Ár leas

Wed, Feb 15, 2012, 00:00

TUARASCÁIL: DHÉANFAÍ ÁR leas dá dtapófaí an deis athbhreithnithe seo le filleadh ar bhunfhealsúnacht an Achta, agus fealsúnacht agus cur chuige atá i bhfeiliúint do riachtanais chinniúnacha reatha a cheapadh.

Ba mhaith le cainteoirí Gaeilge go mbeadh stádas níos cosúla le stádas teanga náisiúnta/stáit ag an nGaeilge, ach go praiticiúil is stádas teanga mionlaigh a bhronntar uirthi agus is amhlaidh a chaitheann Stát na hÉireann léi.

Dá mbeadh dlús pobail agus téagar sóisialta níos láidre ag an nGaeilge b’amhlaidh ab fhearr acmhainn an phobail dúshlán a thabhairt don éagothroime stádais seo.

Ach is é a mhalairt atá fíor, faraor; is í a leochaileacht shóisialta agus pholaitiúil a shainmhíníonn faoi láthair í.

Tá an Ghaeilge agus a pobal i ngreim ag éigeandáil teanga agus is cur chuige éigeandála mar sin atá de dhíth le teacht as an tsáinn seo. Más cearta chun inmharthanachta sa chiall shóisialta a bheidh á lorg ag na Gaeil beidh orainn a bheith in ann dearcadh statach agus dearcadh dinimiciúil ar chearta teanga a idirdhealú.

Sásaíonn comharthaíocht, fógraíocht, cáipéisíocht agus feidhmeanna oifigiúla teanga an dearcadh statach. Is í an fheidhmiúlacht shóisialta, forás na gcainteoirí agus misneach an mhionlaigh teanga a lorgaíonn an dearcadh dinimiciúil ar chearta teanga.

I bhfianaise éigeandáil staid reatha shóisialta na Gaeilge, ní fhéadfaí ach an lagbhrí a lua leis an dearcadh statach. Is léir gur cur chuige níos táirgiúla agus níos dinimiciúla a theastaíonn ag an tráth seo.

Is baolach gur meicníocht dhiocúrsúil agus eagraíochtúil a bheidh i straitéis 20 bliain don Ghaeilge chun cúlú ó fhreagrachtaí Stáit i leith na Gaeilge mura mbeifear in ann bonn níos forghníomhaí agus téagartha a chur faoi réimse na gceart teanga in Éirinn.


Is é Conchúr Ó Giollagáin an Stiúrthóir Acadúil ar an MA nua sa Léann Teanga a bheidh á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh