Aistí ilteangacha ilseiftiúla a thugann ómós don ollamh

Wed, Oct 10, 2012, 01:00

   

Mar a deir an tOllamh Alan Titley i réamhrá na féilscríbhinne: “Ba mhinic gur díol 20 bliain d’obair scoláireachta ceann amháin d’eagráin sin Nicholas i gcás daoine eile, ach ba dhóigh leat go raibh rud éigin san obair seo nár shásaigh a thochas intleachtúil ar fad.

Is dá réir sin a thug sé aghaidh ar Pairlement Chlainne Tomáis (1981), ar saothar é a bhí i mbéal phobal na Gaeilge, ach ar sceimhligh go leor roimhe, a ghabhlánaí is a bhí an stair a bhain leis, is a ghuaisí is a bhí cuid den ábhar a bhí ina lúib.

“Bhí toise eile ag baint leis, áfach, toise nach dtógtar ceann de go rómhinic. Is é sin, bhí rud éigin sa Phairlement chéanna a d’oir do shamhlaíocht shaorghaoitheach oscailte Nicholas Williams, imir láidir ar bhain sé gach leas as sna haistriúcháin a rinne sé níos déanaí ar shaothar Lewis Carroll agus Rabelais féin.”

Thug I bPrionta i Leabhar (1986) ceann de na cuntais acadúla is léannta agus is líonmhaire ó thaobh eolais den scríbhneoireacht Phrotastúnach in Éirinn sa 17ú haois agus léirigh Díolaim Luibheanna (1993) an-tuiscint ar an mbunús a bhain le focaleolaíocht phlandaí.

Chaith sé an-dua pearsanta agus ba shuim leis i gcónaí an t-ábhar a cuireadh ar fáil sa leabhar, Armas, lámhleabhar araltais. B’eisean féin a chruthaigh na léaráidí sa chás seo.

Rinne sé gaisce agus é ina chomheagarthóir ar Stair na Gaeilge (1994), ceann de na leabhair tagartha is tábhachtaí le 50 bliain anuas ar an teanga, agus é ag cur fáil ar chaibidlí faoi Ghaeilge Chúige Laighean agus ar an Manainnis.

Is mó sa Chornais agus san aistriúchán a chuireann Williams a shuim anois agus i mbliana foilsíodh An Hobad dó, leagan Gaeilge de The Hobbit de chuid J. R. R. Tolkien. Chuir sé go mór le blianta beaga anuas leis an díospóireacht faoi theanga agus ceartscríobh na Cornaise agus rinne sé aistriúcháin ar leabhair gur féidir na Claisicí a thabhairt ar chuid acu a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge (agus Cornais).

I gcomhairle le Michael Everson a cuireadh cuid mhaith de sin i gcrích agus tá moladh ag dul dóibh beirt.

Thug sé faoi na nithe go mba dhual don scoláire tabhairt fúthu: chuir sé téacsanna in eagar, rinne sé mionléirmheasanna a scríobh ar eagráin dhaoine eile agus chaith sé dua le cúrsaí léinn a fhorbairt ar an ngramadach, ar an aistriúchán, agus ar an aoir sa litríocht, i measc eile, sa choláiste.

San imleabhar dátheangach seo ina onóir dar teideal Ilteangach, Ilseiftiúil, tá 19 alt ar ghnéithe de shaíocht agus léann na Nua-Ghaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, an Chornais go speisialta, ó scoláirí aitheanta i gcóngar agus i gcéin.