An fhealsúnacht mar fheallsúnacht

Wed, Nov 21, 2012, 00:00

Níl muid tugtha don fhealsúnacht; is fearr linn seanfhocail

Ar chúis éigin d’imigh lá idirnáisiúnta na fealsúnachta tharainn an tseachtain seo caite gan mórán bladair.

B’fhéidir toisc sinn a bheith cráite le cúrsaí coitinne an lae agus gan caoi a bheith againn seasamh siar agus an t-iomlán a bhreithniú. Ina choinne sin, ní shílim go bhfuilimid aon phioc níos gaoismhire tar éis an lae idirnáisiúnta sin seachas mar a bhíomar an mhaidin roimhe sin.

Bhí tráth ann, gan amhras, nuair gurbh í an fhealsúnacht tátal an eolais a bhí lasmuigh ansin ach tosnaíodh de réir a chéile ar thuiscintí eile a scumhadh anuas di. Níl fágtha san fhealsúnacht, dá réir sin, ach nithe nach bhfuil deimhne againn orthu ach nach foláir dúinn dúl sáite iontu mar sin féin.

Dúradh ar leith amháin nach raibh aon fhealsúnacht shonrach Éireannach againn – fág daoine aonair as an áireamh – ach ina choinne sin bhí na seanfhocail againn, cumasc cruinn de ghaois na muintire nach bhfuil a leithéid ar fáil i mball ar bith eile.

Is fíor nach bhfuil stíl faoi leith ag an aigne Éireannach, mar a mhaítear atá ag an aigne Ghearmánach, agus ag an aigne Fhrancach, agus ag an aigne Shasanach.

Ní mian linn dul sna meitifisicí arda, ná go domhain san teibíocht aerach, ná go leamh san eimpíreachas laethúil. Stiall de litríocht tíre ar bith is ea an fhealsúnacht ach an oiread leis an bpíosa filíochta is mó miotaseolaíocht agus leipreachán.

Ní raibh seans ar bith faoin spéir bhraonach go gceapfaí fealsamh eiseach in ollscoil Éireannach leathchéad bliain ó shin, ach an oiread is go gceapfaí léachtóir Tómach in ollscoil Shasanach. Cuid den idé-eolaíocht náisiúnta is ea an fhealsúnacht, rud a fhágann nach bhfuil ceann ar bith againn.

Ní hé nach raibh agus nach bhfuil smaointeoirí Éireannacha abhus againn a chuireann le dioscúrsa an tsaoil mhóir, agus le saibhreas an tsaoil abhus.

B’e Daniel Corkery an chéad chriticeoir iarchóilíneach dá raibh ann, bíodh go mb’fhéidir go dtachtfadh sé ar an lipéad ó shin.

Lenár linn féin tá iarrachtaí suaithinseacha déanta ag Breandán Ó Doibhlin agus ag Deasún Fennell ar an machnamh Éireannach a bhogadh i leataoibh ón oileándacht áitiúil.

Nior fhág sin, áfach, nár fhill an t-aos tráchtaireachta ar na seanfhocail. Tá rud éigin compordach ag baint le seanfhocal. Ní gá a chruthú ná a bhréagnú le fianaise. Is leor do thaithí saoil féin agus nod na haithne. Compord, leis, a mheas gur rud Éireannach faoi leith é agus go bhfuilimid chomh hoilte sa seanfhocal is atáimid sa ghearrscéal agus sa chraic.

Is fíor gurb ann do sheanfhocail againn atá chomh lán de ghaois is atá an turcaí den Nollaig. Sea, sea, is minic gur leag cac bó fear maith, ach is minic nár leag chomh maith céanna.

Mar is é ceann de na miotais dár gcuid ná go bhfuil tuiscint againn i bpóca na muintire nach bhfuil ag an dara cine ar domhan; go díreach is a cheapann Francaigh agus Gearmánaigh go bhfuil ardléirstintí acu siúd toisc go bhfuil scríbhneoirí acu nach dtuigeann a chéile.

Sa mhéid is gur maith liom seanfhocail a léiríonn an saol san fhairsingeacht cheapas go scaoilfinn cúpla ceann as tíortha eile ar fud na gcos. Bain do chiall féin astu:

Ón tSeapáin: “Leigheasann an dochtúir an fear breoite nach bhfaigheann bás.”

Ón Éigipt: “Caitear an duine ámharach isteach sa Níl, agus tiocfaidh sé amach agus iasc ina bhéal.”

Ón Albáin: “In am an ghátair, tabharfar “uncail” ar an muc.”

Ón mBulgáir: “Beir ar uain na féasóige, mar tá sí maol ar a cúl.”

Ón dTúinéis: “Fachtar comhairle ó do bhean chéile, ach déantar a malairt” (ní mise a chum an ceann seo, mise i mbannaí air, lándáiríre píre).

Ón Eastóin: “Tá an ceart ag an mairnéalach, agus tá an ceart ag an bhfeirmeoir.”

Ón tSúdáin: “Iarr comhairle ar dhaoine níos sine ná tú; agus ansin ar dhaoine níos óige. Ina dhiaidh sin, déan do chomhairle féin.”

Ón tSin: “Is ionann cineáltas don iasc agus gaoth san fhásach.”

Ón Rúis: “Fáiltíonn Francach ocrach roimh phréachán.”

Ón Danmhairg: “Is baoth í an bhean a chuireann an milleán ar a cuid cabáiste féin.”

Ón Afganastáin: “Ná cuir lámh id bhás féin go díreach toisc go bhfuil scian óir agat.”

Ón Ungáir: “Ná cuir iontaoibh sa ghiofóig mura bhfuil an tríú súil i gclár a éadain aige.”

Ó Chill Chainnigh: “An té a bhfuil bata mór adhmaid aige, pleancann sé cách.”

Smaoinigh orthu. Ní feall go fealsúnacht. Is í an fhadhb ná a cur i bhfeidhm.