An Titanic

CROBHINGNE: NÍOR CHUIR mé suim rómhór riamh sna scannáin a bhain leis an Titanic mar bhí a fhios agam cén chríoch a bhí leo…

CROBHINGNE:NÍOR CHUIR mé suim rómhór riamh sna scannáin a bhain leis an Titanic mar bhí a fhios agam cén chríoch a bhí leo.

Is maith leat beagán teannais a bheith id chuid eachtraíochta, ach i gcás na loinge mí-ámharaí úd, ní raibh casadh ar bith i ndán don scéal.

Go fiú is nuair a chonaic mé an fear ag cur an leac oighir ina dheoch in A Night to Remember fadó, d’aithin mé siombail nár bhain leis an mbean a raibh sé ag caint léi.

Níor bhac mé in aon chor leis an scannán is déanaí, bíodh is nach raibh aon éalú ó ghiotaí de thall is abhus ar theilifíseán is ar IúTiúb.

READ MORE

Chonaic mé Leonardo DiCaprio in Blood Diamond agus bhí a fhios agam go gcaithfidh gur tháinig sé slán. Ina dhiaidh sin, chonaic mé an mhionsamhail den long san iarsmalainn sa Chóbh, agus tuigeadh dom nach bhféadfadh go raibh an tubaist chomh huafar sin ar fad.

Ina choinne sin, tá comóradh á dhéanamh ar an Titanic in aon chuainín nó sráidbhaile, nó cathair féin, a raibh baint thánaisteach imeallach ar bith acu leis.

Southampton, gan amhras, mar is ann a thúsaigh sé; agus Cherbourg ar ghabh sé port ann ina dhiaidh sin; agus Baile na Banríona (don turas seo amháin!) an calafort deireanach; agus Baile Sheáin, Talamh an Éisc, agus Halifax, Alba Nua a thóg daoine nó cuid d’iarsmaí na tubaiste isteach. Nua Eabhrac, leis, áit a bhfuil siad fós ag feitheamh.

Ach is é Béal Feirste an cíoná ar fad gona ionad nua snasmhar loinnireach cuanna sárchéimiúil. Is dócha má bhí cúis chomórtha a dhíth ar Bhéal Feirste go rachadh an Titanic síos chomh maith le haon rud eile.

Cé go ligeann daoine orthu gur ag cuimhneamh ar na daoine a báthadh a bhítear, is maith is eol dúinn gur cuimhneamh ar an eachtra féin is mó tábhacht.

An t-ainm féin, gineann sí iontas agus alltacht, agus déanann beag den chuid eile againn. Is de shuimiúlacht go bhfuil na Titans ar fhoireann peile thall is abhus chun eagla a chur ar a gcéilí comhrac, ach níor leomhaigh aon duine fós na Titanix a thabhairt ar fhoireann ar bith.

Is róbhaol, áfach, go bhfuil amhras ar Thíotán féin ó shin, óir níl sé ar dhuine de na pearsana miotaseolaíochta is mó a mhúsclaítear le tamall chun eiseamláir a chur abhaile. Deirtí nuair a bhíodh ceo ar na sléibhte “go raibh Tíotán ag caitheamh tobac”, ach ní nath é a chuala le tamall.

Chuirtí tairngreacht i leith na bhfilí, leis, agus níl aon amhras ná go bhfaca Aogán Ó Rathaille rud éigin ina aisling féin, “Maidean sul smaoin an Tíotanaic a chosa do luail.”

Bhí tubaistí i bhfad níos measa ná an Titanic ann, gan amhras. Bhain cuid de na cinn is áibhéalta le tíortha is le farraigí i bhfad i gcéin nach maith linn fhios iad a bheith ann fad is go dtálann siad ábhar réasúnta saor chugainn ó mhonarchana allais an oirthir; ach is beag an trácht a dhéantar ar scrios an Wilhelm Gustloff a chuir na Rúisigh go tóin poill sa Mhuir Bhailt i míonna deiridh an domhanchogaidh mhóir dheiridh agus inar báthadh idir 9,000 agus 10,000 duine, a bhformhór díobh sibhialaigh ar a gcoimeád ón bhfíoch a bheadh i ndán dóibh ar talamh.

Cailleadh chomh mear sin é nach raibh caoi ag duine ar bith a rá, mar a bhí ar an Titanic, go mbeadh na ceachtanna snámha feasta sa bhialann.

Nó, dá uafásaí é, níor thug sé aon nathanna ná clíséanna dúinn. Bíonn daoine ag cur eagair ar na deic-chathaoireacha ar an Titanic, nó is féidir a rá faoi leannáin gur bhris siad suas ar nós an Titanic, nó go bhfuil dlí áirithe chomh cam le cothromaíocht gnéis ar an Titanic – agus mar sin de.

Baineann cáil an Titanic le hollmhéid, le hairgead, le maoin, le haicmeachas, le huabhar, le poimp, le himirce, le seans, le cinniúint.

Ar nós na mionsamhaile sa Chóbh, a bhféadfá é a chur san fholcadán leat i dteannta na lachan rubair, bhí an uile shórt ann. B’é an bád ba mhó é a bhí ar snámh, agus dá réir sin, an bád ba mhó a báthadh; b’é bád an rachmais é dóibh siúd a raibh an mhaoin chuige acu; agus b’é an bád bán é do na boicht go fiú is sular bhuail sé an cnoc leac oighir.

Dá chomhartha sin, ghin sé tionscal. Tháinig sé áiseach do scriptscríbhneoirí sóp operaí nuair a theastaigh uathu fáil réidh le carachtair áirithe, ní raibh le déanamh ach ticéad a cheannach dóibh don Titanic. Is féidir memorabilia den uile shaghas a cheannach seachas smuit den chnoc oighir bocht.

Ach thar aon ní eile, ghin sé scannáin agus cláir teilifíse, agus is chuige sin rud ar bith a tharlaíonn anois.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar