Ceardlann Feirste

Tá an compántas amharclainne Aisling Ghéar ag eagrú ceardlann scríbhneoireachta Dé Sathairn ag 10

Tá an compántas amharclainne Aisling Ghéar ag eagrú ceardlann scríbhneoireachta Dé Sathairn ag 10.30am i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste.

Is é Dave Duggan a bheidh i mbun na ceardlainne agus níl costas ar bith ag baint leis an ócáid do rannpháirtithe. Ghnóthaigh Duggan ainmniúchán Oscar as a script, Dance Lexy Dance. Is ar an scríbhneoireacht ardáin a bheidh an cheardlann dírithe don chuid is mó.

Dúirt stiúrthóir Ealaíne Aisling Ghéar, Bríd Ó Gallchóir, gur "mhithid agus gur ghá ag an am seo beart faoi leith a dhéanamh chun scríbhneoirí a chur ag scríobh don ardán Gaeilge, agus chun feidhm a bhaint as an amharclann Ghaeilge mar mheán chun scéal bhunadh na Sé Chontae a insint."

Eolas: 048-90208040.