An Ghlas Ghaibhleann agus airgead mór Wall Street

 

TUARASCÁIL:IS DEACAIR an béaloideas a shárú mar fhoinse eolais agus gaoise. Gach rud a tharlaíonn i sochaí nuatheicneolaíoch, fhíorshofaisticiúil an lae inniu tá a mhacasamhail le fáil i sochaí fháthscéalach an bhéaloidis.

I bhfad i bhfad siar i gceo an ama Cheiltigh sula raibh tásc ná tuairisc ar an gcréatúr coimhthíoch úd, an Tíogar Ceilteach, bhí ár gcréatúr dúchasach, rífhlaithiúil againn i bhfoirm bhó draíochta.

Eiseamláir iontach ba ea an Ghlas Ghaibhleann nó An Ghlas Ghaibhneach (Goibhneann) don tréimhse 1994-2008 i saol na tíre seo. Ciallaíonn “gaibhleann” “a white-loined cow (that has not calved for three years)”.

De réir an tseanchais ghoid Balar an Ghlas Ghaibhleann, an bhó draíochta nach raibh teorainn lena sóláthar bainne, ach d’éalaigh an bhó uaidh. Aon pháirc inar chodail sí ar a camchuairt róchaifeach d’fhág sí féar milis, cumhra ina diaidh le haghaidh na mbó bainne eile.

Maidir le “gaibhneach” nó “goibhneann”, is tagairt do “Gobanios”, Dia na gaibhneachta, atá ann. De réir dealraimh, chumhdaigh leann Ghobanios na Tuatha Dé Danann ó sheanaois agus ó ghalair agus bhíodh daoine ag achairt air le haghaidh tál breá bainne nó ime freisin.

Ach tá brí eile fós leis an Ghlas Ghaibhleann, de réir an Duinnínigh, agus is é sin “duine síorocrach” nó “gormandizer”, ie. “amplóir” nó “slogaire”. Ní foláir ná go raibh ré órga rachmais ann i bhfad siar agus gur lean tréimhse ghortach í díreach mar atá tarlaithe anois.

Seo é creatlach an scéil: “Tráth dá raibh bhí fear siúil ag gabháil roimhe ar an mbóthar. Bhí sé spallta leis an tart. Chuaigh sé faoi dhéin tí feirmeora agus lorg deoch bainne ó bhean an tí.

“Cé go raibh 20 bó bainne aici dhiúltaigh an bhean sprionlaithe deoch a thabhairt dó. Ar aghaidh leis arís agus chuaigh go teach beag cinn tuí. Cé gur bean bhocht gan bó ná gamhain a bhí ansin roimpi, thug sí an braoinín beag bainne deireanach a bhí fágtha sa chrúiscín dó.

“An mhaidin dár gcionn nuair a d’éirigh sí bhí “bó bhreá dhealraitheach ag an doras roimpi ná faca sí riamh sa treo, dath glas uirthi agus cruth an-bhainniúil go deo uirthi”. D’aimsigh sí soitheach agus chrúigh sí an bhó. D’imigh an bhó ach d’fhill sí arís agus chrúigh an bhean arís í. Lean sé seo ar aghaidh ar feadh tamaill agus de réir a chéile thosaigh an bhean á crú isteach i soithí a bhí ag dul i méid de réir a chéile. Lá amháin bhí gach soitheach dá raibh aici lán agus chuir sí tobán mór faoin mbó agus chrúigh isteach ann. Líonadh an tobán le leamhnacht go dtí go raibh “an cúr ag teacht thar barra an thobáin amach”.

“Bhí an bhean shantach breá sásta léi féin mar thuig sí go raibh sí chun tosaigh ar a comharsa (an bhean sprionlaithe a raibh 20 bó bhainne aici). Bhí go maith is ní raibh go holc.

“Lá de na laethanta ghabh bean siúil an treo agus d’inis an bhean shantach a scéal di. Chuir an bhean siúil geall léi go raibh soitheach sa teach aici ná líonfadh an bhó di choíche. “Bíodh ina gheall!” arsa an bhean shantach. “Faigh an criathar, má’s ea,” arsa an bhean siúil, “agus líon le bainne é.”

“Ar ndóigh, cé gur chaith an bhean an tráthnóna ar fad á crú go dtí gur sniogadh tirim í, fós níor líonadh an criathar. Nuair a bhí deireadh déanta aici d’imigh an Ghlas Ghaibhleann ar cosa in airde agus níor fhill riamh ná choíche ina dhiaidh sin.”

