Teastas Eorpach

BEIDH SCRÚDÚ C1 (Ardleibhéal 1) Teastas Eorpach na Gaeilge ar siúl ar Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Dé hAoine 27ú agus Dé Sathairn…

BEIDH SCRÚDÚ C1 (Ardleibhéal 1) Teastas Eorpach na Gaeilge ar siúl ar Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Dé hAoine 27ú agus Dé Sathairn 28ú Eanáir, 2012. Is cáilíocht í do dhaoine atá ag iarraidh aitheantas ollscoile a fháil ar a gcuid scileanna teanga.

Is ionann leibhéal C1 agus daoine a bheith in ann iad féin a chur in iúl go líofa. Tuigeann siad téacsanna dúshlánacha – bíodh fís, fuaim nó an focal scríofa i gceist – agus tá ar a gcumas an teanga a úsáid go héifeachtach ina saol gairmiúil agus pearsanta.

Tá cáilíocht C1 dírithe ar dhaoine atá ag obair leis an Ghaeilge cheana féin nó ar dhaoine atá ag smaoineamh ar obair le Gaeilge san am atá le teacht. Thiocfadh leis an cháilíocht a bheith ina cuidiú ag múinteoirí gur mhian leo cúrsaí ag leibhéal C1, agus leibhéil eile TEG, a mhúineadh amach anseo.

Is é an Luan, 9ú Eanáir, 2012, an spriocdháta d’iarratais.

READ MORE

Eolas: www.teg.ie nó 01-7086417.