Stádas na Gaeilge i mbaol sa chóras oideachais

Buntáistí cognaíocha an dátheangachais á shéanadh ar chéatadán suntasach scoláirí

Foclóir: Baol - danger; oideachas ionchuimsitheach – inclusive education; díolúine - exemption; riachtanais - requirements; stiúrthóir - director; ardú suntasach - significant increase; comhthéacs - context; treocht - trend.

Tá an baol ann go bhfuil an córas a cheadaíonn díolúintí ó staidéar na Gaeilge chun ísliú tromchúiseach stádais a bhrú ar an teanga sa chóras oideachais.

Seachas a bheith ag freastal ar riachtanais oideachasúla na ndaltaí scoile agus múineadh na Gaeilge a chur in oiriúint do na riachtanais sin, tá díolúintí á gceadú de réir critéir atá “ró-leathan,” a dúirt an tsaineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

De réir na figiúirí is déanaí, deonaíodh 13,710 díolúintí anuraidh, ardú 23.5 faoin gcéad ar 11,097 na bliana roimhe sin.

READ MORE

Labhair Tuarascáil leis an Ollamh Ó Duibhir, atá ina stiúrthóir ar Sealbhú, ionad taighde ar fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go gairid tar éis don Roinn Oideachais an ciorclán is déanaí ar chur i bhfeidhm chóras na ndíolúintí don bhliain seo a fhoilsiú.

Dúirt an tOllamh go bhfuil stádas ar leith ag an teanga sa chóras oideachais agus go mbíonn tionchar aige sin ar an bpobal i gcoitinne.

“Aon rud a dhéanann an Ghaeilge sa chóras oideachais a lagú tá sé ag baint óna stádas sa phobal,” a dúirt sé.

Cé go bhfuil laghdú beag feicthe ar líon na ndíolúintí a ceadaíodh ag an mbunleibhéal le cúpla bliain anuas, “tá an treocht ag dul in airde arís,” a dúirt Ó Duibhir, agus is “ardú suntasach” atá le feiceáil ag leibhéal na hiar-bhunscoile.

Mar chomhthéacs, ní raibh díolúine ó staidéar na Gaeilge ach ag 2.5 faoin gcéad de dhaltaí iar-bhunscoile in 1999. In 2016 bhí sé seo arduithe go 9.2 faoin gcéad.

Creideann Ó Duibhir go bhfeicfear laghdú ar stádas na Gaeilge mar thoradh ar seo.

“Níor shuigh thart ar 20 faoin gcéad de dhaoine a shuigh scrúdú na hardteistiméarachta páipéar Gaeilge i mbliana,” a dúirt sé.

“Léiríonn sé sin go bhfuil sleamhnú mór tarlaithe,” a dúirt sé.

Ach más fíor sin, an bhfuil baol ann go bhfuil deireadh á chur leis an Ghaeilge mar ábhar riachtanach don Ardteist, tríd an gcúl doras?

“Cinnte. Sin an rud a léirigh tuarascáil taighde na gcigirí a bhí mar bhunús den athbhreithniú,” a dúirt an tOllamh.

“Tharraing na cigirí aird ar líon na ndaoine a raibh díolúine acu ón nGaeilge ach a bhí ag foghlaim Fraincise, Spáinnise, Gearmáinise nó Iodáilise ag an iar-bhunleibhéal.

De réir na tuarascála sin, a foilsíodh in 2018, bhí staidéar á dhéanamh ar nuatheanga iasachta in 2016 ag 63 faoin gcéad de scoláirí Ardteistiméireachta sa séú bliain a raibh díolúine ón nGaeilge acu.

Tacaíonn sé seo, a dúirt Ó Duibhir, leis an taighde a thugann le fios nach bhfuil a leithéid de rud ann agus “míchumas foghlama teanga”.

Éileamh

Dar leis an Ollamh Ó Duibhir tá córas na ndíolúintí lochtach ann féin mar nach dtagann sé leis an taighde ar oideachas ionchuimsitheach agus go gcruthaíonn sé éileamh ar dhíolúintí i measc tuismitheoirí agus daltaí scoile.

“A luaithe agus a chuireann tú córas mar seo i bhfeidhm, agus seo an rud atá léirithe ag an taighde idirnáisiúnta, bíonn tuismitheoirí ag ceapadh, má bhíonn deacrachtaí foghlama ag a bpáiste go mbeidh an Ghaeilge ródheacair dó nó di.”

De réir an chur chuige reatha is féidir díolúine a cheadú do scoláirí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu nó dóibh siúd a fhaigheann scór caighdeánaithe faoi bhun an 10ú peircintíl i scrúdú scoite, i léamh focal, sa léamh thuiscint nó sa litriú.

Deireann Ó Duibhir go bhfuil buntáistí cognaíocha an dátheangachais á shéanadh ar chéatadán suntasach scoláirí.

