50 bliain ó shin a d'fhoilsigh an nuachtán seo sraith alt spéisiúil ar chúrsaí teanga

Wed, Feb 6, 2013, 00:00

TUARASCAIL:I bhfianaise a laghad spéise is atá ag na meáin Bhéarla faoi láthair i staid na teanga, b'fhéidir gur cúis iontais anois é go mbeadh an Irish Times sásta spás agus acmhainní a chur ar fáil leathchéad bliain ó shin le haghaidh sraith alt faoi cheist na Gaeilge.

Dhá scór bliain tar éis don Stát nua neamhspleách é a leagan roimhe mar aidhm an Ghaeilge a athbheochan, cuireadh an t-iriseoir óg Sasanach, Michael Viney, i mbun fiosraithe.

Chaith Viney, a mbíonn colún uaidh le léamh i gcónaí ar an Irish Times gach Satharn, dhá mhí i mbun taighde, lena fháil amach an raibh teanga ársa na nGael ag cur síos préamhacha i measc an phobail in aon áit taobh amuigh den Ghaeltacht.

Thosaigh a thuairisc leis an "Abbeyfeale Experiment" mar a thug sé air. Bhí comhartha crochta ar an mbealach isteach ag an mbaile ag fáiltiú roimh chuairteoirí agus ag iarraidh orthu Gaeilge a úsáid, dá bhféadfaidís. Ba é Mainistir na Féile, Contae Luimnigh, an chéad bhaile ar ar bronnadh trofaí Ghlór na nGael as an iarracht a bhí déanta an baile a Ghaelú.

Taobh thiar den iarracht bhí an príomhoide gairmscoile, Pádraig Ó Cearbhaill agus an teagascóir talamhaíochta Pádraig Mac Suibhne. Dúradh san alt go raibh an baile "fortunate to have four schools providing secondary education through Irish". Ní mba as an ngnáth é sin ag am a raibh 45 faoin gcéad de na meánscoileanna sa Stát ag múineadh cuid de na hábhair, ar a laghad, trí mheán na Gaeilge.

Tús na 1960í bhí dóchas nua le brathi dtaobh an bhorradh nua eacnamaíochta a bhí ag tarlú faoi réimeas Lemass.

Ach bhí díomá go forleathan ann faoi cheist na Gaeilge. Bhí líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht laghdaithe go mór. Taobh amuigh den Ghaeltacht, in ainneoin dhá scór bliain de Ghaeilge éigeantach sa gcóras oideachais, ní raibh aon dul chun cinn déanta ag an nGaeilge, arbh fhiú trácht air.

Sa gcomhthéacs sin a bunaíodh an Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge i 1958. Tús 1963 agus Michael Viney i mbun a chuid taighde, bhí lucht na Gaeilge ag fanacht go foighdeach leis na moltaí ón gcoimisiún, moltaí a d'fhéadfadh an taoille a chasadh sara mbeadh sé ródheireanach.

Sa toghchán a troideadh i 1961, bhí Fine Gael ag gealladh go gcuirfí deireadh le "Gaeilge Éigeantach" san Ardteist dá dtoghfaí iad. Mhol Noel Browne T.D. go mbeadh reifreann faoin cheist. Ach dúirt ceannairí Fhine Gael le Viney nach raibh siad ag iarraidh go mbeadh reifreann ar an gceist mar go raibh a fhios acu go maith, go mbeadh móramh ann "for the retention of compulsory Irish".

Thug Viney faoi deara nach raibh mórán staitisticí ar fáil faoi staid na Gaeilge. Labhair sé leis an teangeolaí Dr. Heinrich Wagner ón Eilvéis, a raibh suirbhé dá chuid féin déanta aige ar an nGaeilge agus dúradh go neamhbhalbh leis: "We are dealing with the ruins of a language."

Labhair Viney faoin "dichotomy of mind" i measc na ndíograiseoirí teanga: "One moment, an undiminished belief that the language can be restored if this and that are done, at the next a candid recognition that present methods have failed - perhaps irretrievably".

Fuair sé amach go raibh éileamh maith ar ábhar i nGaeilge: 3,000 cóip ar leabhar Gaeilge ar liosta An Chlub Leabhar; 11,500 cóip sa tseachtain den nuachtán INNIU; 400,000 ag breathnú ar Amharc Éireann gach seachtain, pacáiste nuachta i nGaeilge a rinne Gael Linn le taispeáint i bpictiúrlann mar mhalairt ar Pathé News.

Is cosúil gur casadh neart cancarán air agus é i mbun a chuid taighde ach, fós féin, ba é a thuairim faoi ghluaiseacht na Gaeilge go raibh sí líon lán de dhaoine "whose industry, tenacity and public spirit, after 40 years of State mismanagement and neglect of their cause, is nothing short of astonishing".

Sampla de dhúthracht agus spiorad na ndíograiseoirí teanga a chuaigh i bhfeidhm ar Viney ab ea Scoil Lorcáin; bunscoil nua a bhunaigh grúpa tuismitheoirí i 1953 "in face of great difficulties" lena chinntiú go mbeadh oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil. Bhí 500 dalta ag an scoil faoi 1963 agus 200 eile ar an liosta feithimh. Nuair a bhí deireadh ráite ní raibh san "Abbeyfeale Experiment" ach borradh gearrthéarmach. Ar an dtaobh eile den scéal, spreag ceannródaíocht na dtuismitheoirí a bhunaigh Scoil Lorcáin gluaiseacht nua gaeloideachais ón mbonn aníos, ar ábhar dóchais anois é don Ghaeilge amach anseo.