Ag gabháil fhoinn

Tue, Oct 9, 2012, 01:00

BEOCHEIST:I LÁTHAIR an tslua iarradh orm amhrán a chasadh agus gan puinn leisce ná cúthaileachta chromas ar An Chúilfhionn a ghabháil, fonn agus focail a bhfuil taithí mhaith agam orthu.

Tríd an tríú líne d’imigh mo ghuth ar fán, as tiúin, den chéad uair riamh. Bhraitheas teanntaithe. Le náire rabhartach agus aghaidh allasúil ghrua-lasta thugas faoi ar mo chroídhícheall athuair óir mheasas go rabhas dom’ ligint síos go trom.

An scéal ceannann céanna arís is arís eile. De theip dhúisigh mé agus iarracht de mhearbhall orm. Ar ball bhíos thar a bheith buíoch gur tromluí ba bhonn leis an uafás, an teip phoiblí.

Am mharbh na hoíche lombhuailte, cibé ní a dheineas ní fhéadfainn suanbhrat a ghairm ná a mhealladh chugam. B’fhios dom ó thaithí cad a bhí romham, an t-aga a chaitheamh ag únfairt deas agus clé, clé agus deas agus casadh go cancrach faoi dhuibhe na duaircdhoircheachta.

Uaireanta fadálacha faidréiseacha. Nóiméad ar nóiméad. Feitheamh síor leis an lá a scaoileadh de mhascnasc na dú-oíche. I leataobh uaidh agus mar mhalairt air sin bheartaigh mé ar shúil siar ar An Chúilfhionn, go mb’fhearr go mór an t-ionú neamhiarrtha seo a thabhairt chun sochair seachas é a chur amú go drogallach le corrthónacht leapa.

D’fhonn an uain a chiorrú rith sé liom gurbh í an tslí ab fhearr leis an gcor contráilte a chur díom roinnt áiteanna inar chas mé an t-amhrán a thabhairt chun cuimhne.

Láithreach baill sheas Schloss Leopoldskron i Salzburg amach, fearann a aithnítear ó The Sound of Music, ar ndóigh. Seimineár idirnáisiúnta ar oideachas i gcaitheamh saoil ar siúl ar feadh trí seachtaine. I dtreo dheireadh an tseimineáir bhí cóisir sa Halla Mór ornáideach agus caoi ag gach tír a bheith páirteach sa seisiún ceoil. Chasas An Chúilfhionn, agus gan aon tsúil agam leis an tsuim a léiríodh inti.

Oscailt súl a chlos go raibh teanga dhúchais, amhráin, ceol, seirbhísí náisiúnta raidió agus teilifíse agus a mbaineann leo mar chuid dhílis de chultúr na hÉireann inniu. Eiseamláir ab ea an t-amhrán, is cosúil, dár gcultúr ar a raibh a bhformhór díobh dall.

Nasc eile leis an amhrán ba ea an samhradh a chaitheas i gCathair Jefferson, Missouri le teaghlach mhuintir mo ghrá geal sular phósamar. Bailithe timpeall an phianó bhíodh ceol á sheinm agus amhráin á gcasadh.

Mise ag titim ní ba mhó i ngrá le hiníon lárnach theaghlach aon duine dhéag, agus iadsan ag titim go lántoiliúil isteach i mbaclainn An Chúilfhionn agus foinn eile ar an gcló céanna. An chomhthitim ag léiriú draíochtchumhacht na bhfonn agus sprid nuachairdis a cheiliúradh.

An t-amhrán mar eochair leis ag comhdhálacha sa bhFionlainn. D’éis obair an lae lean na seisiúin cheoil agus amhránaíochta isteach san oíche, doirse cultúrtha dá n-oscailt do cheol agus amhráin dúchasacha thíortha éagsúla – thuaidh, theas, thoir agus thiar.

Idir fhocail agus fhoinn bhí áiméar againn blas a fháil ar chultúir a chéile a thug léargas breise dúinn ar na tíortha úd seachas a bhfaighimid i gceannlínte nuachta, preasráitis chúrsaí polaitíochta, staitisticí tura neamhspéisiúla agus nithe dá shórt.

Ach cad tá laistiar den amhránaíocht agus den cheol dúchais seo, cad is bonn leis an spéis agus an tarraingt? Is deacair bheith deimhneach ina thaobh, ach, baineann cuid de, dar liom, leis an gclaonadh againne i dtreo chistí ceoil na nglúnta a d’imigh romhainn a bhlaiseadh. Bíodh an claonadh i bhfios nó gan fhios, baineann tadhall agus teagmháil chultúrtha leis chomh maith.

Ní rud tur tirim stairiúil gan bhrí gan anam i bhfad uainn é, ní hea, in aon chor; gur beith bheo orgánach é traidisiún an cheoil agus na hamhránaíochta a ndeineann an ghlúin úr athnuachan agus saibhriú air.

Ceoltóirí is cumadóirí, bailitheoirí is fonnadóirí, agus na daoine a chóirigh ceol na n-ionstraimí éagsúla bliain i ndiaidh bliana – cuireann an ghlúin úr lena saothar siúd agus cothaíonn siad leanúnacht agus gaolnasc.

Anuas air sin fós cruthaíonn siad úrfhithisí ceoil a ngintear as cultúr agus luachanna a n-aimsirí féin. Nach bealaí iad na gnéithe seo dár gcultúr le sinn féin d’aithint agus d’athnuachan, a chur i láthair agus a chur in iúl is a cheiliúradh. Agus is slí chun spraoi agus siamsaíochta é leis gan dabht.

Ní hamháin go mba bhoichte sinn ina n-éagmais, ach b’amhlaidh do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh agus ba fheillbheart ar na glúnta a tháinig romhainn. An tír seo againne le cultúr an tsaibhrithe a bhronnann ceol, amhránaíocht agus rince Gaelach orainn mar aon le féintuiscint agus féinmheas, gura fada fada buan beo iad.