Ag cur régime nua i bhfeidhm

BEOCHEIST: IS É seo an t-am is mó sa bhliain a thugaimid geallúint régime nua a chur i bhfeidhm inár saol

BEOCHEIST:IS É seo an t-am is mó sa bhliain a thugaimid geallúint régime nua a chur i bhfeidhm inár saol. Bliain úr, tús úr, duine úr. Tá an mhargaíocht á sá siar ár scornach ó thús mhí Eanáir.

Daoine leathcháiliúla ag iarraidh DVD corpacmhainne a dhíol linn. Fógraí do laethanta saoire cois trá ar an teilifís agus fógra eile a chuireann an cheist: an mbeidh tusa ullamh don mbikini? Beidh má itheann tú ceallóga K trí huaire sa ló.

Dar ndóigh, comhcheilg atá sna haistí bídh seo, comhcheilg ag an tsochaí phaitriacach na mná a choimeád faoi smacht. San ráite, táim tar éis triail a bhaint as gach aon saghas aclaíochta de réir nós na huaire.

Tá ranganna áirithe aclaíochta ann a mhaíonn go mbainfidh tú sult astu. Seachain iad seo. Saghas amháin a ritheann liom, agus a bhí go mór sa bhfaisean le déanaí, ná Zumba.

READ MORE

Seinntear ceol samba agus RnB go hard amhail is go bhfuilir i gclub oíche agus ag baint taitnimh as. (Níl tú.) Taispeánann bean róshona ón iasacht duit conas preabadh timpeall agus cúpla séap a chaitheamh.

Anois is arís iarrtar ort do chromáin a chroitheadh ar bhealach atá in ainm is a bheith sexyáilte.

Tuigeann gach éinne nach bhfuil sé pioc sexyáilte mar tá balla amháin sa stiúideo ina scáthán agus, mo léan, is gá féachaint ort féin.

Nílim ag rá nach bhfuil sé ar chumas daoine an move áirithe seo a bhaint amach, ach de réir taighde tuairisciúil, tá sé níos deacra do na Gaeil nuair nach bhfuil an braon istigh.

Toisc nach moltar deoch mheisciúil a ól roimh dul i mbun aclaíochta, is baolach go mbeimid ciotrúnta sa rang Zumba go ceann i bhfad.

Is beag rithim a theastaíonn ó dhuine sa rang Fight Fit, ach cabhraíonn ruainnín beag feirge. Agus foighne. Luaim foighne mar d’fhéadfadh an rang seo a bheith saghas leamh. (Sonc, buille, clé, clé, srl.)

Taispeánann an t-áisitheoir conas ionsaitheoirí dofheicthe a bhualadh. Thar aon ní eile, is gá samhlaíocht, mar níl os do chomhair amach ach aer.

Agus ceol Rocky ad’ thionlacan, tugann tú cic don namhaid (“samhlaigh gurb é do boss atá romhat,” a ghríosann fear na matán ag barr an ranga.) Ardaíonn tú do lámha san aer go daingean amhail is go bhfuilir dod’ chosaint (“samhlaigh go bhfuil fear dod’ ionsaí le scian.”)

Ach níor shaothar in aisce é mar ba sa rang seo a dheineas mo chéad chúpla sá gróigthe agus bhraitheas toradh/piain an ghnímh seo ar feadh roinnt mhaith laethanta ina dhiaidh sin.

Más mian leat racht a chur díot gan díobháil a dhéanamh d’aon duine, mholfainn an rang seo. Ach seachain nach dtugann tú sonc duit féin sa phus. Féadann sé tarlú.

Tháinig Pilates go hÉirinn tráth go rabhas ar an gcoláiste. Níl sé i bhfad ón ióga féin ach tá níos mó béim ar theanntú. Bíonn ort do thóin a theannadh agus mar an gcéanna matáin do bhoilg. Thriaileas féin is cúpla cara ón ollscoil rang Pilates uair amháin. Bhí an rang ar siúl in aice le beár an choláiste.

Teannadh, searradh, crapadh, dheineamar é go léir, cé nárbh fhios an raibh sé á dhéanamh i gceart againn. Bhíomar chomh sásta linn féin tar éis an ranga – agus lán séireatonine, is dócha – gur shocraíomar dul i gcomhair dí.

Féadann sibh féin críoch an scéil a chumadh; faoi mar is eol do chách, níl a leithéid de rud ann agus deoch amháin, go háirithe nuair ba mhic léinn gan bhuairimh sinn. Níor bhacamar le Pilates as sin amach, ní raibh sé go maith dár sláinte.

Is é ióga an t-aon cheann acu a choinnigh mo shuim. Ach de réir mar a leanaim leis, tugaim faoi deara gur cosúla ióga le reiligiún ná rang aclaíochta.

Go deimhin, tá cúpla fear sa rang a bhfuil dealramh acu le hÍosa féin: féasóg agus dreach síochánta orthu. Agus tugtar ómós don teagascóir amhail is gur dia beag é.

Tá cáil na háiféise ar ióga agus ní féidir liom é sin a shéanadh go hiomlán. Tá téarmaíocht ar leith ag gabháil leis a luann an croí go háirithe: bítear ag caint ar “análú ón gcroí” nó “an croí a dhéanamh bog” nó, fiú, “an croí a oscailt”. Bladar, a deir tú.

Nach cuma, a deirim. Pé ar bith é, braithim tuirse shásúil, shuaimhneach ina dhiaidh. Ach an leor san? Mura bhfuil tú i bpéin ag cur allais, an fiú é?

Ar eagla na heagla, táim chun ballraíocht a thógaint amach i spórtlann don gcéad uair.

Ar nós go leor daoine eile, is mian liom a fháil amach an mbeidh costas na ballraíochta mar spreagadh dom dul ann go rialta.

Nó an mbeadh ina measc siúd a bhraitheann ciontach as airgead mór a íoc as áis nach n-úsáideann siad? Neosfaidh an aimsir.