Fáisceann Cathal an Gad Maol In his column, An Cuimilt Meala, published on June 25th, 1987, Breandán Ó hEithir reflects on Charles Haughey's efforts to tackle the economic crisis that gripped Ireland at the time.

Beidh cuimhne ag cuid agaibh ar an olltoghchán a bhí againn i bhFeabhra na bliana seo agus ar mo pháirt bheag féin sa bhfeachtas. Sheol an nuachtán seo amach síos faoin tír mé agus ordú agam fanacht amach ó pholaiteoiri, chomh fada agus a b'fheidir, agus a fháil amach céard a bhí na gnáth-dhaoine ba ghnáthaí ag rá i dtaobh staid na tíre agus réiteach a bhfadhbanna.

Chaith mé trí seachtainí ar an gcuma sin; ag cúléisteacht, ag cesitiú agus ag cur tuairiscí laethúla abhaile chuig craos amplach an pháipéir. Níor thóg sé i bhfad orm a fháil amach go raibh go leor den phobal i gcás idir dhá chomhairle agus cuid acu idir trí nó ceathair de chomhairlí: staid atá chomh gar agus is féidir a shamlú don phairilís gan a bheith i do chlár adhmaid amach is amach.

De réir a chéile b'fhacthas dom go raibh fonn athraithe rialtais ar chuid maith daoine, amhail agus a bheadh fonn ar dhaoine dhá fhoireann ar bith seachas Baile Átha Cliath agus Ciarraí a fheiceáil i gCraobh na hEireann. Bhí daoine eile ar thóir an aoibhnis agus na sábháltachta meánaicmeach i mbrollach Dheasún Uí Mháille. (Tá brollaigh níos feiceálaí sa bpáirtí ach fágaimis siúd mar atá sé.)

Mar go mbím de shíor ag iarraidh loighic a theagasc do mhuintir na hEireann níor chruinn mo bhreithiúnas ar an bPáirtí Daonlathach. Thuigeas gur mó de bheagán éigin an dochar a dhéanfaidis d'Fhine Gael ná d'Fhianna Fáil ach níor mheasas go mbeadh oiread díobh sa Dáil agus atá. Dá n-abródh an fear is eolgaisí ar pholaitíocht Iarthair Luímní liom (an tAire Dlí agus Cirt, deile!) go gcrochfadh an PD suíochán sa dáilcheantar sin amach faoi thóin Fhine Gael, dhéanfainn mo dhothain gáirí. Ach féach gur tharla sin.

Ní haon gháire Sheáin Dóite dom a rá nach gcruthaíonn an chuid sin de thoradh an togcháin ach go bhfuil pisreoga chomh tréan sa tír agus a bhí in aimsir Dhónaill Uí Chonaill. Is léir nach i laghad atá líon na ndaoine ag dul a rachfadh ar thóir leighis ar an dtríuch ar fhear an chapaill bháin in áit a dhul chuig dochtúir.

Ach sar a dtarraingeoidh Fine Gael olltogchán eilé, agus in ainneoin an "scaoil amach mé, coinnigh siar mé" atá ar siúl anois acu, caithfidh said a bheith réasúnta cinnte go bhfuil ar a gcumas na suíocháin a chailleadar a bhuachan ar ais. Fágann sé seo go bhfuil idir dha agus trí bhliain ag Cathal Ó hEachaidh lena Wirtschaftswunder a chur i gcrích.

Mí tar éis dó a theacht i gceannas ar Fhianna Fáil agus ar an Rialtas chualamar go raibh an Taoiseach O hEachaidh le dul ar raidió agus teilifís chun teachtaireacht thábhachtach a thabhairt don phobal. Rinne sé sin. Dúirt se go raibh an tír ag caitheamh airgid nach raibh tionscail agus seirbhísí na tíre ag saothrú. Bhí an t-airgead uireasach dá cheannach ar ús a bhí i bhfad ró-ard. Ní fhéadfadh an tír leanacht ar aghaidh ar an gcuma sin. B'shin Eanáir na bliana 1980.

Cupla mí ina dhiadh sin bhí oiread airgid poiblí dá chaitheamh i ndáilcheantar Chiarrai Thuaidh gur baisteadh Dr Mac Millions ar an bhfear beannaithe úd Tommy Mac, atá anois gan suíochán Dála. Pé cúis a bhí leis (agus níl againn sa scéal anois ach spéis acadúil) thit prionsabail airgeadais Uí Eachaidh isteach i bpoll doimhin dorcha éigin agus is ann a d'fhanadar ó shin.

