40 bliain i mbun pinn - an scríbhneoir nár chaill a mhisneach riamh

Tuarascáil: Is éadóigh go bhfeicfidh tú ainm leabhair chomh samhlaíoch le teideal an úrscéil nua le Pádraig Breathnach…

Tuarascáil:Is éadóigh go bhfeicfidh tú ainm leabhair chomh samhlaíoch le teideal an úrscéil nua le Pádraig Breathnach, Deargadaoil i mbád fó thoinn (Cló Iar-Chonnacht, €12).

Seans mór fosta gur beag leabhar a bhaineann le campas ollscoile a léifidh tú nó bíodh is go bhfuil na glúnta ag plé leis an ollscoil is beag scríbhneoir a chuir an trioblóid air féin saol choláiste tríú leibhéal a scrúdú go cruthaitheach.

Deir Breathnach go mbíodh an focal deargadaoil an-choitianta sa Ghaeilge, agus sa Bhéarla fiú nuair a bhí sé óg. Measann sé nach mbeadh an focal ag mórán daoine óga sa lá atá inniu “mar is feithide í a d’fheicfeá i bportach nó i ngarraí agus is beag baint le hobair thalúna a bhíonn acusan”.

Seans go raibh imní ar dhaoine go gcuirfeadh an deargadaol cealg iontu nó deireadh a athair leis: “Fainic an deargadaol!” – rud a thabharfadh le fios fosta nár mhaith an rud é a bheith i mbád fó thoinn leo.

READ MORE

An bhfuil imní ar bith air go gcuirfeadh scéal seo Aoidh, léachtóir ollscoile atá ar tí dul ar pinsean, go gcuirfidh an scéal in iúl dá lucht aitheantais gurb é féin atá ann ó tharla gur chaith sé 38 bliain ina léachtóir i Luimneach?

Níl eagla ar bith air go smaointeoidh daoine go bhfuil an leabhar “beathaisnéiseach”. Bíonn, a dúirt sé, “gnéithe áiride de shaol is de mheon an scríbhneora” i rud ar bith a scríobhann sé.

Níl amhras ar bith ann faoina dhintiúir scríbhneoireachta féin. Seo an 17ú leabhar dá chuid ó foilsíodh an chéad cheann, cnuasach gearrscéalta Bean Aonair, sa bhliain 1974. Níor stad fear seo na Gaillimhe ó shin; ní thiocfadh leis stopadh, a deir sé. 70 bliain d’aois a bhí sé i mbliana; ar an Dóú Lá Déag, Iúil, 1942, a tháinig sé ar an saol i Maigh Cuilinn, Co na Gaillimhe. Deir sé, agus é ag spochadh as a lucht aitheantais, go ndéanann siad dearmad dá lá breithe. “Lá suntasach,” a bhí ann agus cluineann tú an gáire ina ghlór, Fir Bhuí an Tuaiscirt ag máirseáil agus an Breathnach ag cloí lena bhealach traidisiúnta féin, bealach an phinn.

Ní ghéilleann sé féin orlach d’imeacht ama ach oiread: “Leanaim orm mar nach bhfuil aon rogha agam, ní bheinn beo mura mbeinn ag cumadh. Is annamh ar chaoi ar bith nuair a fhoilsítear leabhar amháin liom nach mbíonn ceann úr ar na bacáin agam agus an dóchas ag sruthlú ionam fiú murar thaithnigh an ceann deiridh le daoine nárbh amhlaidh leis an gceann nua ar ball.”

Mar sin féin, nach doiligh don scríbhneoir misneach a choinneáil?

Níor lig sé do phobal “beag léitheoirí” beaguchtach a chur air. Bhí tógáil croí le fáil i gcuideachta na mac léinn agus chuir sé aithne ar dhaoine as gach cearn den tír a fhad is a bhí sé ina léachtóir ar Choláiste Mhuire gan Smál, daoine a chothaigh caint agus cuideachta.

Bhí sé éasca go leor Gaeilge a labhairt agus a chluinstin; bhí daoine ag iarraidh a thaispeáint go raibh Gaeilge acu agus níor mhothaigh sé éadóchas ar bith. Tá “téagar” sa teanga go fóill agus níl amhras air ach go mairfidh sí, ar dhóigh amháin nó eile, go ceann tamaill fhada.

Glacann sé leis go mbíonn “uimhir íseal” i gceist le díol leabhar, is é sin, mura gcuirtear an leabhar ar chúrsa: “Ní thuirsímse mé féin le himní faoi seo, coinním orm ag soláthar. Is fearr leanacht ar aghaidh óir, ar a laghad ar bith, tá an corrléitheoir ann agus an cuspóir is tábhachtaí do scríbhneoir ná a shaothar a bheith foilsithe ar chaoi ar bith.”

Is é a dhóchas go dtabharfaí suntas don saothar “go timpisteach, fánach, b’fhéidir”. Deir sé “má bhíonn tú i mbun oibre a bhfuil do chroí is d’anam inti tugann sé féinmheas duit féin agus misneach dá réir. Baineann buaine áirid leis an gcruthaitheacht pé scríbhneoireacht, ceol, dealbhadóireacht nó eile í. Is suaimhneas duit go bhfuil sí ansin le go dtabharfaí aird uirthi am éigin ag duine éigin amach anseo b’fhéidir. ”

Is é a d’aistrigh leabhar clúiteach Frank McCourt, Angela’s Ashes, go Gaeilge agus is ábhar suntais aige é gur theastaigh “imprimatur na Gaeilge” uathu, bíodh is bhfuil an leabhar aistrithe go teangacha móra agus beaga an domhain cheana féin. Go drogallach a thug sé faoin fhiontar de bharr é a bheith i mBéarla cheana féin ach tá sé sásta leis an toradh.

Agus an focal scoir ón scríbhneoir misniúil: “leanacht ar aghaidh beag beann. Tá meas ar an té a bhíonn ag plé le focla agus, ar an gcaoi sin, bíonn ról ag an scríbhneoir.”

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times