Sinne Eorpaigh

LUAIGH MÉ ar an cholún seo an tseachtain seo caite nach bhfaca mé póstaer ar bith Gaeilge go dtí sin agus na páirtithe i mbun…

LUAIGH MÉ ar an cholún seo an tseachtain seo caite nach bhfaca mé póstaer ar bith Gaeilge go dtí sin agus na páirtithe i mbun feachtais faoi Chonradh Liospóin.

Chonaic mé péire an tseachtain seo: ceann ag Sinn Féin ag iarraidh ar vótóirí vótáil in éadan an chonartha agus socrú níos fearr a fháil agus ceann ag Fianna Fáil ag moladh "Leas na hÉireann; Leas na hEorpa Vótáil Tá." Bravo an dá pháirtí phoblachtánacha as amhrán na Gaeilge a chanadh san Eoraip. Dix points.