta” ar bhonn práinne.

Ar ndóigh, níor mhaolaigh an phráinn sin ó 2009 i leith. Tá pobail áitiúla na Gaeltachta ag súil le treoir agus comhairle faoina rólanna ionchais féin tráth a bhfuil éiginnteacht ardaithe faoina mbonn maoinithe.

Le go mbeidh an rath ar an straitéis sa Ghaeltacht is gá na pobail áitiúla a eagrú agus a ghríosadh tríd na heagrais phobail lena bpáirtíocht ghníomhach a chinntiú.

Leis an gcúram sin a dhéanamh go rathúil caithfear feachtas oiliúna i dteicnicí pleanála teanga a thionscnamh i gcomhar leo. Creidim go bhfáilteoidís roimh a leithéid mar ghné thábhachtach den réamhullmhúchán reatha. D’uireasa dea-thola agus tacaíochta an phobail ar bhonn gníomhach ní bhainfear amach mórsprioc na straitéise maidir le cur go céimnitheach le líon na gcainteoirí Gaeilge i ngach pobal Gaeltachta.

Cén chaoi, mar sin, a bhfuil an tAire Stáit agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag freagairt don phráinn a bhaineann le feidhmiú na straitéise? Féachaimis ar a bhfuil fógraithe agus foilsithe maidir le feidhmiú na straitéise go dtí seo.

Tá Coiste Rialtais ann a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air le maoirseacht a dhéanamh ar an dul chun cinn. Tá Grúpa Oifigeach Sinsearach atá comhdhéanta d’oifigigh ardleibhéil ó ranna cuí Rialtais ag tacú leis an gCoiste Rialtais. Tá Grúpa Idir-Rannach le bunú fós chun pleananna forfheidhmithe na Ranna ábhartha a aontú agus chun monatóireacht a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm. Tosóidh an grúpa seo ag feidhmiú nuair a bheidh pleananna na ranna éagsúla cuí idir lámha. Glacaim leis go bhfoilseofar na pleananna sin in am trátha.

Is é an príomhghrúpa tiomána atá ann ná An tAonad Straitéise i Roinn na Gaeltachta. Tá an tAonad Straitéise sin á stiúradh ag Stiúrthóir na Gaeilge, Máire Killoran, le tacaíocht ó Rannóg na Gaeilge faoi cheannas an phríomhoifigigh Bertie Ó hAinmhire, agus ó Rannóg na Gaeltachta faoi cheannas an phríomhoifigigh Séamus Mac Giolla Chomhaill.

Is é seo an t-aonad atá ag feidhmiú mar idiraghaidh idir na grúpaí, coistí, ranna agus comhlachtaí éagsúla a mbeidh a bpleananna sonracha féin á bhfeidhmiú acu.

Is é an t-aonad seo atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise, monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt acmhainní, feidhmiú tras-rannach ar thionscnaimh a thiomáint, sainchomhairle a sholáthar agus tuairiscí agus cáipéisíocht chuí a fhoilsiú mar eolas don phobal. Is é seo seomra inneall na straitéise.

Tá Grúpaí Oibre Ardleibhéil le bheith ann agus tá réamhchéimeanna tógtha chun iad sin a chur ag gluaiseacht. Ar cheann acu sin tá grúpa atá ionadaíoch den Roinn féin, den Údarás agus d’Fhoras na Gaeilge “chun idirdhealú a dhéanamh ar na feidhmeanna ar leith a bheidh á gcomhlíonadh acu sin faoi seach”.

(Gné thábhachtach atá le soiléiriú agus le socrú fós, áfach, ná na feidhmeanna breise teanga a mbronnfar ar Údarás na Gaeltachta le gur féidir leis a bheith freagrach go hiomlán as cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht. Glactar leis go gcinnfear é sin trí fhoráil i mBille na Gaeltachta níos déanaí sa bhliain).

Fógraíodh i mí na Samhna seo caite go raibh Grúpa Oibre Ardleibhéil ag feidhmiú idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna “chun díriú ar chur i bhfeidhm na straitéise i réimse gnímh an oideachais”.

Tógadh céim eile sa réimse seo an tseachtain seo caite nuair a thionól an tAonad Straitéise cruinniú den dá Roinn sin le hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ba é cuspóir an chruinnithe sin ná “plé a dhéanamh ar na tosaíochtaí oideachais a aithint agus scrúdú a dhéanamh ar réimse gnímh an oideachais maidir leis na struchtúir feidhmiúcháin agus na hacmhainní a theastóidh leis an straitéis a chur i bhfeidhm”.

Ní nach ionadh tháinig an grúpa le chéile faoi “rabhadh sláinte” ón Roinn a mheabhraigh dóibh “go gcaithfear aon tosaíochtaí a aontú ag tabhairt san áireamh na laincisí ar acmhainní i láthair na huaire”.

Sin í an aeráid ina mairimid. Dúshlán mór a bheidh ag an ngrúpa seo ná an t-amhras mór atá ar chainteoirí Gaeilge faoi thiomantas na Roinne Oideachais don Ghaeilge a shárú.

BAINEADH SIAR as pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i mí na Samhna seo caite nuair a fógraíodh go raibh crann taca chearta an phobail sin, Oifig an Choimisinéara Teanga, le haistriú isteach faoi Oifig an Ombudsman.

Dá thoradh sin beidh pobal na Gaeilge ag faire go géar ar an toradh a bheidh ar an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus aon chinneadh Rialtais a éireoidh as sin i rith na ráithe seo romhainn.

Lena chois sin, beifear ag faire ar phlean forfheidhmithe trí bliana na straitéise atá á ullmhú faoi láthair, ar phleananna agus tosaíochtaí na bpríomhpháirtithe leasmhara, ar an mBille Gaeltachta gona chuid forálacha cuimsitheacha teanga, sóisialta agus fiontraíochta, ar an gcur chuige maidir le pleanáil teanga, córas ceapacháin bhord nua ainmnithe Údarás na Gaeltachta agus gnéithe éagsúla ábharthacha eile na straitéise. Beifear ag faire go géar ar an sainmhíniú nua ar an nGaeltacht agus ar na himpleachtaí a bheidh aige sin ar theorainneacha na Gaeltachta.

Dé hAoine seo romhainn beidh a gcéad chruinniú den bhliain nua seo ag Bord Údarás na Gaeltachta. Tuigtear go gcuirfear in iúl don bhord go bhfuil aontaithe idir an Roinn agus an tÚdarás go bhfógrófar post an phríomhfheidhmeannaigh san Údarás go han-luath.

Is ceapachán rí-thábhachtach é seo ní hamháin do thodhchaí an Údaráis a mbeidh feidhmiú na straitéise lárnach ina chuid feidhmeanna, ach lena chois sin mar phost cinnireachta Gaeltachta.

Tá mapa bóthair táscach imlíneach againn faoi láthair a thugann comharthaí ginearálta go leor dúinn faoin ród atá romhainn. Tá go leor sonraí le líonadh isteach sna bearnaí fós, áfach, chun iomlánú a dhéanamh air mar uirlis chomhtháite.

Bliain chinniúnach a bheidh inti seo don straitéis agus don Ghaeltacht. B’fhiú d’Aonad Straitéise na Roinne moladh eile de chuid na straitéise a thionscnamh ag an bpointe seo, is é sin, meitheal daoine le saineolas ar earnálacha éagsúla a thabhairt le chéile ar bhonn ad hoc chun smaointeoireacht nuálaíoch faoi ghnéithe éagsúla den straitéis a éascú agus a spreagadh.


Is iarcheannasaí de chuid Údarás na Gaeltachta é Pádraig Ó hAoláin