Beo bodhar tar éis oíche le hAnthrax

Wed, Nov 28, 2012, 00:00

   

Tá na soilse múchta. An t-ionad ceoil lán go doras agus an t-aer plúchta le teas, teannas agus le hallas. Tá an slua brúite in aghaidh a chéile agus ag bogadh i dtreo an stáitse mar a bheadh báire éisc ag triail éalú trí pholl beag eangaí.

Cé go bhfuil foighid éigin ina measc, tá ag meath air sin. Caitear síoraíocht ama ag fanacht leis an ngrúpa ceoil agus ardaíonn teannas an tslua le chuile nóiméad a imíonn.

Oíche Aoine atá ann agus tá chuile dhuine ar bís. Ligtear scréach chogaidh an nóiméad a dhíríonn súile an tslua ar Scott Ian agus é tar éis sleamhnú go ciúin ar an stáitse. Fear giotáir agus ball seasta d’Anthrax, grúpa trom-mhiotail as Nua-Eabhrac Mheiriceá, é Ian agus tá ómós mór le léiriú dó sa halla seo anocht.

Soicind amháin eile agus le pléasc a bhodhródh bean sí, lasann an stáitse le splanc leictreach, dírítear na soilse ar an slua, nochtar na cláir éadain agus na cloigne maola fliucha agus, ar deireadh, cuirtear tús leis an gceol – ionsaí fíochmhar trom ar chiúnas agus ar shíocháin na hoíche amuigh.

Tá Anthrax ar camchuairt san Eoraip, áit a bhfuil siad ag taisteal ó chathair go cathair leis an ngrúpa Sasanach cáiliúil Motorhead agus, cé nach ligfí dóibh, níl cosúlacht ar bith ar an scéal go bhfuil siad chun scíth nó sos ar bith a ghlacadh anseo anocht.

Níl sé ach cúpla nóiméad tar éis a hocht nuair a chuirtear tús leis an gceol. Téann Anthrax chun stáitse le fuinneamh agus le fonn agus ní bheidh faoiseamh ar fáil go ceann dhá uair an chloig.

Tá na hamhráin ar fad ar eolas ag an 800 duine atá i láthair san Academy agus castar ar ardluas iad.

Seinntear réimse leathan ceoil. Ní chasfar amhábhar ar bith ach meascán, idir sean agus nua, ón chéad fhadcheirnín, Fistful of Metal, a eisíodh beagnach 30 bliain ó shin, go Worship Music, an deichiú ceirnín stiúideo acu a eisíodh anuraidh agus ó bheagnach gach ceann a eisíodh san idirlinn.

B’fhéidir go raibh cuma mhíshuaimhneach orthu siúd a bhí san áras ceoil seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath ag tús na hoíche ach tá comhcheangal de chineál éigin eatarthu agus an ceol anois ar siúl.

Tá gach cineál ealaíne ar bun idir ‘surfáil slua’ agus ‘mosháil’ agus é ar fad i rithim leis an gceol. Níl aon cheist faoi ach go bhfuil sceitimíní ar an slua seo agus go bhfuil siad ceaptha ag a bhfuil os a gcomhair.