Bia agus dan

Beidh deis ag lucht na Gaeilge i gCo Cill Mhantáin páirt a ghlacadh sa Bhéile Draíochta, oíche Dhomhnaigh ag 7 p.m

Beidh deis ag lucht na Gaeilge i gCo Cill Mhantáin páirt a ghlacadh sa Bhéile Draíochta, oíche Dhomhnaigh ag 7 p.m. i mbialann Seanchara, Bóthar na Trá, Bré.

Is ócáid mhíosúil í an tráth bia a thugann deis don phobal eolas a chur ar fhilíocht. Is é Louis de Paor a bheidh ag léamh. Béile trí chúrsa a bheidh ar fáil ar €25. Eolas: 01-8553619 nó anbealbinn@oceanfree.net