Athruithe suntasacha molta sa Bhille nua Gaeltachta

Wed, Jun 20, 2012, 01:00

   

DÉANFAR ATHRUITHE suntasacha ar chumhachtaí agus struchtúr Údarás na Gaeltachta agus tabharfar critéir nua isteach maidir le sainiú limistéir Ghaeltachta má ghlactar le reachtaíocht radacach nua, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Faoin mBille Gaeltachta nua a foilsíodh inné, shocrófaí teorainneacha na Gaeltachta amach anseo bunaithe ar chritéir phleanála teanga nua agus tabharfar Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta ar na ceantair Ghaeltachta thraidisiúnta.

Is ag Aire na Gaeltachta a bheadh an chumhacht sa deireadh stádas Gaeltachta a thabhairt nó a dhiúltú do na ceantair sin atá sa Ghaeltacht faoi láthair.

Tá an córas reachtúil pleanála teanga nua bunaithe ar mholtaí ón Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh i 2007 agus a thug le fios nach raibh fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ach 15-20 bliain muna ndéanfaí gníomh láidir chun í a thabhairt slán.

Dúirt duine d’údair an staidéir sin, Seosamh Mac Donnacha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Gaeltachta, Gaillimh, gur “athrú treo suntasach” a bhí sa reachtaíocht nua.

Dúirt Mac Donnacha, áfach, go raibh gá le tuilleadh plé ar an an mBille sara n-achtófaí é: “An cheist mhór a bheadh agamsa ar an gcéad fhéachaint ná cén fáth go bhfuil ualach na hoibre pleanála á cur ar eagraíochtaí beaga áitiúla nuair atá trí cinn d’eagraíochtaí stáit ann – Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge – atá ag plé leis an bpleanáil teanga”.

Dúirt sé chomh maith gur cheart go bhfoilseofaí láithreach na critéir faoina roghnódh Údarás na Gaeltachta na heagraíochtaí a bheadh ag plé le hullmhú pleananna teanga.

Bhí gá freisin, a dúirt sé, le breis eolais faoi na hacmhainní a bheadh ar fáil do na heagraíochtaí seo chun na pleananna teanga a chur le chéile agus feidhm a thabhairt dóibh.

Chuirfeadh an reachtaíocht, a rachaidh os comhair an tSeanaid Déardaoin, deireadh leis an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta agus dhéanfadh sé líon na gcomhaltaí ar an mbord a laghdú ó 20 go 12 duine.

As seo amach is é an tAire Gaeltachta a cheapfadh seachtar de chomhaltaí Bhord an Údaráis agus d’ainmneodh na comhairlí contae sna contaetha Gaeltacha an cúigear eile. Ní bheadh ionadaíocht bhuan ar an mbord ag Gaeltachtaí Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge.

Tá cáineadh láidir déanta ag iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar an mBille nua. Bhí an an Bille “tubaisteach” . Bhí imní air “go mbrúfaí an reachtaíocht tríd an Oireachtas roimh shos an tSamhraidh gan aon díospóireacht cheart ar na laigí ann”.

Dúirt sé go raibh na critéir phleanála teanga faoina mbronnfaí stádas Gaeltachta “fíorlag agus rótheibí” agus nach raibh sé soiléir cé acu a bheadh bunús reachtúil ag na critéir sin nó nach mbeadh.

Dúirt Ó Cuív go raibh an córas ceapacháin nua do bhord an Údaráis “scannalach” agus go raibh “deireadh” le hÚdarás daonlathach.

Faoin reachtaíocht nua thabharfadh Aire na Gaeltachta tréimhse ama áirithe do cheantair Ghaeltachta chun plean teanga a chur le chéile agus critéir phleanála teanga áirithe a shásamh.

Is é Aire na Gaeltachta a leagfadh síos na critéir teanga seo a bheadh bunaithe, i measc rudaí eile, ar an líon den daonra sna ceantair éagsúla a labhraíonn Gaeilge.

Eagraíochtaí áitiúla a bheadh freagrach as cur le chéile na bpleananna teanga sna ceantair éagsúla agus bheadh tacaíocht ar fáil acu sa chúram seo ó Údarás na Gaeltachta.

Thabharfadh an Bille deis do cheantair lasmuigh den Ghaeltacht stádas a bhaint amach mar Líonraí Gaeltachta ach plean teanga a ullmhú agus critéir teanga áirithe a shásamh.

Lena chois sin, beidh deis ag bailte atá laistigh de na limistéir nua agus a chuireann seirbhísí tábhachtacha ar fáil stádas mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach.