Aitheantas

TUARASCÁIL : TUGAIMIS aitheantas don obair fhiúntach atá curtha i gcrích ag Oifig an Choimisinéara go nuige seo.

TUARASCÁIL: TUGAIMIS aitheantas don obair fhiúntach atá curtha i gcrích ag Oifig an Choimisinéara go nuige seo.

Ní mór, ag an am céanna, téagar agus substaint na gceart teanga a idirdhealú ó íomhá dhromchlach na gceart teanga a éilítear ar shainfhorais phoiblí a fheidhmíonn go hiomlán trí Bhéarla nach mór, cé is moite de chorr-ruathar dátheangach a thugtar ar chúram na comharthaíochta, na fógraíochta agus na foilsitheoireachta.

D’fhéadfaí brí ní ba théagartha a thabhairt do dhioscúrsa na gceart teanga i gcás na Gaeilge dá gceapfaí forálacha chun na cearta teanga a dhearbhú sna réimsí cinniúnacha seo a leanas:

- cearta ar oideachas trí mheán na Gaeilge sna ceantair reachtúla Ghaeltachta;

READ MORE

- cearta ar rochtain ar thumoideachas Gaeilge;

- cearta ar churaclam T1

- Gaeilge do chainteoirí baile Gaeilge;

- cearta ar pholasaí oideachais a chothódh an litearthacht Ghaeilge atá ag teacht le céimeanna éagsúla i bhforás cogneolaíochta na ndaltaí, .i. go mbainfeadh daltaí 17-18 mbliana d’aois i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge cumas léitheoireachta sa Ghaeilge

- amach a bheadh inchurtha leis an gcumas a mbeifí ag súil leis ó dhalta réamhollscoile;

- cearta ar thacaíochtaí poiblí do theaghlaigh óga Ghaeilge atá inchurtha le tacaíochtaí do theaghlaigh Bhéarla;

- cearta ar thacaíochtaí poiblí don aos óg a chothóidh gréasáin Ghaeilge ina measc;

- cearta sonracha na nGael ar chuid de mhaoin phoiblí an Stáit chun a ngréasáin phobail agus institiúideacha a fhorbairt, .i. nach gcaithfí maoin phoiblí na Gaeilge ar aidhmeanna doiléire limistéaracha nó eagraíochtúla nach féidir a leas do chainteoirí Gaeilge a aithint ina leith.