Míreanna

A round-up of today's other stories in brief

A round-up of today's other stories in brief

Deis dheas ag Danielle

Scríbhneoir Corcaíoch – Danielle McLaughlin – a bhuaigh Comórtas Gearrscéalta Merriman i gcuimhne ar Maeve Binchy

Léigh an t-údar an gearrscéal buacach, In Through the Skin, don lucht éisteachta in Amharcalann Glór an tseachtain seo caite, tráth ar cuireadh tús le Féile Club Leabhar na hInse.

READ MORE

D’eagraigh Cumann Merriman, i gcomhar le Féile Club Leabhar na hInse agus Leabharlanna Chontae an Chláir an comórtas le ceiliúradh a dhéanamh ar an dlúthcheangal a bhí ag Maeve Binchy le Scoil Samhraidh Merriman, imeacht a ndearna sí freastal rialta air.

Scríobh sí agus thaifead sí féin gearrscéal ar leith A Week in Summer, scéal a bhí suite ag Scoil Samhraidh Merriman agus theastaigh uaithi aitheantas a thabhairt don scoil tré ríchíosa a thuill sí ar fhoilsiú an scéil a bhronnadh ar an gcumann.

Sheol Gordon Snell, fear céile Binchy teachtaireacht comhghairdis; dúirt sé go mbeadh ríméad an domhain uirthi scríbhneoirí nua Éireannacha a fheiceáil ag teacht chun cinn.

Thiocfadh le scríbhneoirí Gaeilge nó Béarla cur isteach ar an gcomórtas agus b’iad na scríbhneoirí Anne Enright, Éilis Ní Dhuibhne agus Alan Titley na moltóirí.

Leabhar nua dánta i gcló ag Cathal Ó Searcaigh

Is é Aimsir Ársa (Arlen House) an cnuasach filíochta is nuaí leis an fhile, Cathal Ó Searcaigh.

Tá os cionn 40 dán nua sa leabhar agus saothar ealaíne le Ian Joyce mar chompánach leis an téacs.

Pléann an Searcach leis na téamaí traidisiúnta ar fad a tharraing aird air an chéad lá riamh.

Agus níor chaill sé a acmhainn ghrinn ach an oiread faoi shaol na Gaeilge agus é ag scríobh in Gaelachas:

Nach aoibhinn bheith i gClub an Chonartha,

ár ndún faoi thalamh, ár dtearmann teann;

anseo tá muid saor ó bhaol an Bhéarla, scartha

ón tsaol ar nós ár ngaolta na Tuatha Dé Danann.

Pionta agus comhrá i measc an phobail cheilte.

Gradam do scríbhneoir Chorcaí