Ar scáth a chéile a chanann na daoine

Tue, Feb 21, 2012, 00:00

BEOCHEIST:IS IOMAÍ rud sa saol seo a chruthaíonn deighilt idir daoine. Cuir i gcás creideamh, airgead, cearta, polaitíocht, teanga agus gnéas gan ach cúpla ceann a lua.

Cuirtear i mboscaí sinn agus is minic a leagtar níos mó béime ar ghnéithe den saghas seo seachas ar nithe a chuireann deireadh leis na teorainneacha úd.

Ní mór díriú níos mó anois, go háirithe agus cúinsí maireachtála chomh dúshlánach is atá, ar na rudaí a aontaíonn daoine mar aonad amháin beag beann ar na difríochtaí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith eatarthu.

Agus mé ag smaoineamh air seo le déanaí, rith sé liom a chumhachtaí is atá éifeacht an amhráin chun daoine a thabhairt le chéile.

Feictear dom go sáraíonn an t-amhrán gach aon teorainn a bheag nó a mhór. Baineann amhráin le gach aon chuid de shaol an duine agus bíonn comhthuiscint idir daoine agus iad ag éisteacht le hamhráin. Bhuail sé seo go láidir um Nollaig mé.

Chonacthas dom agus mé i lathair ag seirbhís carúl a láidre agus a bhí spiorad an phobail nuair a bhí gach duine ag canadh le chéile. Is cinnte go raibh a n-ualach féin ar gach duine i slí amháin nó i slí eile ach bhí comhthuiscint agus aontacht le brath agus an slua ag canadh le haon ghuth amháin. Is dócha gurb é an prionsabal céanna a bhaineann le ceolchoirmeacha go ginearálta.

Téitear chuig ceolchoirmeacha chun taitneamh a bhaint as an gceol ach baineann an-chuid den spraoi chomh maith leis an atmaisféar agus leis an gcomhcheiliúradh a tharlaíonn toisc daoine a bheith tagtha le chéile ag canadh le comhspiorad.

Bliain speisialta is ea 2012 do dhá amhrán a raibh agus a bhfuil ról an chomhaontaithe ag baint leo go láidir.

Is iad an dá amhrán atá i gceist agam ná It’s a long way to Tippeary, amhrán atá aitheanta ó cheann ceann na cruinne, agus ár n-amhrán náisiúnta féin, Amhrán na bhFiann. Tá an t-amhrán It’s a Long way to Tippeary100 bliain ar an bhfód i mbliana.

Scríobh Jack Judge an t-amhrán i Stalybridge Sasana sa bhliain 1912 agus úsáideadh é mar amhrán máirseála i measc shaighdiúirí na Breataine le linn bhlianta an chogaidh. Is cosúil gurbh as Tiobraid Árann do sheantuismitheoirí Judge.

Is amhrán é faoi fhear Éireannach a chuaigh go Londain ag lorg oibre agus a d’fhág a leannán ina dhiaidh i dTiobraid Árann. Tá an-cháil bainte amach ag an amhrán ó scríobhadh é agus is beag duine atá ann nach bhfuil an t-amhrán seo cloiste acu ag uair amháin ná ag uair eile.

Ó Thiobraid Árann go dtí an comhthéacs náisiúnta, is ag deireadh na bliana seo, 70 bliain i ndiaidh bhás an údair, a thagann deireadh le cóipcheart an amhráin náisiúnta.

Ba é Peadar Kearney a chum an t-amhrán i mBéarla sa bhliain 1907 agus d’aistrigh Liam Ó Rinn go Gaeilge é i 1922. Ba leis an Rialtas an cóipcheart ó 1933 ach anois agus é ag imeacht in éag, cad a tharlóidh don amhrán náisiúnta? Is ceist chigilteach í seo a bhaineann linn go léir mar Éireannaigh.

Tá an t-amhrán seo mar dhlúthchuid dár bhféiniúlacht. Foghlaimítear é ó aois na bunscoile ar aghaidh agus ceanglaíonn sé Éireannaigh le chéile pé áit a bhfuil siad ar domhan. Ní beag an tábhacht a bhaineann leis an amhrán seo ag ócáidí móra náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Ábhar mór bróid is ea é do dhaoine nuair a chloiseann siad an t-amhrán náisiúnta á sheinnt, bíodh cluiche spóirt i gceist nó bronnadh bonn ar an stáitse idirnáisiúnta mar a bheimid ag súil go mór leis sna Cluichí Oilimpeacha i mbliana.

Bheadh sé deacair éifeacht chomhaontaithe an amhráin seo a shéanadh, fiú amháin más duine tú nach bhfuil róbhuartha faoi fhéiniúlacht náisiúnta.

Is dócha gurb iad na ceisteanna a thiocfaidh chun solais i mbliana ná ar cheart cloí leis an amhrán faoi mar atá sé i láthair na huaire? An bhfuil an t-amhrán oiriúnach sa lá atá inniu ann mar amhrán náisiúnta nó an bhfuil sé fréamhaithe rómhór sa stair?

Pe ní a tharlóidh i mbliana, tá sé tábhachtach go mbeimis go léir ar an eolas faoin scéal áirithe seo agus go ndéanfaimis ár machnamh air. Má ligimid na maidí le sruth maidir le cultúr, cad a bheidh fágtha againn?

Tá a dhóthain rudaí ón taobh amuigh ag imirt tionchair orainn cheana féin.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé níos práinní anois ná riamh ár saibhreas cultúrtha a chinntiú agus greim daingean a choimeád ar gach aon rud a aontaíonn sinn mar dhaoine, mar thír agus mar náisiún.