Beirt as Corcaigh le bua an dlí agus na díospóireachta

Wed, Nov 14, 2012, 00:00

MÍREANNA:Foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh – Gearóidín Ní Fhíobhuí agus Audrey Ní Loingsigh – a bhuaigh Bréagchúirt Uí Dhálaigh sna Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, Dé hAoine seo caite.

Is é Gael Linn a eagraíonn an comórtas bliantúil seo do mhic léinn dlí i gcuimhne an Bhreithimh Cearbhall Ó Dálaigh. Triúr breithiúna – Mary Laffoy, Roderick Murphy agus Adrian Hardiman – a bhí mar mholtóirí i mbliana.

Dúirt ceannasaí Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, go raibh níos mó deiseanna fostaíochta ar fáil do lucht dlí de thairbhe stádais dhlíthiúil na Gaeilge sa Stát agus san Aontas Eorpach. Ba léiriú ar stádas na teanga é fosta go raibh breithiúna sinsearacha sásta bheith ina moltóirí.

Cabhair don Aifreann

Is minic Gaeil na hardchathrach ag gearán faoina dheacra agus atá sé Aifreann Gaeilge a fháil, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide. Bíonn deacracht freisin ag na Gaelscoileanna teacht ar shéiplínigh chun freastal ar riachtanais spioradálta na ndaltaí iontu. Ganntanas sagart le cumas Gaeilge an chúis a thugtar.

Ach is beag sagart a chuaigh ar scoil i mBaile Átha Cliath nach bhfuil, ar a laghad, Gaeilge na hArdteistiméireachta aige. Chun cuidiú leosan a bhfuil meirg tagtha ar a gcuid Gaeilge leis an Aifreann a léamh i nGaeilge tá leabhrán dátheangach le téacs leasaithe an Aifrinn (móide dlúthdhiosca) eisithe ag Coiste Tréadach na hArd-Deoise.

Is é Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, Diarmuid Martin, a sheol é i gColáiste na Croise Naofa, arú aréir.

Ag cur fáilte roimh an fhoilseachán dúirt an Seanadóir Ronan Mullen gur “i gcás mionlaigh, agus is mionlach tábhachtach é, de dhaonra na hard-deoise, is í an Ghaeilge an teanga is gaire don chroí nó is mó a úsáidtear nuair a bhíonn rudaí tábhachtacha le rá … tá sé fíorthábhachtach dóibh siúd a d’fhoghlaim paidreacha i nGaeilge, nó a bhfuil grá acu don Ghaeilge, go mbeadh an tAifreann ann agus go mbeadh ar chumas an tsagairt é a cheiliúradh i nGaeilge”.

Bonn aitheantais tugtha don scríbhneoir Breandán Ó Doibhlin

Bhronn an scríbhneoir agus colúnaí leis an nuachtán seo, Alan Titley, bonn aitheantais ar an údar, an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin, ag searmanas i mBaile Átha Cliath oíche Luain.

Thar ceann Chraobh Aimhirgin a rinneadh an bronnadh le haitheantas a thabhairt don Doibhlineach as a raibh déanta aige ar son na litríochta.

Dúirt Titley gur dhuine “de ghaiscígh mhóra na Gaeilge é Breandán. Is beag gné de litríocht ná de smaointeoireacht na Gaeilge nach bhfuil comaoin curtha aige orthu, agus níl rud ar bith a scríobh sé nach raibh ar an gcaighdeán is airde. Scríobh sé úrscéalta sainiúla a bhfuil ardmheas i gcónaí orthu agus d’aistrigh sciar maith mór de chlaisicí na Fraincise go Gaeilge”.

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.