Ó thuaidh!

Thu, Dec 3, 2009, 00:00

TÁ NA mílte ina mílte fada ag triall thar theorainn sall ó Leath Choinn agus an Nollaig arís ag teacht. Na siopadóirí ó dheas ag geonaíl. An Rialtas abhus ag canrán. An tIúr ina Mhecca ag Críostaithe ag ceiliúradh na hócáide le ceannach. “Tréas eacnamaíochta” a thug nuachtán náisiúnta amháin ar an ngnó, dream a thuigfeadh tréas go maith.

Dhein Aire Rialtais nó beirt iarracht ar “thírghrá” a tharraingt isteach sa scéal tá tamall ó shin ann, ach is de shuimiúlacht nach bhfuil gíocs astu le tamall. Leisce orthu go dtarraingeofaí fíoch is measa fós anuas orthu.

Fág i leataoibh ar fad an dalbacht go leomhfaí tírghrá a lua ó bhéala daoine a dhíol an dúthaigh le baincéirí agus a d’fhág an áit ar fad i seilbh meirdreach, is fada nár aithin duine ar bith tírghrá le cúrsaí eacnamaíochta. Más é gach duine ar a shon féin agus Maol Muire ar a sháfaigh is port don saol, sin é an port á leanfar siar go dúid.

Níl aon chúis nach dtabharfaí do chuid cianóga beaga rua uait don huigistéar i bPort an Dúnáin seachas don ocastóir i bPort Láirge. Ach laistiar den shlímchaint mhilis bhaoth bhí féith eile á hoscailt. B’í féith í gur tír eile is ea an stát lastuaidh den Teorainn, an teora úd nach bhfeictear anois seachas san athrú ó mhílte go ciliméadair ar bhóithre.

“Dream eile” iad san, dar le cuid den mhuintir ó dheas nár theastaigh uathu dul i ngleic lena raibh ar siúl ó thuaidh.

“Tá níos mó i gcoitinne acu le chéile ná mar atá acu linne,” an port eile a chloistí, agus cluasa á ndúnadh de phlab. B’shin stair na hÉireann le cúpla míle bliain curtha sa chiseán bruscair go grod.

“Tá níos mó i gcoitinne acu...” agus mar sin de, agus b’shin é an chúis go raibh siad ag marú a chéile. Tá níos mó i gcoitinne ag muintir Chorcaí agus muintir Chiarraí le chéile ná leis an gcuid eile den tír chomh maith, agus ba bhreá leo dul chun maraithe, ach níl aon teoiric pholaitiúil á tógaint timpeall air sin. B’é an meon críchdheighilteach a bhí ann, meon a chonaic paisley i ngach protastúnach agus provo i ngach poblachtánach. Meon suarach beagmhaitheasach chomh tiubh le sceach sheoirseach, chomh héadomhain le seánéamonn.

Is í íoróin an chúrsa nach n-aithnítear an meon críchdheighilteach seo ar na leibhéil is tábhachtaí. B’é an rud ba réabhlóidí riamh a dhein pobal deas na Poblachta ná Máire Mhic Giolla Íosa a thoghadh mar Uachtarán.

Ba mhó ná réabadh síleála gloine an toghadh sin. Bhí sé ceart go leor agus caoin, liobrálach Protastúnach a thoghadh mar Uachtarán, nó abhac, nó dall, nó bean féin, ach ba dhul thar fóir agus thar dhroichead agus thar chailc Caitliceach caitliceach aduaidh a roghnú, duine a dhein siopadóireacht go minic in Iúr Cinn Trá.

Agus ní leomhfadh aon Aire Rialtais a thabhairt le fios go mbaineann ár bhfile féinig féin, Seamus Heaney, le tír ar bith eile seachas leis an tír seo pé áit a gheibheadh sé a chuid peann sar ar chrom sé ar thóch a dhéanamh leo. Ní móide go ndéanfadh siad iarracht ar a rá go mbaineann sé leis an “oileán” seo fiú amháin, bíodh is gur cinnte gur dhein sé siopadóireacht in Inis Ceithleann.

Bhí aon chontae tríochad eile thar a bheith buíoch d’fhoirne Ard Mhacha agus Thír Eoghain i gcaitheamh na náididí. B’iad a chuir Corc i dtrumpa Chiarraí go minic, ach níor mhinic go leor é. Murach iad bheadh aiseag smugaghlas is óir ar fud an oileáin, úps – is é sin ar fud na tíre.

Chuir Londaindoire fáilte roimh Shomhairle Maguidhir sna 1990í, agus bíodh go bhfuil an fhoireann sacair acu san abar faoi láthair, is i Léig na hÉireann a imríonn siad seachas san léigín eile sin idir Béal Feirste agus Creag Aibhne. Is cinnte go ndéanann siad siopadóireacht i nDoire Chalgaigh.

Ficsean is ea an chríchdheighilt feasta, agus ficsean ba ea í in intinn daoine a thuig an tír riamh anall. Tá an Nollaig ag teacht. Tá oiread cirt ag caipitlithe an Iúir ar airgead an turcaí agus atá ag caipitlithe Thír an Iúir.

Baineann Art Mac Cumhaidh agus Peadar Ó Doirnín linn go léir chomh deimhnitheach is a bhaineann Aogán Ó Rathaille is Seán Clárach Mac Domhnaill. An soiléiriú seo toisc gur róbhaol go bhfuil tiús agus dúire fós i réim.

Ach aiblins agus sinn ag caint abou’ the yin thing, agus ar eagla go dtiocfadh a sturge tae wak oot ar dhaoine go bhfuil dearmad tae buggery á dhéanamh againn ar an owl blaggart tak, tá sí chomh ciallmhar le bladar sráide ar bith nó le caint pholaiteora faoin tsiopadóireacht.