“Is dóigh liom go bhfuil na critéir ró-leathan,” a dúirt an tOllamh.

“Tá cásanna luaite agamsa gur féidir le daoine a bheith lag ag an litriú ach nach mbeadh fadhbanna acu le cúrsaí tuisceanna mar go gcúitíonn siad an laige sin.”

“Go bunúsach táthar ag rá go bhfuil 10 faoin gcéad den phobal scoile nach mbeadh ag déanamh staidéir ar an nGaeilge.”

“Ní dhéanann muid é sin in aon réimse eile foghlama,” a dúirt sé.

Seachas brú a chur ar an gcóras cur chuige ionchuimsitheach a chur i bhfeidhm, tugtar le fios nach bhfuil sé de chumas ag daltaí ar leith Gaeilge a fhoghlaim.

“Chuir mé an cheist seo ar phríomhoidí agus creideann siad ‘bhuel má tá sé i ndoiciméid ag an Roinn caithfidh sé nach bhfuil páistí atá faoi bhun \[an peircintíl\] sin in ann an Ghaeilge a fhoghlaim.’

“Níl sé sin fíor,” a dúirt sé.

“Is dóigh liom go gcothaíonn an córas an mhíthuiscint go bhfuil an Ghaeilge chomh deacair sin nach féidir í a fhoghlaim. Ach bheinnse ag rá: má mhúintear i gceart í gur féidir le gach páiste í a fhoghlaim de réir a gcumas féin.”

Ábhair imní thromchúiseacha

Dúirt an tOllamh Ó Duibhir gur “ábhar buartha” é tuairisc go bhfuil ar thuismitheoirí i roinnt scoileanna rogha a dhéanamh idir ranganna Gaeilge agus tacaíocht fhoghlama bhreise dá bpáistí.

Tháinig sé seo chun suntais i dtuairisc a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais ar athbhreithniú a rinneadar ar chóras na ndíolúintí ó 2019 i leith. Luadh é seo i measc “ábhair imní thromchúiseacha” eile, a cuireadh in iúl dóibh le linn a gcuid taighde.

Cé gur dúradh sa tuairisc go bhfuil roinnt athruithe beartaithe chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a ardaíodh leis an Roinn, níl na hathruithe sin luaite sa chiorclán is déanaí.

“Ba dhóigh leat go mbeadh iniúchadh déanta air mar chuid den athbhreithniú - le fáil amach cé chomh forleathan is atá an cleachtas,” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir.

“Is léiriú eile é d’easpa measa agus stádas na Gaeilge”

Deiseanna

Bronntar díolúintí freisin ar dhaltaí a fuair cuid dá gcuid oideachais suas go dtí 12 bhliain d’aois lasmuigh den stát.

An bhfuil eolas agus tuiscint ar oidhreacht chultúrtha agus staire na hÉireann agus dá bhrí sin, deiseanna inmheascaithe á séanadh ar dhaltaí atá ón iasacht?

“Léíríonn an taighde nuair a thugann tú isteach díolúine nó malairt ar an bhfoghlaim nach gá don córas dul i ngleic leis an dúshlán. Braithim go bhfuil an rud céanna ag tarlúint do dhaoine a thagann isteach sa tír,” a dúirt sé.

“I bhformhór tíortha na hEorpa ach go háirithe le teangacha oifigiúla, cuirtear deiseanna ar fáil d’inimircigh teangacha oifigiúla na tíre sin a fhoghlaim” a deir an tOllamh Ó Duibhir.

“Is dóigh go léiríonn [an teip seo] freisin an luach atá ar an nGaeilge. Tá seoid againn. Ar ócáidí eile bheadh muid ag caint faoin luach atá againn ar an teanga ach ní léiríonn muid é sin go praiticiúil sa chóras oideachais.”

“Seachas [foghlaim na Gaeilge] a bheith ina bhealach comhtháite do na daoine nua tá muid á shéanadh orthu.”


Teacht Aniar

Tá sraith cainteanna poiblí beartaithe ag an gcoiste Teacht Aniar. Ag labhairt dó le Tuarascáil dúirt Breandán Mac Cormaic gur éirigh go hiontach leis an tsraith anuraidh. D’fhreastal os cionn 300 duine ar na cainteanna sin.

“I dtreo polasaí aontaithe don Ghaeltacht” an teideal atá ar shraith na bliana seo.

“Séard atá muid ag iarradh a dhéanamh an babhta seo ná díriú isteach ar chúig nó sé fhadhbanna praiticiúla agus tá muid ag lorg moltaí.”

Cuirfidh na cainteoirí a gcuid moltaí féin chun cinn ar an árdán ‘Zúm’ agus beidh deis ag an lucht féachana a gcuid tuairimí a chur in iúl. Reáchtálfar na cainteanna ón 22 - 27 Deireadh Fómhair.

Breis eolais: teachtaniar.eu/imeachtai