Ar lorg duine éigin le 'dúil loiscneach chun sábhála'
IN AGALLAMH as Béarla don raidió a bhí ag Séamas Ó Duilearga le Liam Nolan sa bhliain 1971, cuireadh ceist ar Ó Duilearga faoin rud ba mhó a spreag é tabhairt faoin mbéaloideas a bhailiú an chéad lá riamh. “A burning desire to save,” an freagra a thug sé ar an gceist sin.
Freagra an-ghonta, an-neamhchoitianta ach freagra a bhí thar a bheith spéisiúil. Bhí Ó Duilearga in aois a 72 faoin am seo agus a mhórshaothar i réimse an bhéaloidis geall le bheith curtha i gcrích agus curtha i gcrích go máistriúil aige.
Ba as Contae Aontroma ó dhúchas dó agus chaith sé a shaol ar fad ag bailiú béaloidis in Éirinn go príomha ach i dtíortha Ceilteacha eile chomh maith. Ceannródaí ba ea é i ngort an bhéaloidis.
Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí An Cumann le Béaloideas Éireann i 1926 (mar aon le Dubhghlas de hÍde agus Pádraig Ó Siochfhradha (“An Seabhac”).
Cumann deonach ba ea é seo agus bhí Ó Duilearga mar eagarthóir ar iris An Chumainn Bhéaloidis, Béaloideas, a tháinig amach faoi dhó in aghaidh na bliana sna blianta tosaigh, éacht nach beag agus atá fós á foilsiú go bliantúil.
Sa bhliain 1930, ghlac Institiúid Bhéaloideas na hÉireann áit an Chumainn le Béaloideas agus ceapadh Ó Duilearga mar stiúrthóir uirthi. Fuair an institiúid tacaíocht airgid ón Stát. Sa bhliain 1935 bunaíodh Coimisiún Béaloideas Éireann agus arís bhí Ó Duilearga mar Stiúrthóir Oinigh air.
Rinne an coimisiún seo obair ríthábhachtach chun ár n-órchiste béaloidis a bhailiú, a chaomhnú agus a fhoilsiú idir sin agus 1971 nuair a tháinig deireadh leis an gcoimisiún agus tháinig Roinn Béaloideas na hÉireann i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath mar chombarba air.
Ba é Ó Duilearga agus a chomhghleacaí sa Choimisiún Béaloideas, Seán Ó Súilleabháin, a tháinig suas leis an smaoineamh páistí scoile a chur ag bailiú an bhéaloidis ar bhonn náisiúnta.
Cuireadh tús le Scéim Bhailiúchán na Scol (Scéim na Scol) ar 1 Iúil 1937. Ba í seo an scéim ba mhó a cuireadh ar bun riamh in aon chearn den domhan go dtí an pointe sin.
Thar tréimhse ocht mí dhéag bheadh 100,000 dalta as 5,000 scoil ar fud na hÉireann ag bailiú béaloidis óna seantuistí, ó sheanchomharsana agus ó sheanchaithe ina mbailte fearainn féin. Le linn an ama sin ní bheadh orthu aistí seachtainiúla a scríobh mar obair bhaile agus bheadh na múinteoirí á ngríosadh agus á spreagadh chun na hoibre, á moladh agus á gcáineadh de réir mar a d’oir.
Páistí sinsearacha san aoisghrúpa 11-14 (as Rang a Sé) a roghnaíodh don obair seo agus bheadh orthu cóipleabhair mhóra a líonadh le béaloideas, seanchas, dinnseanchas, scéalta, dánta, seanfhocail, nósanna, stair áitiúil, logainmneacha, piseoga, paidreacha, leigheasanna, traidisiúin, amhráin, caithimh aimsire, beannachtaí, mallachtaí, orthaí, púcaí agus saíocht de gach saghas.
Nárbh iontach an smaoineamh é! Sa bhliain 1937 bheadh seantuistí na bpáistí scoile seo san aoisghrúpa 60-90 abair, rud a chiallaigh gur rugadh a bhformhór díobh sna 1860í nó níos luaithe fiú agus is cinnte go bhfaca tuismitheoirí na seantuistí seo an Gorta Mór ina steillbheatha.
Mar sin bhí 100 bliain de stair shóisialta, chultúrtha agus pholaitíochta (1837-1937) mar fhoinse taighde ag na páistí scoile seo agus iad ag dul ó theach go teach le cóipleabhair agus pinn luaidhe.
Bheadh na bailitheoirí óga seo go léir sna 80í déanacha dá mbeidís fós ina mbeatha. Tá aithne agam ar bheirt acu atá fós os cionn talún i gceantar an Leitriúigh, mo cheantar dúchais i gCiarraí.
