RTE ag foghlaim

Bhronn RTÉ conradh chun sraith 20 clár teilifíse d'fhoghlaimeoirí Gaeilge a dhéanamh ar thrí chomhlacht atá lonnaithe i nGaeltacht…

Bhronn RTÉ conradh chun sraith 20 clár teilifíse d'fhoghlaimeoirí Gaeilge a dhéanamh ar thrí chomhlacht atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara: Abú Media; Gael Media agus Eo Teilifís, a bheidh ag obair mar chomhchomhlacht.

Dúirt Eagarthóir Coimisiúnaithe na gClár Gaeilge in RTÉ, Mairéad Ní Nuadháin, go raibh áthas ar an stáisiún an togra ilmheáin bheith idir lámha acu:

"Beidh na cláracha dírithe ar dhaoine a bhfuil roinnt Gaeilge acu cheana féin - iad siúd a rinne staidéar ar an teanga ar scoil, mar shampla, ach nach bhfaigheann mórán deiseanna í a úsáid ina saol laethúil."

Mairfidh gach clár sa tsraith nua 25 nóiméad agus beidh stíl bhríomhar éadrom i gceist, de réir RTÉ. Craolfar an chéad chlár i mí Eanáir 2004.