ANOIS, DÁ mbeifeá ag smaoineamh ar scannán a dhéanamh ar ré an Tíogair Cheiltigh (leithéid Wall Street ) agus ar an gcúlú eacnamaíochta a lean é (leithéid Wall Street 2: Money Never Sleeps ), bheifeá sásta go maith, déarfainn, le hábhar scripte an scéil bhéaloidis thuas.

Tá chuile ní ann, geall leis. Téamaí na sainte agus na diomailteachta agus carachtair ar dóigh.

N’fheadar cén ról a thabharfá don bhfear siúil? Forbróir, baincéir nó amhantraí? Baincéir, is dócha! Rinne an bhean bhocht gar dó mar thug sí deoch bainne (= ceadúnas ró-iasachta) dó. Ach mar is eol dúinn níl a leithéid de rud ann agus lón saor in aisce. Mar chúiteamh ar a gníomh carthanachta thug sé siúd an Ghlas Ghaibhleann (= clúdach litreach donn pulctha le nótaí €100) di siúd.

Anois, cad faoin mbean sprionlaithe a dhiúltaigh deoch bainne a thabhairt dó? Bhuel, tá cuma an gheilleagraí ghlic uirthi siúd. Thuig sí nach raibh an baincéir seo ar son a leasa ach a haimhleasa agus thug sí bata agus bóthar dó.

Nuair a d’imigh an bhó ar cosa in airde isteach i gceo na seanchaíochta (= gur deineadh ciseach den tír) agus d’fhág rian a crúibe (= zombaíbhanc) go soiléir ar leac an bhóithrín mar chuimhneachán ar a sciuird, seo leis an mbean ansin go lár an aonaigh (= an stiúideo teilifíse) ag fógairt don saol mór is a mháthair go raibh fios fátha an scéil aici ón tús.

Ar ndóigh, má bhí sí saibhir go leor cheana, d’éirigh léi carn mór airgid a dhéanamh as an leabhar a scríobh sí ar chaimiléireacht lucht bainc díreach in am do mhargadh na Nollag.

Maidir leis an mbean shantach a shniog an Ghlas Ghaibhleann go dtí nach raibh braon fágtha ina cuid siní (= a d’fhág an tír bancbhriste ina diaidh), bhuel, bheadh ort an phríomhpháirt – páirt an pholaiteora – a thabhairt di siúd.

Bheadh ort caidreamh (caidreamh gnéis san áireamh) a fhorbairt idir í féin agus an baincéir, ar ndóigh. Agus ní bheadh fadhb agat le críoch an scannáin. Agus an bhean siúil a tháinig an treo agus a chuir iachall ar an mbean shantach strusteist a dhéanamh ar an nGlas Ghaibhleann? Thabharfá ról an ionadaí ón gCiste Airgeadaíochta Idirnaisiúnta di siúráilte. Tháinig sí siúd chun seifteanna déine a chur i bhfeidhm sa thréimhse iar-Ghlas Ghaibhleann agus chun an tír a tharrtháil ó umar na haimiléise.

Bheadh fophlotaí agat freisin ina mbeadh radharcanna á scannánú ar thraein shúlaigh, i dteach samhraidh seanadóra, i mbialanna galánta agus ar bord eitleáin ina mbeadh juncaed ar a bhealach chun scrúdú a dhéanamh ar gheilleagar na hÍoslainne.

Ní bheadh sé ródheacair scriptscríbhneoir a earcú chun an script a scríobh duit. Tar éis an tsaoil bheadh an t-uafás polaiteoirí dífhostaithe ag gabháil timpeall gan tada le déanamh acu. Dá bhféadfá breith ar cheann acu a mbeadh tallann na scríbhneoireachta ann (inti), bheadh gliondar ort mar go mbeadh eolas ón dtaobh istigh aige (aici).

Sea, bheadh neart féidearthachtaí ag gabháil lena leithéid de scannán agus lucht féachana fairsing amuigh ansin chun pictiúrlanna a phlódú chun amharc air. Ach bheinn ag faire amach d’uibheacha agus do phéint dhearg oíche an chéadléirithe, dá mba mise tusa.

Is scríbhneoir é Mícheál Ó Ruairc. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a chéad chnuasach gearrscéalta Daoine A Itheann Daoine le gairid

fáthscéalachallegorical – tályield – sprionlaithemiserly – leamhnachtnew milk – diomailteachtwastefulness – forbróirdeveloper – amhantraíspeculator – pulcthastuffed – ciseachmess – caimiléireachtcrookedness – Ciste Airgeadaíochta IdirnáisiúntaIMF – seifteanna déineausterity measures