Is é mo thuairim féin gurb iad na cúlbhinseoirí céanna a bhí ag tabhairt soncanna do Sheán Ó Loingsigh, mar go raibh faitíos orthu go gcaillfidis a suíocháin, a dhíbir deá-rún Uí Eachaidh ar an gcúis chéanna. Is cosúil nach mór deachmha an daonlathais a íoc chomh maith le deachmha na deachtóireachta.

Anois tá an scian dá oíbriú ar gheir an chaiteachais poiblí agus, mar a tharlaíonn i gcónaí ar ócáidí mar seo, ar chuid den fheoil freisin. Is iomaí íoróin sa scéal. Mil ar mo chroí Cathal Ó hEachaidh a fheiceáil ag feidhmiú polasaithe Fine Gaelacha ar theip ar Mhac Gearailt agus a ghíollaí an Diúcach agus an Brútach, iad a chur i gcrích. Tuigeann Deasún O Máille go bhfuil a fhallaing ceartiriseach fuadaithe ag Fianna Fáil agus gur beag is feidir leis a dhéanamh ach a bheith ag fuarchaoineacháin i dtaobh easpa prionsabail Fhianna Fáil. An faoina ascaill a bhí a shúile agus a chulasa nuair a chum an páirtí an polasaí togcháin a bhuaigh i bhfad an iomarca suíocháin dóibh sa mbliain 1977? Cén chúis nach bhfuil ailtire an pholasaí úd, Máirtín O Donnchadha, ina dhos mór sa bPáirtí Daonlathach inniu?

Tig le léitheoirí géarchúiseacha a bhfreagraí féin a thabhairt ar na ceisteanna sin ach níl na freagraí chomh tabhachtach leis an tuiscint nach mbeidh an tír go deo arís mar a bhí, an taobh se den bhliain 2000. O thaobh seirbhísí sláinte, oideachais agus postanna sa seirbhís poiblí agus sa méid den na boird stáit a bheas fágtha tar éis deireadh na sceanairte, tír eile ar fad a bheas innti. Níl duine is fearr a thuigeann é sin ná Alan Dukes. Cuireann an tuiscint áthas air, in ainneoin na bréagchogaíochta atá ar siul anois aige.

Cuireann sé áthas air de bhrí gur fearrade a dheis ar mhóramh glan a bhaint amach d'Fhine Gael an sceanairt seo a bheith déanta agus an tír a sheoladh ar chúrsa nua dá éis. Mar a mheabhraigh cara géarchúiseach dom an lá cheana, is gearr go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael chomh gar dá chéile i mbunphrionsabail agus go bhféadfaidis aontú gan mórán dua.

Tá an méid sin cruthaithe i gcás na seirbhísí sláinte agus mura bhfuil dul amú mór orm cruthófar go gairid é i gcás an Chomhaontaithe Angla-Eireannaigh. Níl oiread agus ceist bhunúsach amháin ar a bhfuilid easaontaithe anois agus níl san argóint seo faoi mhodhanna agus slite ach cleas chun cúlbhinseoirí a choinneáil milsithe roimh shaoire an tSamraidh. Tá glactha leis an imirce, fiú imirce mídhleathach go Meirceá, mar ghalún taosctha nach gá fuarchaoineachán oifigiúil a dhéanamh ina thaobh a thuilleadh.

Maidir leis an rud ar a dtugtaí "an dara aidhm náisiúnta" tá sé soiléir go bhfuil pé cuspóir oifigiúl a bhí ann tréigthe ag rialtaisí de gach dath le fada. Tá teipthe ar an gcóras bunscolaíochta an teanga a theagasc agus ar an gcóras stáit í a chaomhnú trí fhreastal ar lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh den chóras scolaíochta. Orthu siúd go dteastaíonn uathu an teanga a choinneail ina beatha atá beatha na Gaeilge ag brath anois. Tig leo cabhair áirithe a fhail ón stát ach ní mór dóibh a bheith sásta troid go dian agus go leanúnach ar a shon.

B'fhéidir gur mhaith an rud sin i ndeireadh thiar. Ní chun leasa na teanga a chuaigh plásántacht na tire le cúig bhliana fichead anuas.

 
 
Keywords

Date Range
 
 
MTWTFSS