Fear na leathchluaise

‘An chluas a chuir sé ar ais orm, bhí curtha ar ais bunoscionn’


Agus is fíor go raibh an chuma air go raibh mé sona sna laethanta sin. Agus, féach, is dócha go raibh. Duine gnaíúil ba ea an boss, cé go dtagadh taom feirge air anois is arís.

Ní raibh cancarach liomsa ach amháin nuair nach mbíodh na coinnle i gcóir agam nó gan a chuid róbaí a bheith leata amach in am.

Is san aighneas a chailleadh sé an cloigeann ar fad le cuid de na daoine eile a dhein mí-léamh ar na scrollaí. Mise i mbannaí air gur sheachain mé a leithéid.

“Tá tú as do mheabhair, a Mhalcais,” adúirt mo chairde liom, “as do mheabhair post mar sin a chaitheamh suas. Cá bhfaighfeá a leithéid de phost de shiúl cathrach?”

READ MORE

Bhí an ceart acu, gan amhras, agus ba chathair mhór í le siúl don té nach raibh asal aige. Ach conas a mhíneoinn dóibh an t-athrú a tháinig orm tar éis na heachtra i measc na gcrann?

Ina dhiaidh sin, ba chuma liom an post seascair, an fhostaíocht bhuan, an gradam sóisialta, an bia rialta, an fíon chun mo thola. Agus ar aon nós, ar feadh i bhfad bhí náire orm mo chloigeann a nochtadh.

“Cén fáth a mbíonn an ceannbheart sin ort i gcónaí?” a d’fhiafraíodh siad díom sa bhaile beag ar aistrigh mé ann tar éis dom an mhórchathair a thréigean. “An mbíonn sé ort sa leaba féin?” “Conas a dhéanann tú do cheann a ní?” “Cad a dhéanfá dá rachadh beach isteach id ghlib gruaige?”

Giob ní deirinn ach greim docht a choimeád ar mo bhéal. Is dócha go raibh náire orm go ceann i bhfad. Náire de dheasca na máchaile a fágadh orm tar éis na hoíche sin.

“Eachtraigh dúinn arís é,” adeireadh siad liom tar éis dom an náire a dhíbirt agus féachaint air mar chomhartha a chiallaigh an saol.

Ba dhóigh leat go n-éireoinn bréan de bheith á insint, ach níor éirigh. Thug brí dom bheatha féin agus dá lán eile.

Is mar seo a tharla. I ndéanaí an lae sin, chualamar sa teampall go raibh an méirleach mór le gabháil. Bhí fear a bhraite ina chuibhreann agus é toilteanach a thaispeáint dúinn, ach an praghas a bheith i gceart

Dúradh linn a bheith sa ghairdín ar a leithéid seo d’uair. Bhí an meirleach mór le bheith ann lena chuid giollaí. Cuma shásta orthu, faoi mar a bheadh béile breá caite acu.

Sheas an spiaire againne amach chun tosaigh agus thug póg don mheirleach. Agus is ea adúirt sé, an meirleach, “An chun beirthe ar bhithiúnach a tháinig sibh amach le claimhte?” Leis sin, bhain fear a raibh féasóg níos faide ná fada air a chlaíomh amach as a thruaill, dhein é a luascadh, is bhain sé an chluas díom go glan. An phian a chuaig tríom, níor phian go dtí é.

Agus is ansin adúirt an méirleach: “Cuir do chlaíomh ar ais ina ionad féin. Óir, gach duine a thógfaidh claíomh is le claíomh a thitfidh sé.” Agus chualathas gach duine ag gáirí ón ngairdín aníos go spuaic an teampaill lasnairde. Chualathas an gáire sa Róimh, agus in Aintioch, agus in Alexandria, agus sa Chartaig féin.

Leis sin, féach, chrom sé síos agus chuir an chluas ar ais san áit ar baineadh dem chloigeann é, agus dúirt i gcogar – “Cuimhnigh go mbíonn dhá chluais ar gach scéal.”

Cé go raibh pian im uiseanna, agus an glór binn sin ag sonadh im cheann, ropamar linn é i láthair an ardshagairt agus na seanóirí. Ar chúis éigin, ní raibh mé i dtosach an chúisithe. Chaolaigh mé liom nuair a bhí an liú ar son a churtha chun báis ar siúl. Tar éis an tsaoil, dhein sé mo leas féin.

Nó sin a shíl mé gur shroich mé an baile is gur fhéach mé sa scáthán. Ba dhóbair dom tachtadh le huafás.

An chluas a chuir sé ar ais orm, bhí curtha ar ais bunoscionn. Liopa leathchluaise le talamh, is an liopa eile leis an spéir. An alltacht a bhí orm, b’in fáth m’aistrithe.

D’fhág mé an mhórchathair is d’imigh soir, áit a raibh daoine nár chuala pioc faoi imeachtaí na linne. Chuir mé ceannbheart orm a chlúdaigh mo náire, ceannbheart a d’fholaigh go raibh leathchluas thuas agus leathchluas thíos orm.

Is nuair a d’airigh mé go raibh míorúiltí eile déanta san ardchathair agus go raibh fear na cluaise a leigheas aiséirithe ó na mairbh a thosnaigh mé ag smaoineamh ar mo dhá chluais féin. Chaitheas uaim an ceannbheart agus thaispeáin do chách!

Mar, bhí tugtha aige dhom, cluas thall, cluas abhus. Cluas don saol seo, agus cluas don saol eile. Cluas na fírinne, is cluas na bréige.

Is shíl mé, cá bhfios, go raibh rud éigin sa chluais a bhí bunoscionn nach raibh sa chluais a chuala an saol?