Siansa Linn

BEIDH CRAOBH an chomórtais, Siansa Gael Linn, ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, Dé Domhnaigh, 29ú Aibreán ag…

BEIDH CRAOBH an chomórtais, Siansa Gael Linn, ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, Dé Domhnaigh, 29ú Aibreán ag 7.30pm. Ocht ngrúpa ceoil agus amhránaíochta thraidisiúnta ó scoileanna i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Port Láirge, Maigh Eo agus Sligeach atá san iomaíocht don duais €2,500.

Dúirt Niamh de Búrca ó Ghael Linn go mbeadh “géariomaíocht agus ceol den scoth” le fáil oíche na craoibhe agus go raibh ag éirí thar barr le hiar-iomaitheoirí sa chomórtas.

Bronnadh Gradam TG4 Ceoltóir Óg na Bliana ar Chaoimhín Ó Fearghaíl, mar shampla, fear a bhí ina bhall den ghrúpa a bhain siansa sa bhliain 2008.

Craolfar an comórtas beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ach tá ticéid le fáil go fóill.

READ MORE

Eolas: www.nch.ienó 01-4170000

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times